Dearbhaithe ag Ceannasaí RTÉ go bhfuil sé mar rún aige tabhairt faoin neamhréir pá i Raidió na Gaeltachta

Dúirt Kevin Bakhurst go raibh ‘infheistíocht mhór’ déanta ag RTÉ i seirbhísí Gaeilge na heagraíochta agus go mbeadh ábhar Gaeilge ina chuid lárnach d’obair na heagraíochta sa todhchaí

Dearbhaithe ag Ceannasaí RTÉ go bhfuil sé mar rún aige tabhairt faoin neamhréir pá i Raidió na Gaeltachta

Tá sé athdhearbhaithe ag ceannasaí RTÉ go bhfuil sé mar rún aige deireadh a chur leis an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais i dTeach Laighean an tseachtain seo, dheimhnigh Kevin Bakhurst go raibh sé ag iarraidh réiteach a fháil ar an neamhréir pá a fhágann go mbíonn daoine in RTÉ a bhíonn ag obair trí Bhéarla ag fáil pá níos mó ná a gcomhghleacaithe a bhíonn ag obair trí Ghaeilge le RnaG.

Moladh i dtuarascáil a choimisiúnaigh an rialtas faoi chúrsaí íocaíochta agus acmhainní daonna in RTÉ, a foilsíodh mí Bealtaine, go bhfaighfí “réiteach” ar an gceist.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Meán Dé Máirt, cheistigh an Teachta Dála Rose Conway-Walsh ó Shinn Féin Bakhurst faoi chás na cothromaíochta pá i RTÉ idir iadsan a bhíonn ag obair i nGaeilge agus iadsan a bhíonn ag obair i mBéarla.

“Tá ceist amháin ann i RnaG i láthair na huaire agus tá muid ag féachaint air sin,” a dúirt Bakhurst. Dúirt sé go raibh “rún” aige féin an scéal a réiteach.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Maidir leis an straitéis nua d’ábhar Gaeilge atá beartaithe i straitéis nua cúig bliana RTÉ, dúirt Bakhurst go raibh sé i gceist ag an eagraíocht níos mó a chaitheamh ar ábhar Gaeilge agus níos mó ábhar Gaeilge a chraoladh.

Dúirt Bakhurst go raibh RTÉ tar éis “infheistíocht mhór” a dhéanamh i seirbhísí Gaeilge na heagraíochta agus go mbeadh ábhar Gaeilge ina chuid lárnach d’obair na heagraíochta sa todhchaí.

Dúirt sé go raibh RTÉ le tuilleadh béime a chur ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí atá mar chúram ar an eagraíocht agus go raibh an Ghaeilge mar chuid de sin.

Mhaígh Bakhurst gur léirigh an t-ardú a bhí tagtha ar líon na gclár i nGaeilge a chraoltar anois ar RTÉ One luath san oíche nuair a bhíonn lucht féachana mór ann an dul chun cinn a bhí déanta i dtaobh craoltaí Gaeilge ar RTÉ.

Fág freagra ar 'Dearbhaithe ag Ceannasaí RTÉ go bhfuil sé mar rún aige tabhairt faoin neamhréir pá i Raidió na Gaeltachta'