Bridget Bhreathnach
Tá ardán nua ar líne, ‘Save Our Speech’, seolta ag an rapghrúpa Kneecap chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Páirtnéireacht atá san ardán idir Tri-Art Film agus rapálaithe Bhéal Feirste.
Tugann sé deis do chuairteoirí focal Gaeilge ón suíomh a roghnú agus a ‘uchtú’ agus a bheith mar chaomhnóir ar an bhfocal ina dhiaidh sin. Cuirtear rogha focal i nGaeilge ar an suíomh i mbearta 50 focal agus gach focal acu léirithe ina gceann agus ina ceann.
Taispeántar na focail ceann ar cheann ar ghrafaicí cearnógacha. Léirítear gach focal i dtéacs ar dhath dubh agus cearnóg bhuí sa gcúlra. Féadfaidh cuairteoirí focal a roghnú is an íomhá a íoslódáil go dtí a ngaireas digiteach féin. Moltar do dhaoine na híomhánna a phostáil ar Instagram agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas an ghrúpa @KNEECAP32
Is éard a bheidh scríofa ar an bpostáil ná: “I have adopted a word and committed to being its protector and messenger for the rest of my life. With every language that dies, a universe dies. By adopting a word, I am ensuring that the Irish language has a bright future ahead.”
Tá forógra ar an suíomh ina ndéantar cur síos ar an aidhm atá leis an ardán. Mínítear sa bhforógra, atá scríofa i mBéarla, go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na teangacha domhanda atá i mbaol agus gur gá í a cosaint. Tarraingíonn an forógra aird ar thábhacht chultúr an cheoil agus an focal béil i gcur chun cinn na teanga.
“Níl bealach níos fearr le beocht a thabhairt don teanga ná trí chultúr, ceol agus an focal béil. Sin bun agus barr an scéil ag Kneecap. Trí fhocal Gaeilge a uchtú déanann tú cinnte go mbeidh tú mar chosantóir aige agus súil a choinneáil air ar feadh an chuid eile de do shaol.”
Phléasc na rapálaithe as Béal Feirste amach ar an stáitse idirnáisiúnta nuair a taispeánadh a scannán KNEECAP den chéad uair ag féile Sundance i mí Eanáir na bliana seo caite.
Thug an grúpa Gradam an Lucht Féachana, NEXT, abhaile leo as Sundance. Ba é an chéad scannán Gaeilge é a bhuaigh duais ag an bhféile cháiliúil.
Chuir lucht éisteachta na Gaeilge eolas orthu ar dtús lena gcéad singil C.E.A.R.T.A. a eisíodh sa mbliain 2017. D’eisigh siad a gcéad albam ‘Fine Art’ mí Mheithimh na bliana seo agus chuir criticí agus éisteoirí fáilte mhór roimhe.
D’fhógair Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) i mí Lúnasa gur roghnaíodh an scannán KNEECAP chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcatagóir na bhfadscannán idirnáisiúnta ag an 97ú Academy Awards atá ar na bacáin.
Tá ‘Save Our Speech’ ag an nasc seo.
Concubhar
Cad atá i gceist le ‘Ireland and North of Ireland’? North of Ireland, tá farraige fairsing agus Alba.