Cuireadh ar ceal rang Gaeilge i gcontae Dhoire nuair a fuarthas bagairt go ndófaí go talamh an halla ina raibh sé le bheith ar siúl.
Bhí an rang Gaeilge do thosaitheoirí le bheith ar siúl Dé Luain seo caite in Halla Peter Thompson sa Charraig Ceasail, halla ar leis an údarás áitiúil, Comhairle Chósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte, é.
De réir tuairisce ar an Irish News ba í an bhagairt ó pharaimíleataigh dhílseacha an halla a dhó a thug ar lucht eagraithe an ranga é a chur ar ceal.
Dheimhnigh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, an PSNI, go raibh bagairt déanta agus go raibh an scéal á fhiosrú chun a fháil amach cad go díreach a bhí i gceist.
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón Dream Dearg, gur “coir fuatha sheicteach” a bhí sa bhagairt a chuir deireadh leis an rang Gaeilge sa Charraig Ceasail. Dúirt sé nárbh í an chéad eachtra “urchóideach” dá leithéid le tamall agus gur údar imní a bhí sa mhéid sin.
Tá an gaeloideachas i mbéal an phobail sa Tuaisceart le tamall mar gheall ar dhílseoirí frith-Ghaeilge. Rinneadh cáineadh géar le déanaí ar an Aire Oideachais, Paul Givan, DUP, as cruinniú a bheith aige le paraimíleataigh dhílseacha, cruinniú ag ar pléadh an plean gaelscoil a bhunú in oirthear Bhéal Feirste.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an Chomhairle Pobal Dílseach (LCC), a dhéanann ionadaíocht ar an UVF, an UDA agus an Red Hand Commando, gur chuir siad in iúl don Aire go raibh siad i gcoinne bhunú na gaelscoile.
Dúirt an Roinn Oideachais go raibh an cruinniú ag an aire leis na paraimíleataigh dhílseacha chun deacrachtaí oideachais i gceantair dhílseacha a phlé.
Dúradh go dtacaíonn Givan le gach cineál scoile, scoileanna Gaeilge san áireamh.
Áedán Dáire Ó Donghaile
Is cúis ollmhór buartha go bhfuil aire rialtais ag bualadh le paraimíleataigh chun cúrsaí oideachais a phléigh! Caithfidh go bhfuil a leithéid de rud mídhleathach (agus ar ndóigh, is maith atá fhios agam nach mbeadh seo ar an chéad uair do pholaiteoirí na sé Chontae droim iomlán a thabhairt ar ciall, réasún agus dlí. Ach ag an am céanna, caithfear é a chur ina áit mar gheall ar rud mar sin! )
Feardorcha Ó Raghallaigh
@Pádraig Ó Tiarnaigh
“Coir seicteach”??? Tá sin i bhfad ró-éasca le rá; ach thar a bheith contúirteach sa gcás seo.
Ní ionad Náisiúnach/Caitliceach Rómhánach é Halla Peter Thompson.
Nach ionsaí fuatha é seo ar ar an bpobal ar fad atá sa bhagairt seo?
Freastalaíonn Preispitéirigh, Anglacánaigh, eachtrannaigh srl srl ar ranganna Gaeilge. Ciallaíonn an focal “seicteach” sa gcás seo go mbaineann an Ghaeilge le Caitlicigh Rómhánacha amháin.