Dánta le Ó Ríordáin, Ó Direáin is Biddy Jenkinson agus an chéad dán a cumadh sa Ghaeilge á moladh don Ardteist

Tá an NCCA ag lorg moltaí le haghaidh dánta do chúrsa Gaeilge na hArdteiste faoi láthair. Chuir muid ceist ar roinnt Gael faoin dán a mholfaidís….

Dánta le Ó Ríordáin, Ó Direáin is Biddy Jenkinson agus an chéad dán a cumadh sa Ghaeilge á moladh don Ardteist

Aifric Mac Aodha
File

Is é ‘Emigrante’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh an dán a mholfainn féin do chúrsa na hArdteiste. Máthair agus iníon is ábhar don phíosa céanna agus eatarthu déanann siad gné anróiteach de shaol an imirceora a léiriú, céim ar chéim:

(1) Feicimid an t-imirceach óg agus í ag teacht isteach ar theanga úr

(2) Náiríonn a máthair os comhair an tsaoil í nuair a ligeann sí béic uirthi ina dteanga féin

(3) Brúnn an iníon an dúchas inti faoi chois ar eagla na fonóide: ‘Ní bhrisfidh an dúchas/ trína súile go brách’ Tá cara liom ag obair ina mhúinteoir. Deir sé liom go bhfuil seisear déag ina rang aige nach é an Béarla (ná an Ghaeilge) céad teanga a muintire. Shamhlóinn, ar an mbonn sin féin, go spreagfadh an t-ábhar seo an-chomhrá sa seomra ranga. Níos tábhachtaí ná aon ní eile, is dán mór é den chineál a dhéanfadh a nead i gcroí an dalta agus a d’fhanfadh aige a shaol go léir.

Gearóid Denvir
Scríbhneoir

‘Cúl an Tí’ le Seán Ó Ríordáin, dán a labrann leis an duine óg chomh maith leis an duine atá óg i gcónaí ina chroí agus ina spiorad istigh. Tá sé lán le draíocht na samhlaíochta agus na haislingíochta a cothaítear ionainn inár ngasúir agus a shoilsíos an ród dúinn in aistear an tsaoil ach muid a bheith sásta i gcónaí féachaint isteach san aigne linbh sin is filíocht ann dar leis an Ríordánach.

Alan Titley
Scríbhneoir

Molaimse leagan nua-Ghaeilge de ‘Rosc Aimheirgin’ nó ‘Mé Gaoth ar Muir’,

an chéad dán dár cumadh riamh sa Ghaeilge de réir an traidisiúin. Tá’s againn

nach bhfuil sin fíor, ach cén bhaint atá ag an bhfírinne leis an scéal? De réir an

tseanchais is dán é a cumadh nuair a leag an chéad Ghael a chos ar thalamh, nó

ar chladach na hÉireann. Más i gCiarraí féin a tharla sin, níor ghá go

gcuirfeadh sin as do gach aon duine eile. Tá roinnt leaganacha nua-chóirithe

den dán againn, ach tá an ceann a dhein Tomás Ó Floinn in Athdhánta (1969)

chomh maith le haon cheann eile. Dhéanfadh an dán seo ceisteanna faoin nGaeilge, faoi Éirinn, faoin fhilíocht féin a dhúiseacht sa rang, i dteannta é a bheith ina phíosa cumhachtach ealaíne. Bheadh ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí aghaidh a thabhairt ar fhad na Gaeilge sa tír (fad atá níos faide ná an traidisiún féin go fada) agus a thabhairt le fios nach earra í an Ghaeilge a chum lucht oifige d’fhonn pianpháis a chur ar dhaltaí, go raibh sí anseo ó aois na n-aoiseanna, go bhfuil fós, agus go mbeidh fad a rithimid féin.

Bheadh orthu glacadh leis go raibh filíocht ann roimh an nua-fhilíocht, dá fheabhas í, agus gur cosúla go leor den fhilíocht bhunaidh sin le hábhar an lae inniu, gur seanfhilíocht is ea an nua-fhilíocht i seithe eile. Fairis sin, léireofaí dóibh go mbíonn cuid den fhilíocht mistéireach, rúndiamhrach, éagsúil, óir ní thuigeann aon duine ar deireadh cad is brí le ‘Rosc Aimheirgein’.

Agus nach maith sin?

Ciara Cox
Aisteoir agus dalta Ardteiste

Is é an dán a smaoinigh mé air ná ‘Le Linn Ár n-Óige’ le Máirtín Ó Direáin. Is dán é seo atá bainteach le saol daoine óga agus ceapaim go dtuigfeadh daltaí na hArdteiste téamaí an dáin seo go héasca mar gheall go bhfuil sé ag baint lena saol féin faoi láthair. Tá mé féin sa gcúigiú bliain agus is féidir liom a rá gur bhain mé an-taitneamh as an dán seo mar gheall ar na téamaí ábhartha seo. Tá neart íomhánna atá soiléir agus bríomhar le feiceáil sa dán seo chomh maith. Bíonn na híomhánna seo úsáideach nuair a bhíonn orainn ceisteanna a fhreagairt faoi atmaisféar, radharcanna nó tuairimí faoin dán. Is cinnte gur dán é ba cheart a bheith á léamh ag daoine óga agus molaim gur chóir go mbeadh sé le feiceáil ar an chúrsa Ardteiste.

Tristan Rosenstock
Craoltóir

 Nuair a ardaím bailiúchán filíochta a bhí léite agam blianta ó shin, níos minice ná a chéile téann mo shúil chuig dán nár thugas mórán airde air cheana. Beireann dánta áirithe greim ort ag tréimhsí éagsúla de do shaol. Dánta a bhaineann le grá tuismitheora, abair – anois a thuigim i gceart iad. Ach tá dánta áirithe ann a threoraíonn sinn.

Dánta a thugann comhairle luachmhar dúinn. Dánta a bhfuil fírinne dhoshéanta ag baint leo. Dán atá ag cur thar maoil leis an gcomhbhá is ea an dán Ní Ceadmhach Neamhshuim le Seán Ó Ríordáin dán a mheabhraíonn dúinn nach bhfuil ‘áit ar fuaid na cruinne/ nach ann a saolaíodh sinne”’ Ní hamháin go dtaitneodh an dán go mór le daltaí Ardteiste, thabharfadh siad leo tuiscint threisithe ar an gcomhbhá agus ar chosaint an chomhshaoil agus iad ag aois a bhfuil a gcuid luachanna á ndaingniú acu.

Laoighseach Ní Choistealbha
File agus mac léinn PhD in Ollscoil na Gaillimhe

Ba mhaith liom an dán ‘Cook-in’ le Biddy Jenkinson a mholadh mar dhán a d’oirfeadh do chúrsa na hArdteiste. Foilsíodh an dán sa chnuasach Sceilg na Scál (Coiscéim, 2017). Sa dán seo, téann Jenkinson i ngleic le ceann de na topaicí is íogaire sa lá atá inniu ann: ithe na feola agus an córas a sholáthraíonn bia don duine.

Dán dúshlánach is ea ‘Cook-in’, dar ndóigh; ní thugann Jenkinson freagra simplí don léitheoir maidir le fadhb na feola, ach ardaíonn sí ceisteanna maidir le marú na n-ainmhithe, ullmhúchán na feola, agus cearta na n-oibrithe. Cé go n-ardaíonn ábhar an dáin ceisteanna eitice maidir le conas mar a bheathaímid muid féin, ní chreidim go bhfuil friotal an dáin doiléir ná deacair. Dán é a chuirfidh tús le plé bríomhar sa rang, creidim, go háirithe agus ról an duine sa chóras éiceolaíoch i mbéal an phobail.

Fág freagra ar 'Dánta le Ó Ríordáin, Ó Direáin is Biddy Jenkinson agus an chéad dán a cumadh sa Ghaeilge á moladh don Ardteist'

  • Colette nì ghallchòir

    Adhlacadh mò mhàthair.
    Seàn ò rìordàn

  • Seán Ó Tarpaigh

    Ó “Mac Beatha” le Liam Ó Croithshleá ;)

    Amárach is amárach is amárach,
    Trup is trop an ama, lá i ndiaidh lae,
    Ar aghaidh go buille scoir gach clog ar domhan;
    Is gach inné ag soilsiú amadáin

    I dtreo an bháis. Amach, amach a choinnlín,
    Níl sa saol ach scáil faoi shiúl; aisteoir bocht,
    Lena áiféis aerach; geábhaín beag ar stáitse,
    Ansin gan faic ná fríde: níl ann ach scéal
    I mbéal an phleidhce, lán le gleo is glór,
    Ag fógairt tada.

  • Colm Ó hEachthiarna

    Léig dhíot th’airm, a mhacaoimh mná

    Piaras Feiritéar

    Léig dhíot th’airm, a mhacaoimh mná,
    muna fearr leat cách do lot;
    muna léige th’airmse dhíot,
    cuirfead bannaidhe ón rígh ort.

    Má chuireann tú th’airm ar gcúl,
    folaigh feasta do chúl cas,
    ná léig leis do bhráighe bhán
    nach léig duine de chách as.

    Má shaoileann tú féin, a bhean,
    nár mharbhais aon theas ná thuaidh,
    do mharbh silleadh do shúl mín
    cách uile gan scín gan tuaigh.

    Dar leat féin gé maol do ghlún,
    dar leat fós gé húr do ghlac,
    do lot gach aon – tuig a chiall –
    ní fearra dhuit scian nó ga.

    Folaigh orthu an t-ucht mar aol,
    ná faiceadh siad do thaobh bog,
    ar ghrádh Chríost ná faiceadh cách
    do chíoch roigheal mar bhláth dos.

    Folaigh orthu do rosc liath,
    má théid ar mharbhais riamh leat;
    ar ghrádh th’anma dún do bhéal,
    ná faiceadh siad do dhéad geal.

    Ní beag dhuit ar chuiris d’éag,
    cé shaoile nach cré do chorp;
    folaighthear leat th’airm go cóir –
    ná déana níos mó de lot.

  • Pádraig Ó Raghallaigh

    Ba cheart do na daoine a thug na moltaí seo, nó don eagarthóir, nasc a thabhairt leis an áit ar líne a bhfuil na dánta le feiceáil.

  • Edel

    Adhlacadh mo Mháthar – dán álainn a bhrisfeadh do chroí