Dáta agus socruithe fógartha do mhórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge

Is é seo an chéad mhórshiúl Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ó bhí 2018 ann

Dáta agus socruithe fógartha do mhórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge

Tá dáta agus socruithe eile do mhórshiúl i mBaile Átha Cliath ar son na Gaeilge sa bhfómhar fógartha.

Tá sé deimhnithe ag Conradh na Gaeilge gur Dé Sathairn, 20 Meán Fómhair, an lá atá roghnaithe do ‘CEARTA: Mórshiúl Náisiúnta na nGael’ agus súil ann go mbeidh “na mílte Gael ag dul chun sráide”.

Aontaíodh ag tionól de chuid an Chonartha an mhí seo caite go n-eagrófaí an mórshiúl agus bhí an ócáid á plé ag lucht feachtais ó thuaidh agus ó dheas ó shin.

Is é seo an chéad mhórshiúl Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ó bhí 2018 ann. Reáchtáladh mórshiúlta eile ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste in 2014, in 2017 agus in 2022.

Rachaidh mórshiúl 2025 ó Chearnóg Pharnell tríd lár na cathrach chomh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid.

Tá ceithre mhóréileamh ag lucht eagraithe an mhórshiúil is déanaí seo agus iad ag díriú ar chúrsaí maoinithe, tithíochta, oideachais agus ceart.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go bhfuil mórshiúlta den chineál seo lárnach i stair na Gaeilge agus gur minic pobal na teanga ag éileamh a gceart. Dúirt sé gur féidir “éachtaí a bhaint amach nuair a sheasann muid agus nuair a shiúlann muid le chéile.”

“Níl aon ghníomh níos cumhachtaí ná na mílte Gael ag dul chun sráide,” a deir Ciarán Mac Giolla Bhéin.

“Chonaic muid é seo síos fríd stair na Gaeilge agus na Gaeltachta riamh anall, gur féidir linn, mar phobal, éachtaí a bhaint amach nuair a sheasann muid agus nuair a shiúlann muid le chéile, nuair a thugann muid dúshlán an Stáit, bíodh sin thuaidh nó theas, agus nuair a labhraíonn muid ar aon ghuth amháin,” arsa Mac Giolla Bhéin, atá freisin ina chathaoirleach ar an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga.

“Más mian linn an dá Stát a thabhairt chuig an phointe go mothaíonn siad gur gá dóibh bogadh ar na ceisteanna práinneacha seo, is fúinne atá sé léiriú daofa nach stopfaidh muid go dtí go dtabharfar aghaidh ar an fhaillí éagothrom atá déanta sna blianta roimhe seo agus go dtugann siad cothrom na Féinne, comhionannas agus meas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.”

Dúirt Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge i mBoirche Íochtar, Contae an Dúin, atá mar chuid den ghrúpa atá ag eagrú an mhórshiúil. go bhfuil gá le hócáid náisiúnta chun aird a tharraingt ar na dúshláin atá ann don Ghaeilge agus lucht a labhartha.

“Agus na grúpaí feachtais ar fud na tíre ag teacht le chéile go mion minic le cúpla bliain anuas, d’éirigh sé níos soiléire le himeacht ama go bhfuil muid i dtréimhse géarchéimeanna, tréimhse chorraitheach a leagfaidh amach an treo taistil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don chéad ghlúin eile.

“Tá éigeandáil mhaoinithe againn. Tá géarchéim thithíochta againn sa Ghaeltacht. Tá mórfhadhbanna oideachais ann ar fud an oileáin agus tá pobail thuaidh theas ag éileamh cearta teanga agus cur i bhfeidhm coimitmintí, gan mórán de thoradh, le fada an lá. Is faoin dá Rialtas atá sé na fadhbanna criticiúla seo a réiteach, ach is fúinne atá sé iad a chur os a gcomhair. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh le teipeanna, le neamhshuim agus le naimhdeas arís agus arís eile. Siúlaimis ar son ar gcearta. Siúlaimis ar son thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta.”

Fág freagra ar 'Dáta agus socruithe fógartha do mhórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge'