Dar le muintir Chorcaí gur acu atá an acmhainn grinn is fearr. An cúis gháirí an méid sin?

LÉIRMHEAS: Má sheachnaíonn ‘The Young Offenders’ gaiste na háiféise d’fhéadfadh an bheirt liúdramán ceann de na sraitheanna grinn Éireannacha is fearr riamh a chur os ár gcomhair

Dar le muintir Chorcaí gur acu atá an acmhainn grinn is fearr. An cúis gháirí an méid sin?

Bíonn gach aon rud níos greannmhaire nuair a deirtear i gcanúint Chorcaí é. Bhuel, b’in tuairim na coitiantachta nuair a tháinig an scannán The Young Offenders os ár gcomhair tuairim is bliain go leith ó shin. Lena chois sin is í tuairim choitianta na gCorcaíoch gur acu atá an acmhainn grinn is fearr, ach sin scéal eile toisc go bhféadfá scannán ann féin a bhunú ar choimpléasc uaisleachta na príomhchathrach ó dheas.

Cé gur scannán caithiseach, an-ghreannmhar ar uairibh, ba ea é ní raibh sé gan locht agus ba mhinc a shleamhnaigh sé i dtreo na háiféise agus na seafóide gan dealramh. Bhí sé bunaithe ar alfraitsíocht bheirt déagóirí Conor (Alex Murphy) agus Jock (Chirs Walley).

Ba é caidreamh agus aisteoireacht na gcarachtar/na n-aisteoirí seo bunchloch agus buaicphointe an scannáin araon. Bhí comhghuaillíocht chumasach eatarthu agus ba mhinic go ndeineadar an scríbhinn i bhfad Éireann níos cumasaí ná mar a bhí sé. Bhí a fhios ag madraí an bhaile go mbeadh táirgí leantacha de shaghas éigin chugainn sara i bhfad.

Seo chugainn comhghuaillíocht idir RTÉ agus BBC le sraith sé chlár a sholáthar ina bhfuil na tréithe céanna le feiscint go rábach. Déantar an t-aistear ón scáileán mór go dtí an scáileán beag a láimhseáil go slachtmhar agus formhór na gcarachtar ar ais ar a seanléim. Cé nach ndéantar neamhaird den scannán ní dhéantar tagairt de ach an oiread agus cuirtear na carachtair agus an comhthéacs inár láthair ar shlí a thugann a bheith istigh dóibh siúd nach bhfaca an scannán.

Ní nach ionadh, is iad gníomhartha buile na beirte máithreacha na sraithe agus sa chéad radharc chímid iad ag goid luaidhe ó bharr foirgnimh agus ar a dteitheadh óna gcéile comhraic, an Garda Healy. Ní nach ionadh bíonn slaiseanna agus carúlacha á gcaitheamh ar dalladh: Conor á rá gurb í an scoil áitiúil an t-aon scoil sa tír a bhfuil meaisín coiscíní ann agus an mháthair ag fiafraí den phríomhoide an bhfuil meaisín toitíní sa scoil chéanna.

Is maith go bhfuil an suíomh scoile, leis an iliomad carachtar agus éigiall, tarraingthe isteach sa chúram. Beirt charachtar suimiúla iad iníonacha an phríomhoide, P.J Gallagher (an t-aon duine sa chliar a d’athraigh ról). Is cinnte go mbainfear an-adhmad as an suíomh agus as na carachtair seo sna gálaí atá le teacht. Bhí an mhír idir Conor agus an iníon den chine dubh nótáilte ar fad. Is léir chomh maith go mbeidh ról níos lárnaí ag máthair Conor agus is mithid sin óir gur carachtar stuifiúil í agus aisteoir ábalta á léiriú.

Ach oiread leis an táirge bunaidh chuaigh na heachtraí ar bóiléagar ar uairibh. Má sheachnaíonn an tsraith seo gaiste na háiféise d’fhéadfadh an bheirt liúdramán ceann de na sraitheanna grinn Éireannacha is fearr riamh a chur os ár gcomhair.

Fág freagra ar 'Dar le muintir Chorcaí gur acu atá an acmhainn grinn is fearr. An cúis gháirí an méid sin?'

  • leitheoir

    An gcualais fen gCorcaioch go raibh coimpleacs isleachta aige? Cheap se na raibh se ach chomh maith ceanna le gach einne eile.