Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Buiséad suarach é seo ó thaobh chás na Gaeilge de'

  • Pól Ó Braoin

    Tuigeann madaí na sráide é gur cuma leis an rialtas atá faoi láthair ann againn faoi chúrsaí Gaeltachta nó faoi chúrsaí Gaeilge. Seans ann nach bhfuil dóthain vótaí le bailiú i measc mhuintir na Gaeltachta ná i measc cainteoirí Gaeilge na tíre seo, agus mar sin is féidir iad a chaitheamh uilig i leataobh. Is mór an trua é ach in áit na leithphingne a bheidh muid go deo faoin rialtas seo. B’shin é mo thuairimse féin ar aon chaoi agus mé ag breathnú ar chúrsaí mar atá siad faoi láthair.