Daltaí scoile as Conamara roghnaithe le dul chun na hEorpa do chomórtas fiontraíochta

Reáchtáladh Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí sna Forbacha i nGaillimh an tseachtain seo agus seacht bhfoireann ó shé scoil Ghaeltachta páirteach ann

Daltaí scoile as Conamara roghnaithe le dul chun na hEorpa do chomórtas fiontraíochta

Ciara Ní Chualáin, Stephen Breathnach, Ciara Ní Mhaoilchiaráin, Dara Ó Cualáin Clíona Ní Dhuinn. Pictiúr: Andrew Downes, xposure.

Beidh daltaí ó iarbhunscoil i gConamara ag tabhairt faoin Eastóin níos deireanaí i mbliana chun a saothar a chur i láthair ansin tar éis dóibh comórtas náisiúnta fiontraíochta a bhuachan.

Daltaí as Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna a bhuaigh Clár na gComhlachtaí 2022 an tseachtain seo, comórtas a bhíonn á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta do dhaltaí idirbhliana i scoileanna Gaeltachta.

An comhlacht Frámaí Chonamara a thug leo an chéad duais sa gcraobh náisiúnta a reáchtáladh sna Forbacha i nGaillimh. Is iad Clíona Ní Dhuinn, Dara Ó Cualáin, Stephen Breathnach, Ciara Áine Ní Mhaoilchiaráin, agus Ciara Máire Ní Chualáin a bhunaigh an comhlacht.  

Is frámaí pearsanta atá á ndéanamh acu le díol mar bhronntanais agus déantar sloinnte agus abairtí i nGaeilge a chur laistigh de na frámaí le dearadh speisialta. Deirtear go bhfuil an-díol ar an táirge ó bunaíodh an gnó agus go bhfuil na frámaí á seoladh ar fud na hÉireann agus thar sáile. Fuair siad tacaíocht agus cúnamh óna múinteoir Róisín Ní Chonfhaola.

Déanfaidh daltaí Scoil Phobail Mhic Dara ionadaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2022 a reáchtálfar i dTaillinn, príomhchathair na hEastóine mí Iúil na bliana.seo

750 dalta as na ceantair Ghaeltachta ar fad a ghlac páirt sna babhtaí cáilithe de Chlár na gComhlachtaí agus seacht bhfoireann as sé scoil a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Náisiúnta.

Chomh maith le Frámaí Chonamara, bhí comhlacht eile, Seodra Mara, ó Scoil Phobail Mhic Dara san iomaíocht don phríomhdhuais. Daltaí ó Ghairmscoil Chú Uladh agus Gairmscoil Mhic Diarmada i nDún na nGall, ó Choláiste Pobail Acla i Maigh Eo, ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí agus ó Choláiste Ghobnatan i gCorcaigh na dreamanna eile a bhain an Chraobh Náisiúnta amach.

Bronnadh Duais Margaíochta agus Airgeadais ar Fhaoiseamh Farraige as Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Déanann an comhlacht seo slabhraí atá bunaithe ar na tránna áille timpeall ar leithinis Chorca Dhuibhne. Tá na slabhraí ceangailte le láithreán gréasáin trí chód QR, agus tríd is féidir teacht ar eolas, scéalta, agus pictiúir de na tránna.

Bronnadh an Duais Nuálaíochta ar Rabhchán Ola don Tanc as Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. Gaireas é seo a léiríonn nuair a bhíonn an leibhéal ola sa tanc ídithe faoi leibhéal áirithe.

Ba iad Sinéad Ní Fhátharta as Údarás na Gaeltachta agus Bernie Ní Shúilleabháin as Telegael a rinne moltóireacht ar Chraobh Náisiúnta na bliana seo.

Rinne Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh comhghairdeachas le Frámaí Chonamara agus leis na daltaí uile a ghlac páirt sa chomórtas. 

“Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ar ais le chéile ag Clár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2022. Léirigh siad a gcuid comhlachtaí go paiteanta agus is cinnte go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Tá muid mórtasach as an tacaíocht a chuirtear ar fáil chun na daltaí a chumasú ó thaobh cúrsaí fiontraíochta agus sin á dhéanamh i gcomhar le Junior Achievement Ireland.”

Fág freagra ar 'Daltaí scoile as Conamara roghnaithe le dul chun na hEorpa do chomórtas fiontraíochta'