Deireadh le riachtanas an fhéinleithlisithe do pháistí scoile ar na bacáin

Chinn an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu go gcuirfí comhairle ar an Rialtas gur féidir leanúint ar aghaidh leis an bplean fáil réidh leis na srianta deireanacha Dé Luain seo chugainn

Deireadh le riachtanas an fhéinleithlisithe do pháistí scoile ar na bacáin

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

D’fhéadfadh nach mbeadh gá le féinleithlisiú feasta i gcás páistí scoile a mbíonn gartheagmháil acu le duine a bhfuil Covid-19 air.

Tuairiscítear go bhfuil an méid sin i measc na moltaí ar thug NPHET a mbeannacht dóibh ag cruinniú inniu.

Chinn an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go gcuirfí comhairle ar an Rialtas gur féidir leanúint ar aghaidh leis an bplean fáil réidh leis na srianta deireanacha Dé Luain seo chugainn.

Tuairiscítear ar RTÉ.ie gur ag deireadh na míosa a chuirfí deireadh leis an riachtanas féinleithlisithe i gcás na bpáistí scoile.

Rachfar ar aghaidh leis an bplean sin mura dtéann scaipeadh an ghalair sna scoileanna in olcas idir an dá linn.

Meastar go bhfuil thart ar 10,000 dalta faoi 18 bliain sa bhaile ón scoil faoi láthair toisc gur gartheagmhálaithe iad agus go bhfuil 1,200 dalta á n-aithint mar ghartheagmhálaithe gach lá.

Tuairiscítear gur cinneadh ag cruinniú NPHET chomh maith inniu nach mbeadh gá ag páistí faoi 13 bliain d’aois masc a chaitheamh.

Pléadh chomh maith an fhianaise is déanaí faoi úsáid tástálacha antaigine agus na háiteanna go bhféadfaí leas a bhaint astu.

Fág freagra ar 'Deireadh le riachtanas an fhéinleithlisithe do pháistí scoile ar na bacáin'

  • R Seoighe

    An Eacnamaíocht, sin bun agus barr dhearcadh an rialtais. Déanaimis gach rud a chabhróidh leis an eacnamaíocht, adeirid, agus má chabhraíonn sé le scaipeadh an víris agus má dhéanann sé dochar do mhuintir na tíre, idir óg agus aosta, déanaimis dearmad ar an ndochar!

    Mo náire an rialtas reatha, agus mo náire gach duine a thabharfaidh vóta dosna daoine atá páirteach ann sa chéad olltoghchán eile.