Ní labhraíonn ach 1.6% de dhaoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí an Ghaeilge “i gcónaí” mar chuid dá ndualgais oifigiúla oibre.
I mórshuirbhé nua ar fhostaithe na seirbhíse poiblí, ní dúirt ach 526 duine den 33,000 a d’fhreagair an cheist go labhraíonn siad an Ghaeilge i gcónaí ina gcuid oibre.
De réir thorthaí an tsuirbhé, a rinne Ollscoil na Gaillimhe mar chuid d’fhorbairt an phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge, ní labhraíonn 87.3% d’fhostaithe i gcomhlachtaí poiblí “riamh” an Ghaeilge mar chuid dá gcuid oibre. 1.6% a dúirt go labhraíonn siad go minic an Ghaeilge agus 9.5% a dúirt go labhraíonn siad anois is arís í.
Maidir leis an tseirbhís phoiblí go léir, 28,849 duine as 33,049 a dúirt sa suirbhé nach labhraíonn siad an Ghaeilge ar chor ar bith mar chuid dá ndualgais oifigiúla oibre.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, tá sé mar sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.
An bunleibhéal Gaeilge atá luaite leis an sprioc ná B1 de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha. Sa suirbhé nua, dúirt 13% go raibh an leibhéal sin acu ó thaobh labhairt na Gaeilge agus 12% a dúirt amhlaidh faoin nGaeilge scríofa. Scileanna bunúsacha tuisceana agus labhartha atá i gceist le B1, scileanna a gcaithfeadh duine tógáil orthu chun líofacht sa teanga a bhaint amach.
Dúirt 76% de na rannpháirtithe nach raibh labhairt na Gaeilge ar chor ar bith acu agus 79% nach raibh scríobh na Gaeilge ar chor ar bith acu.
11% a thug le fios go raibh siad “inniúil” i labhairt na Gaeilge agus 9% a dúirt go raibh siad “inniúil” i dtaobh scríobh na Gaeilge.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, léiríonn an taighde neamhfhoilsithe, go ndeir 50% d’oibrithe na seirbhíse poiblí gur mhaith leo cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge.
5% a dúirt go mbíonn siad ag obair trí Ghaeilge cheana féin nó go bhféadfaidís obair trí Ghaeilge.
I mí an Mheithimh a cuireadh faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin acht teanga, a d’ullmhaigh an plean. Beidh an plean á chur faoi bhráid an rialtais go luath.
Mar chuid den phlean náisiúnta, níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos freisin faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge.
Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.
Fág freagra ar '1.6% de dhaoine sa tseirbhís phoiblí a labhraíonn an Ghaeilge gach lá ina gcuid oibre'