DÁN: Slán le 2017, seo chugainn 2018

Cuireadh dán scigmhagúil eile chugainn an tseachtain seo ina gcaointear 2017 agus ina gcuirtear fáilte roimh 2018. Ní fios cé a chum…

DÁN: Slán le 2017, seo chugainn 2018

Fáilte 2018

Nár mhaith an bhliain í
Fiche ‘s a seacht déag
’Sé mo mhór-léan é
í ‘nois ’dul i léig.
Tháinig tús ré taoisigh nua
Orthu siúd a d’fhág
Nár fhan nó a d’éag
Lag ’s láidir bog ’s crua.
D’éirigh Trump i Státaí Mheiriceá
‘S Theresa May i Sasana thall
D’fhógair Gerry ná raibh ‘riamh san IRA’
A imeacht fada fhéin ar ball.
Tháinig Leo lán le smaointe
Chuaigh Enda eaglach amach ar féarach
‘s ní raibh Michaelín D ró-chinnte
bheith sa bPáirc arís go haerach.
Fógraíodh plá pleananna teanga
anseo ‘s ansúid ‘s ‘an chaoi sin’
‘s baineadh asainn stad ‘s stangadh
nuair a thréig Trevor Twitter ‘Féin Sinn’.
Ach anois tá Bliain na Gaeilge a’inn
A d’fhógair Santa Joe Mc Hugh
‘S an Foras lena leathmhála lán
gan trácht ar ‘Thórramh Mháire’ fiú.
D’imigh Frances ó roinn an dlí
Sin nó bheadh sé ina thoghchán
’Speáin Micheál Martin péire magarlaí
nuair a cheap cách ná raibh aige ach ceann.
Beidh rudaí ag socrú síos feasta
Na stocaí crochta ’s ‘chuile shórt faoi réir
Mary Lou ‘s Leo ceanúil cneasta
ag tnúth le féiríní anuas an simléar.

Fág freagra ar 'DÁN: Slán le 2017, seo chugainn 2018'

  • Tomas

    Is maith liom é!!

  • Samuel

    “Féin Sinn”….! Sea nó ‘Sinn Féin amháin’ freisin agus nuair nach mbíonn tada ag dó na geirbe/na ngearb aige ach É Féin amháin.