David Trimble, buaiteoir Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis

Tugadh Duais Nobel na Síochána do David Trimble agus John Hume an SDLP mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána sa Tuaisceart

David Trimble, buaiteoir Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis

Tá David Trimble, an t-iarChéad-Aire in Stormont a bhuaigh Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis.

Bhí sé 77 bliain d’aois.

Tugadh Duais Nobel na Síochána do David Trimble agus John Hume an SDLP mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána sa Tuaisceart agus an bhaint mhór a bhí acu le Comhaontú Aoine an Chéasta. Bhí Trimble ina cheannaire ar an UUP idir 1995-2005 agus bhí sé ina Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Stormont idir 1998-2002.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go gcuimhneofaí ar David Trimble “mar gheall ar an mbaint an-mhór a bhí aige le hobair na síochána ar ár n-oileán”.

Mhol an Taoiseach Micheál Martin “an ról lárnach” a bhí aige i “sinn a sheoladh ar chosán na síochána agus an athmhuintearais”.

Dúirt Doug Beattie, ceannaire an DUP gur “fathach” i saol na polaitíochta ab ea David Trimble agus gur “fear cróga agus aontachtach agus cara dílis” a bhí ann.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gurbh é an rian a d’fhág David Trimble ar an bpróiseas síochána in Éirinn “oidhreacht bheo” a chuid oibre mar pholaiteoir.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood gur léirigh Trimble “crógacht thar na bearta” le linn na gcainteanna síochána agus nach mbeadh ann do Chomhaontú Aoine an Chéasta dá uireasa.

David Trimble agus a bhean Daphne. Pictiúr: RollingNews.ie

Rugadh David Trimble i mBeannchar i gcontae an Dúin. Scoláire i rannóg dlí Ollscoil na Banríona i mBéal Feiste ab ea é sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht sna 1970idí.

Sula raibh sé ina bhall den UUP bhí sé ina bhall den eagraíocht aontachtach Vanguard.

Ní i gcónaí a bhí Trimble áirithe mar státaire stuama agus bhí a cháil amuigh ar feadh i bhfad mar bhunúsaí aontachtach.

Rud amháin a chuir go mór leis an íomhá sin ná na pictiúir de féin agus Ian Paisley agus iad uillinn ar uillinn go caithréimeach ar cheann pharáid de chuid an Oird Oráistigh ar Bhóthar an Gharbhachaidh le linn aighnis Dhrom Chrí i 1995.

 

Fág freagra ar 'David Trimble, buaiteoir Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leis

  • Brigid

    Ceannródaí na síochána.