Tá dealbh den scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain le nochtadh i gConamara an mhí seo chugainn.
Tá an dealbh lánmhéide cré-umha curtha in airde ar an Spidéal, baile dúchais an Chadhanaigh, agus súil go ndéanfar í a nochtadh go hoifigiúil go luath.
Tá an dealbh faoi chlúdach plaisteach i láthair na huaire agus í ar an Airdín Buí, plásóg atá díreach taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil. Tá leac le hainm an scríbhneora taobh leis an dealbh.
Iontaobhas Uí Chadhain a shocraigh an dealbh d’údar clúiteach Cré na Cille a chur in airde chun comóradh a dhéanamh air. Is é an dealbhóir Alan Ryan Hall, atá ina chónaí in Oileán Dairbhre, a rinne an dealbh.
Chuir Údarás na Gaeltachta, Cumann Forbartha Chois Fharraige agus síntiúsóirí éagsúla an t-airgead ar fáil chun an dealbh a chruthú. Measadh go mbeadh costas suas le €50,000 ar fad ag baint léi.
Bhí an dealbh le nochtadh in 2020, leathchéad bliain ó bhásaigh an Cadhanach, ach cuireadh cúrsaí ar athló mar gheall ar an bpaindéim. Nochtfar an dealbh anois ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl go luath ar an Spidéal agus é i gceist go mbeadh aíonna speisialta i láthair mar chuid den ócáid.
Bunaíodh Iontaobhas Uí Chadhain i 1996 chun cúram a dhéanamh do shaothar an scríbhneora agus chun a chuimhne a chothú.
Tá fód dúchais an Chadhanaigh ar an gCnocán Glas ar an Spidéal ceannaithe ag an Iontaobhas agus é beartaithe ionad cuartaíochta agus ionad d’ealaíontóirí a thógáil ansin.
An Teanga Bheo
Thar ama é seo san iarthar i nGaillimh.
Pádraic
I bhfad thar am! Cén chaoi nár cuireadh a leithéid in airde cheana agus é ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann?!