Daidí na Nollag agus breis is 100 dalta Gaelscoile ag agóid ag Teach Laighean

Tá bunscoileanna lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ag éileamh ar an Aire Oideachais le roinnt blianta anuas Gaelcholáiste nua a thógáil sa cheantar

Daidí na Nollag agus breis is 100 dalta Gaelscoile ag agóid ag Teach Laighean

Earcaíodh Daidí na Nollag mar chuid den fheachtas iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus grúpa mór daltaí óga bailithe lasmuigh de Theach Laighean.

Bhailigh breis agus 100 dalta ó chúig Ghaelscoil, atá lonnaithe i gceantar scoile Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 taobh amuigh de Theach Laighean agus iad ag éileamh ar an Aire Oideachais Norma Foley iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a thógáil sa cheantar.

I litreacha a scríobh na gasúir chuig Daidí na Nollag, lorg siad Gaelcholáiste don Nollaig agus chan siad trí amhráin Nollag agus na focail athraithe chun a n-éileamh a chur in iúl don Aire.

Dúirt Colm Ó Nualláin, Príomhoide Ghaelscoil Inse Chór, go bhfuil geallúintí maidir leis an nGaeloideachas déanta ag an Rialtas agus gur gá cur lena ngealltanais.

“Gealltar sa Chlár Rialtas go n-oibreoidh an Rialtas i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt agus go gcuirfidh siad Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil in áiteanna a bhfuil éileamh mór ann dóibh,” arsa Ó Nualláin. “Tá 5 Ghaelscoil againn ag lorg Gaelcholáiste inár scoilcheantar. Tá an t-éileamh léirithe againn mar sin agus táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais cloí lena clár Rialtais féin trí thacú le tuismitheoirí agus le daltaí inár bpobal agus Gaelcholáiste a bhunú anois.”

Dúirt Arni Haraldsson, tuismitheoir a bhfuil páistí aige i nGaelscoil Lios na nÓg, gur roghnaigh sé féin agus a pháirtí Gaeloideachas dá bpáistí agus gur mhaith leis go mbeadh siadsan, agus daltaí na scoileanna eile atá páirteach san fheachtas, ábalta leanúint orthu ag fáil oideachas trí Ghaeilge ina gceantar féin ag leibhéal na hiarbhunscoile.

“Tá súil agam go n-éisteann an tAire Oideachais linn an Nollaig seo agus go gceadóidh sí ár mian Nollag go mbunófaí Gaelcholáiste gan a thuilleadh moille inár scoilcheantar,” a dúirt Haraldsson.

 

 

 

Brídín Ní Mhaoilbhín ó Ghaelscoil Inse Chór

 

 

Fág freagra ar 'Daidí na Nollag agus breis is 100 dalta Gaelscoile ag agóid ag Teach Laighean'