Déanfaidh Éire an beart arís i nDún Éideann an deireadh seachtaine seo

Níor chaill Éire i nDún Éideann ó 2017 agus bhuail muid Albain i ndeich gcluiche i chuile chomórtas ó shin

Déanfaidh Éire an beart arís i nDún Éideann an deireadh seachtaine seo

Chríochnaigh na trí chluiche i mBabhta 1 sa gcomórtas Sé Náisiún agus an toradh a raibh súil leis i ngach ceann. Bua éasca, ró-éasca go deimhin, do na Francaigh i gcoinne na mBreatnach i bPáras ar an Aoine agus dhá bhua baile eile, ag Albain agus Éirinn, ar an Satharn, cé go raibh scaití ann sna cluichí sin nuair a bhí orthu a míle dícheall a dhéanamh chun an freasúra a cheansú.

Níl sé chomh héasca céanna tuar a dhéanamh maidir leis an dá chluiche a bheas á n-imirt i mBabhta 2 den chomórtas inniu.

Tugann an Iodáil agus an Bhreatain Bheag, dhá fhoireann a chaill i mBabhta 1, faoina chéile sa Róimh inniu agus an spúnóg adhmaid go mór ag bagairt ar pé foireann a chaillfidh an choimhlint seo. Ar fhianaise an taispeántais a thug na foirne seo uathu i mBabhta 1, cheapfá gur le foireann an bhaile atá na buntáistí ar fad.  Thug siad a ndóthain le déanamh d’Albain le linn an dara leath seachtain ó shin agus bhí sprid agus patrún ag baint lena gcuid iarrachtaí. Cuimhnigh freisin gur bhuail siad na Breatnaigh i gCaerdydd anuraidh.

Bhí foireann Warren Gatland trína chéile i bPáras.  Níor éirigh leo oiread agus pointe amháin féin a chlárú agus ghéill siad breis agus dhá scór do na Francaigh, foireann a bhí go hiomlán i mbarr a maitheasa. Tá mé ag claonadh i dreo na nIodálach sa gcoimhlint seo ach san airdeall mar sin féin maidir leis na Breatnaigh. Tá a fhios ag Gatland gurb é seo an deis is fearr atá ag a fhoireann bua a chlárú.  Tá Éire, Sasana agus Albain amach rompu fós.

Is i Londain tráthnóna inniu a bheas cluiche an deireadh seachtaine idir Sasana, a chaill  i mBabhta 1, agus na Francaigh a bhí dochreidte sa mbabhta céanna. Mar sin féin,  thug na Sasanaigh tástáil mhaith d’Éirinn sa gcéad leath agus chríochnaigh siad go láidir seachtain ó shin.  Is cinnte go mbeidh siad ar thóir an chur chuige céanna arís inniu. Ach má imríonn na Francaigh mar a rinne siad i gcoinne na mBreatnach, is deacair a shamhlú go stopfaidh Sasana iad, fiú agus iad sa mbaile.

Amárach in Murrayfield tabharfaidh Éire faoi Albain agus iad sa tóir ar bhua eile i nDún Éideann. Níor chaill muid sa gcathair sin ó 2017 agus bhuail muid Albain i ndeich gcluiche i chuile chomórtas ó shin. Is cinnte go bhfuil go leor le cur ina cheart ag Éirinn ón gcéad leath sin i gcoinne Shasana, a bhí údarásach agus críochnúil ina gcuid imeartha sa dara leath seachas na ceithre nóiméad sin nuair a bhí an t-am á mheilt agus nuair a ghéill siad dhá úd do na cuairteoirí.

Tá súil agam nach mbeidh an dá phointe dhéag sin róthábhachtach má bhíonn comhaireamh le déanamh ag deireadh an chomórtais. Ní haon ábhar iontais nach bhfuil mórathruithe ar fhoireann na hÉireann don chluiche seo.

Níl ach dhá athrú i measc an chúigear déag a thosaigh i gcoinne Shasana seachtain  ó shin, sin Henshaw sa lár páirce agus O’Mahony sa líne chúil. Tá an bheirt a thosaigh sa gcéad chluiche, Ringrose agus Baird, ar an mbinse. Tá mé cinnte go dtabharfaidh ár ngaolta Ceilteacha tástáil mhaith orainn ach tá dóchas agus muinín agam go mbeidh dóthain sa mála againn thar ochtó nóiméad chun an beart a dhéanamh arís an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Déanfaidh Éire an beart arís i nDún Éideann an deireadh seachtaine seo'