Tá dianchuardach farraige ar bun sa tuaisceart agus san iarthuaisceart agus tuairiscí faighte go bhfuil duine ar iarraidh. Stáisiún Cósta Chionn Mhálanna atá ag déanamh comhordú ar an gcuardach i gcomhar le Garda Cósta an Bhuna Bhig, Bád Tarrthála Árainn Mhór agus héileacaptar Rescue 118 an Gharda Cósta a bhíonn lonnaithe i Sligeach.
Tuigtear go bhfuil an té a bhí ag cadcáil ar iarraidh ón oíche aréir, Déardaoin.
Cuireadh tús leis an gcuardach aréir nuair a chaith an héileacaptar Rescue 118 dhá uair an chloig i ndiaidh an mheán oíche ag eitilt thart ar oileán Ghabhla sular fhill siad ar Shligeach.
Le moch maidine inniu thug Garda Cósta an Bhuna Bhig agus criú bhád tarrthála Árainn Mhór faoin gcuardach mór arís agus an ceantar cuardaigh leathnaithe go bá Ghaoth Dobhair agus thart ar Oileán Thoraí.
Tá cuidiú leis an gcuardach á chur ar fáil ag héileacaptar de chuid Gharda Cósta na Ríochta Aontaithe, Rescue 199 as Prestwick in Albain agus ag Areárthach Patról Muirí CASA le Aerchór na hÉireann.
Táthar ag súil go mbeidh héileacaptar eile leis an nGarda Cósta, an R116 a bhíonn lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ag teacht le cuidiú leis an gcuardach fada fairising.
Fág freagra ar 'Dianchuardach ar siúl do chadhcóir atá ar iarraidh amach ó chósta Ghaeltacht Thír Chonaill '