Dearcadh phobal na hÉireann i leith na Gaeilge le foilsiú i dtorthaí taighde nua

An comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks a rinne an suirbhé do Chonradh na Gaeilge agus foilseofar na príomhthorthaí go heisiach ar Tuairisc ón lá amárach ar aghaidh

Dearcadh phobal na hÉireann i leith na Gaeilge le foilsiú i dtorthaí taighde nua

Tá torthaí pobalbhreith nua ar dhearcadh an phobail uile-oileánda ar an nGaeilge déanta ag an gcomhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge agus foilseofar na príomhthorthaí go heisiach ar Tuairisc le linn na seachtaine seo romhainn.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas. Scrúdaíodh freisin muinín an phobail maidir lena gcumas teanga.

Críochnaíodh an taighde don phobalbhreith seo i mí Feabhra sa dá dhlínse, thuaidh agus theas.

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh.

Daoine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó thuaidh agus ó dheas. Rinneadh 1,645 agallamh ar líne ó dheas agus ba é an líon samplach ó thuaidh le teacht leis an sampla ó dheas ná 1,051 duine fásta. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Tá suirbhé den chineál seo coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge le roinnt blianta anuas ach, mar gheall ar shrianta Covid athraíodh an mhodheolaíocht in 2020 ó shuirbhé duine le duine go suirbhé ar line. Chomh maith leis, is é Ireland Thinks a rinne an suirbhé ar líne i mbliana in áit an chomhlacht Kantar, a rinne roimhe seo é idir 2015 agus 2022.

Dá bhrí sin, deirtear gur chóir a bheith cúramach agus rabhadh a thabhairt sula nglacfaí le comparáidí leis na torthaí roimh 2020 agus roimh 2023, mar gheall nach féidir comparáid dhocht a dhéanamh eatarthu.

Foilseofar príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge mar shraith scéalta go heisiach ar Tuairisc ag tosú maidin amárach.

Fág freagra ar 'Dearcadh phobal na hÉireann i leith na Gaeilge le foilsiú i dtorthaí taighde nua'