Tá plé fós ar siúl faoi mhaoiniú éigeandála don teach foilsitheoireachta Coiscéim, a deir go bhfuil siad i mbaol a ndúnta.
Níor éirigh anuraidh le hiarratas Coiscéim faoi scéim maoinithe trí bliana Fhoras na Gaeilge ach deir an eagraíocht teanga go ndéanfaidh siad iarracht tacú leis an teach foilsitheoireachta go dtí go bhfógrófar an chéad scéim eile faoi cheann dhá bhliain.
Bhunaigh an staraí agus scríbhneoir Pádraig Ó Snodaigh an teach foilsitheoireachta Coiscéim sa mbliain 1980 agus tá nach mór dhá mhíle teideal curtha i gcló acu ó shin i leith. Is é mac Phádraig, Feargus Ó Snodaigh atá i mbun riarachán laethúil an chomhlachta anois.
“Tá an baol dúnta ann i gcónaí de bharr go raibh muid ag brath ar an maoiniú chun na leabhair a chur i gcló agus bhí maoiniú breise ag teacht ón bhForas chun na leabhair a stóráil. Murar féidir íoc as stóráil leabhar céard is féidir a dhéanamh leo?” a deir Feargus Ó Snodaigh.
Dúirt Foras na Gaeilge anuraidh gurbh oth leo nár éirigh le Coiscéim “critéir” na scéime a chomhlíonadh ach go bhféachfaí le maoiniú eisceachtúil a chur ar fáil don chomhlacht in 2024.
Dheimhnigh Foras na Gaeilge do Tuairisc an tseachtain seo go bhfuil an maoiniú “eisceachtúil” sin fós á phlé acu le Coiscéim.
“Tá plé go fóill ar siúl faoi mhaoiniú bliana do 2024, agus déanfar iarracht tacú le Coiscéim le linn bhlianta eile na scéime reatha, cé nach féidir cinnteacht a thabhairt faoin maoiniú sin,” a dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.
Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh deis ag Coiscéim cur isteach ar an gcéad scéim eile, 2027 – 2029.
Tá fáilte curtha ag Feargus Ó Snodaigh roimh an tairiscint atá tagtha ón bhForas ar thacaíocht “eisceachtúil”.
“Tá muid buíoch go bhfuil an Foras sásta maoiniú eisceachtúil a chur ar fáil dúinn agus tá dóchas againn go dtiocfar ar réiteach faoin iarratas go luath.”
Tá cáil ar leith ar Coiscéim mar fhoilsitheoir a chuireann cnuasaigh filíochta i gcló agus tá cnuasaigh foilsithe acu le Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Caitlín Maude agus go leor eile.
“Faraor beidh roinnt údar agus diúltófar dóibh i mbliana mar ní bheidh muid in acmhainn na leabhair a chur i gcló,” a dúradh.
Foilsíonn Coiscéim réimse leabhar eile -úrscéalta, cnuasaigh ghearrscéalta, cuimhní cinn agus leabhair neamhfhicsin eile. Ba iad a d’fhoilsigh an t-úrscéal El le Thaddeus Ó Buachalla a bhuaigh Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana Fhoras na Gaeilge 2022.
“Tá muid ag treabhadh linn ach tá imní orainn go dtiocfaidh ardú praghas ar na leabhair. Cuireann sé faoi bhrú muid mar go bhfuil leabhar dár gcuid ar an gcuraclam scoile agus caithfidh muid sin a chomhlíonadh nó teipfidh ar an gcomhlacht. Bheadh stoc ollmhór ansin le láimhseáil.”
WTF
Gaisce agus éacht thar beart déanta ag Pádraig sa ghnó seo.
Cuirtear fios ar Michael D láithreach.
Mairéad Ní Oistín
Sárobair déanta ag Pádraig agus ag Feargas le Coiscéim, ba mhór an trua é dá n-imeodh an comhlacht seo, a bhfuil sár-leabhair foilsithe aige – go háirithe leabhair filíochta ó 1980 I leith.