Ócáid a bhí urraithe ag TG4 bogtha ó óstán de chuid comhlacht a thacaíonn le saighdiúirí Iosrael

Bhí conspóid mar gheall ar chomhdháil in Óstán an G mar gheall ar an tacaíocht atá tugtha ag úinéirí an óstáin d’arm agus d’Fhorsaí Cosanta Iosrael (IDF)

Ócáid a bhí urraithe ag TG4 bogtha ó óstán de chuid comhlacht a thacaíonn le saighdiúirí Iosrael

Bhog TG4 ócáid a raibh urraíocht á déanamh acu uirthi amach as óstán inné agus iad faoi bhrú mar gheall gur le grúpa óstán a thacaíonn le fórsaí míleata Iosrael é.

Bhí TG4 ina urraí ar sheisiún ag Comhdháil Dhomhanda na Scríbhneoirí Scripte (WCOS) a bhí ar siúl in Óstán an G i nGaillimh an tseachtain seo.

D’athraigh TG4 suíomh an tseisiúin, a bhain leis an ‘éagsúlacht cultúir sa mhargadh domhanda’, ag an nóiméad deiridh ó Óstán an G go dtí láthair in aice láimhe, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

Bhí conspóid mar gheall ar an gcomhdháil, a raibh TG4 ar cheann de na príomhurraitheoirí uirthi, go háirithe mar gheall ar an tacaíocht atá tugtha ag úinéirí an óstáin d’Fhórsaí Cosanta Iosrael (IDF).

Bhí craobh na Gaillimhe d’Fheachtas na hÉireann ar son Dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín (IPSC) ag iarraidh ar an stáisiún Gaeilge tarraingt siar ón ócáid agus gan tacú léi a fhad is a bheadh sí ar siúl in óstán de chuid Fattal Hotels.

Is leis an ngrúpa óstán Fattal Hotels Óstán an G ó ceannaíodh níos túisce i mbliana é. Is é David Fattal bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Fattal Hotels, atá lonnaithe in Iosrael. Tá go leor tacaíochta tugtha ag Fattal Hotels do shaighdiúirí Iosrael agus IDF ó tosaíodh an cogadh is déanaí sa Mheánoirthear.

D’fhiafraigh Tuairisc de TG4 an raibh an stáisiún sásta a bheith ag tabhairt urraíochta d’ócáid atá á reáchtáil in Óstán de chuid Fattal Hotels i bhfianaise an scéala go dtugann an tsraith óstán bia, braillíní, earraí níocháin, agus gineadóirí don IDF chomh maith le lóistín saor in aisce do shaighdiúirí Iosrael.

I bhfreagra a tugadh ar an gceist sin, dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc go ndearnadh an cinneadh tacú leis an WCOS “míonna ó shin” agus go dtarraingeoidh an chomhdháil “aird an phobail ar scríbhneoirí nach mbíonn ag scríobh i mBéarla, rud atá an-tábhachtach [dar le] TG4”.

“Táimid ag iarraidh socrú a dhéanamh faoi láthair an seisiún a bhaineann le ‘Cultural Diversity in an International Marketplace’ a bhogadh chuig láthair eile i gcathair na Gaillimhe chun go mbeidh an-aird air,” a dúradh sa ráiteas.

Bhí an léiritheoir aitheanta Lelia Doolan ceaptha eochairchaint a thabhairt ag an gcomhdháil inné ach bheartaigh sí gan é sin a dhéanamh agus ghlac sí páirt san agóid a bhí ar siúl ag baill den IPSC, Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh na Cogaíochta, agus BDS [Baghcat, Dífheistiú agus Smachbhannaí] an Chláir taobh amuigh den óstán.

Tá ocht n-óstán de chuid Fattal Hotels in Éirinn – Óstán an G agus Leonardo Galway i nGaillimh; Leonardo Cork i gCorcaigh; Leonardo Christchurch, NYX Christchurch, Leonardo Parnell, agus NYC Portobello i mBaile Átha Cliath; agus Leonardo Belfast i mBéal Feirste.

Fág freagra ar 'Ócáid a bhí urraithe ag TG4 bogtha ó óstán de chuid comhlacht a thacaíonn le saighdiúirí Iosrael'

  • Pádraig

    Tá sé íorónta go bhfuil an dream seo ag léirsiú i gcoinne ‘an chinedhíothaithe’ i nGaza a fhad is atá Iaráin ag scaoileadh na céadta diúracán agus drón i dtreo Iosrael agus é ráite ag Ayatollah Khamenei gurb é an sprioc atá aige stát Iosrael a chur de dhroim an domhain.
    Murach córas cosanta Iosrael (an Iron Dome, cuir i gcás) bheadh na mílte sibhialtach Iosraelach maraithe agus damáiste gan áireamh déanta don tír.
    Agus deir lucht agóide gurb é Iosrael máthair gach oilc sa Mheánoirthear! Seans gurbh fhearr leo dá leagfadh Iosrael síos a gcuid arm chun ligeant dá naimhde é a scriosadh!

    Díol suime é freisin go dtograíonn Tuairisc.ie díriú ar mhionléirsiú in aghaidh Iosrael agus nach bhfuil faic scríofa faoin ionsaí is déanaí ón Iaráin.

  • Pat Butler

    Iontach! Tá an rud ceart déanta ag TG4 – i ndeireadh na dála. Agus comhghairdeachas le gach éinne a thug an scéal seo chun solais.
    Fair play duit, a Lelia! Níor chaill tú riamh é!
    No Pasarán!

  • Cabríní de Barra

    Tá an-áthas orm go bhfuil TG4 tar éis an cinneadh seo a dhéanamh. Níor chóir go mbeadh tacaíocht ar bith tugtha ag duine ar bith, am ar bith don Iosráil chomh fhad is a leanann siad leis an cinedhíothú i nGaza agus ag ionsaí cearta phobal na Palaistíne go laethúil.

  • Gaeil ar son Gaza, Rinn Ó gCuanach

    Maith iad TG4. Tá siad le moladh as an gcinneadh ceart a ghlacadh. Tréaslaímid leo as an gceannródaíocht agus an dea-shampla atá tugtha acu do lucht gnó agus don phobal i gcoitinne. Agus tréaslaímid le Tuairisc as aird a tharraingt ar an scéal.

  • Bertie Ó hAinmhire

    Thar barr. Tá sé de dhualgas orainn uile gach iarracht a dhéanamh chun stop a chur le gníomhaíochtaí stáit bhradaigh a chleachtann – de réir tuairiscí oifigiúla – cinedhíothú, cinedheighilt, glanadh eitneach, pianos comhchoiteann, géarleanúint laethúil agus gach cineál sárú ar chearta daonna gan pianos dá laghad! Ionsaithe barbartha dírithe ar sibhialtaigh, polasaí láidir cóilínithe ag rialtas lán le hantoisceacha agus fiú coirpigh aitheanta. Ní hamháin go bhfuil sé seo míthráthúil ó thaobh na moráltachta de, is léir go bhfuil sé mídhleathach freisin (féach tuairim an ICJ) agus tá géarghá le gníomhaíochtaí anois chun stop a chur leis an gcóilíneachas leanúnach, coireanna in aghaidh na daonnachta, lonnaíochtaí mídhleathacha agus gníomhaíochtaí eile an Stáit bhradaigh seo.

  • Mícheál

    Maidir lena bhfuil le rá ag Pádraig thuas … Is ait liom nach cás leat an 42,000 (ar a laghad) atá maraithe ag arm brúidiúil Iosrael sa Phalaistín le bliain anuas, ar mhná agus páistí iad 70% acu. Is aite fós liom go gcuireann tú an focal cinedhíothú in uaschamóga, ós rud é go maíonn a n-airí rialtais féin gurb é sin go díreach atá ar siúl acu (féach leat ráitis Itmar Ben Gvir, Yoav Gallant agus a gconairt) … Agus is seanchleas caite é d’iarracht fócas na ceiste a dhíriú ar ábhar eile. Rinne TG4 an rud ceart. Tá David Fattal (úinéar an g Hotel) ag tacú le haonad laistigh d’arm Iosraeil a bhfuil céasadh, ciapadh gnéis agus dúnmharú príosúnaigh curtha ina leith. Ceiliúrann Fattal agus bronnann sé tabhartais mhaoine agus eile don Netzah Yehuda, drong atá i bhfad níos brúidiúla ná mar a bhí na Dúchrónaigh in Éirinn. Dúisigh, a chara! Agus taobhaigh leis an gceart seachas an neart.

  • Mícheál

    Dála an scéil, a Phádraig … tá seanleabhar reiligiúnda agam sa bhaile ina ndeirtear liom go bhfuil cead agam seilbh iomlán a ghlacadh ar do theach – glacaim leis nár mhiste leat dá gcnagfainn ar do dhoras amach anseo agus an ceart sin a éileamh? D’fhéadfainn ainm cúpla óstán compordach a mholadh duit!

  • Odí Ní Chéilleachair

    Tá cnámh droma ag dream éigint! Maith sibh, TG4, dhein sibh an rud ceart. Buíochas chomh maith leosan a tharraing aird ar an gceist seo.

  • Áedán Dáire Ó Donghaile

    Seafóid ghlan a Phádraig! Níl pioc den íorón ag baint leis. Bhí daoine ag léirsiú in éadan na cinedhíothaithe a bhfad sular sheol an Iaráin diúracáin go hiosrael. Agus beidh siad/muid ag léirsiú arís beag beann ar caidé a dhéanann an Iaráin.
    Muidne ag glacadh seasamh shíochánta, an Iaráin ag glacadh seasamh míleata, agus tá tú ag gearán faoin dá rud. Dia ár sábháil tá tú deacair a shásamh!
    Ceist agam ort; cad chuige a bhfuil scannal ort fá dhiúracáin díreach anois? An raibh siad inghlactha nuair nach raibh a bpléascadh ach scoileanna agus ocharlanna i Gazza?

  • Fearn

    Tacaím le gníomhaíocht ThG4 baghcat na Síónach a chur i bhfeidhm in Éirinnfiú más neamhinphíonós iad sa MheánOirthear, dá mb’fhíor dóibh féin.
    Bailíonn brobh beart.