‘De réir cosúlachta, míchlú a chur orm an aidhm a bhí ann’ – Catherine Martin cáinte ag Siún Ní Raghallaigh

Deir Siún Ní Raghallaigh nárbh fhéidir léi fanacht ina tost faoin tslí a deir sí ar fágadh í gan aon rogha aici ach éirí as a ról mar chathaoirleach ar Bhord RTÉ

‘De réir cosúlachta, míchlú a chur orm an aidhm a bhí ann’ – Catherine Martin cáinte ag Siún Ní Raghallaigh

Deir iarchathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh nárbh fhéidir léi fanacht ina tost faoin tslí a deir sí ar fágadh í gan aon rogha aici ach éirí as a ról.

D’éirigh Ní Raghallaigh as an gcathaoirleacht i ndiaidh agallamh teilifíse Aire na Meán Catherine Martin inar dhiúltaigh sí muinín a léiriú san iarchathaoirleach agus inar chuir sí in iúl go raibh “díomá” uirthi léi toisc gur chuir sí eolas míchruinn ar fáil faoi phacáistí scoir in RTÉ.

I ráiteas a chuir sí amach tráthnóna, dúirt Siún Ní Raghallaigh:

“Má bhí cinneadh déanta ag an Aire nár theastaigh uaithi go bhfanfainn mar chathaoirleach, bhí an cead sin aici. Mar sin féin, ní fhéadfainn fanacht i mo thost faoin dóigh ar fágadh mé gan aon rogha agam ach éirí as, rud, de réir cosúlachta a raibh sé mar aidhm aige míchlú a chur orm.”

Deir iarchathaoirleach Bhord RTÉ gurb é an taithí a bhí aici ar Catherine Martin le 15 mí anuas ná gurbh é an cur chuige a bhí aici mar Aire ná gan aon bhaint dhíreach a bheith aici féin le cúrsaí ach an riarachán a fhágáil faoin a hoifigigh.

Deir Siún Ní Raghallaigh go raibh sí den tuairim gur seanscéal a bhí i bpacáiste scoir Richard Collins, iar-phríomhoifigeach airgeadais RTÉ, nó gur cheistigh Catherine Martin í faoi ag dhá chruinniú coicís ó shin.

“Tháinig na ceisteanna a cuireadh orm faoi na pacáistí scoir ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite aniar aduaidh orm mar ag trácht arís a bhíothas ar cheist ar déileáladh léi cheana. Chuir sé mearbhall orm agus cuireann i gcónaí go mbeifí ag caint faoi seo cúig mhí níos déanaí,” arsa Siún Ní Raghallaigh.

Deir sí nár thuig sí ar chor ar bith cén fáth go mbeifí ag caint i mí Feabhra 2024 faoi cheist ar déileáladh léi ar an 10 Deireadh Fómhair, a raibh plé fada fúithi ag cruinniú den Choiste um Chuntais Phoiblí ina dhiaidh sin ach nach raibh aon trácht uirthi idir an dá linn.

Deir Siún Ní Raghallaigh gur beag plé a bhí aici mar chathaoirleach le hAire na Meán agus na Gaeltachta.

“B’fhéidir gurb é atá leagtha amach i leabhar na rialacha faoin dea-rialachas gur gnáthrud é go mbeadh teagmháil go rialta ón tús idir an t-aire agus an cathaoirleach, ach ní raibh de rogha agamsa ach glacadh leis an nós go mbíodh teagmháil rialta idir an cathaoirleach agus an t-ard-rúnaí.”

Deir  Siún Ní Raghallaigh gur chaith sí gach lá dá tréimhse mar chathaoirleach agus a dícheall á dhéanamh aici chun RTÉ a leasú. Is ar éigean go raibh aon saol pearsanta aici le linn di a bheith sa ról, ar sí.

Deir Siún Ní Raghallaigh nach bhfuair sí aon chuireadh labhairt go díreach leis an Aire an lá go ndeachaigh sí ar Prime Time.

Deir sí gur mhol sí do Roinn na Meán nach gcuirfí litir ón Aire chuici ina gcuirfeadh Catherine Martin a díomá léi in iúl.

Deir Siún Ní Raghallaigh gur dearmad a bhí i gceist le haon eolas mícheart a bheith tugtha aici ar aon cheist ón Aire agus gur ghabh sí leithscéal as an dearmad sin.

“Nuair a thug mé soiléiriú faoin scéal ar an 22 Feabhra, ba é an chéad fhreagra air sin ó na hoifigigh ná a rá liom go raibh díomá ar an Aire agus go mbeadh litir fhoirmeálta á cur chugam chun an méid sin chur in iúl.

“D’iarr mé orthu iarraidh ar an Aire nach seolfaí an litir ó tharla nach chun leas RTÉ a bheadh sé mar, go bunúsach, chuirfeadh sé an cheist seo, ar dhéileáil an coiste íocaíochta léi roinnt míonna roimhe sin,  ar ais i lár an aonaigh, gan aon aidhm dhearfach a bheith leis agus d’fhágfadh sé nach bhféadfainn leanúint ar aghaidh i mo ról mar chathaoirleach.”

Cháin Siún Ní Raghallaigh chomh maith an tAire Martin as folúntais ar bhord RTÉ a bheith fágtha gan líonadh. Dúirt sí gur scríobh sí chuig Catherine Martin i mí Lúnasa le meabhrú di go mbeadh dhá fholúntas ar an mBord go luath, ceann i mí Mheán Fómhair agus ceann i mí Dheireadh Fómhair, agus go mbeadh triúr eile ag fágáil i mí Eanáir.

B’ualach mór le hiompar mar chathaoirleach na folúntais, go háirithe mar gheall ar an easpa saineolais i gcúrsaí airgeadais ar an mbord, a dúirt Ní Raghallaigh.

Tá sé i gceist Cathaoirleach nua Bhord RTÉ agus beirt chomhaltaí eile a fhógairt amárach.

Dúirt Siún Ní Raghallaigh gur bhain sí an-taitneamh as obair le hardstiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst agus an bord agus go raibh siad an-sásta go raibh a gcuid aidhmeanna á mbaint amach acu.

 

Fág freagra ar '‘De réir cosúlachta, míchlú a chur orm an aidhm a bhí ann’ – Catherine Martin cáinte ag Siún Ní Raghallaigh'