Dá olcas é an X-Factóir is measa go mór an W-Factóir

Theip glan ar an ngéarchéim eacnamaíochta, na seifteanna déine, na buiséid phéine, na ciorraithe an ruaig a chur ar ‘Wow’ mar fhorógra sástachta ag muintir na hÉireann

Wow_signal

Táimid go léir (ie. táimse) tinn, tuirseach, traochta den bhfeiniméan sin, an X-Factóir um an dtaca seo. Ar ndóigh, teastaíonn uainn go léir a bheith cáiliúil agus le feiscint ar scáileán na teilifíse ar feadh scaithimh bhig dár saol ach tá teorainn le chuile rud, nach bhfuil?

Mar sin féin, dá olcas é an X-Factóir, is measa go mór an feiniméan eile sin, an W-Factóir. Tá an W-Factóir dochreidte uafásach ar fad. Anois, an dtuigeann éinne agaibh, a léitheoirí, cad is W-Factóir ann? Ní thuigeann! Bhuel, beidh sibh bhúr gciceáil féin nuair a neosfaidh mé daoibh an bhrí atá leis.

Is éard atá i gceist ná an claonadh a bhí, atá agus a bheidh ag Éireannaigh ar na saolta deireanacha seo an focal ‘Wow!’ nó ‘Wow-wow!’ a rá nuair a fheiceann siad, nuair a bhlaiseann siad, nuair a chloiseann siad nó nuair a mhothaíonn siad rud éigin atá chun a sástachta nó a bhaineann an anáil díobh.

Le linn ré an Tíogair Cheiltigh, bhíodh neart clár ar an teilifís bunaithe ar chúrsaí tithíochta, cúrsaí bia agus dí, cúrsaí faisin, cúrsaí bainise agus cúrsaí baothghalánta eile. Iontas na n-iontas, tá an claonadh chun baothghalántacha seo, atá i ndlúth agus in inneach ár nDNA Éireannach, is léir, fós linn agus, creid é nó ná creid, is i méid atá líon na gclár seo ag dul, dar liom.

Theip glan ar an ngéarchéim eacnamaíochta, na seifteanna déine, na buiséid phéine, na ciorraithe an ruaig a chur ar an W-Factóir mar fhorógra sástachta agus pléisiúir ag teacht chugainn ar scáileán ár gcraoltóra náisiúnta as a n-íocaimid €160 in aghaidh na bliana don phribhléid.

Tá an W-Factóir chomh seanbhunaithe um an dtaca seo is atá an X-Factóir. Rud gallda, bréag-Mheiriceánach a chaomhnaíonn cultúr baothghalánta na sainte agus an fharasbairr agus a fhanann mar iarsma buanseasmhach de ré an fhuíll in Éirinn.

Go hiondúil, is é buaicphointe gach ceann de na cláir thuasluaite ná nuair a deir duine éigin ‘Wow!’ nó ‘Wow-wow!’ le teann sástachta nó pléisiúir.

‘Cad a cheapann tú faoin bhfíon dearg sin atá á ól agat, a ghrá? An Chateau Mouton Rothschild 1945 ón mBurgúin a chosnaíonn €2,500 an buidéal? Cad a cheapann tú faoi, a chroí?’

‘Tá sé . . . tá sé . . Wow! Wow! Wow! Wow! Wow!’

‘Agus, a chailín álainn, a stór mo chroí, cad atá le rá agat i dtaobh na bainise ‘Harry Potter-téamaithe’ i gcaisleán Bhun Raite atá curtha in áirithe agam duit, le freastalaithe ag eitilt timpeall ar scuaba agus fíorchuma Scoil Draíodóireachta Hogwarts ar chuile ní a chosain suas is anuas le . . le €60,000 ormsa (íochta as le hiasacht airgid a fuair mé ón . . . ón gComhar Creidmheasa áitiúil agus as a mbeidh mé ag aisíoc go ceann dhá scór bliain eile, má mhairim chomh fada sin). Bhuel, a ábhar bhrídeoige gleoite, a mhuirnín, cad atá le rá agat i dtaobh na bainise seo? Abair rud éigin liom, a thaisce.’

‘Wow! Wow! Wow! Wow! Wow! Wow! Wow! Wow!’

‘Agus mí na meala sna Bahámaí a chosain €10,000 ar m’athair a bhfuil a phost mar thógálaí caillte aige ó pléascadh bolgán na tógála tá seacht mbliana ó shin faoin am seo, cad deir tú faoi sin, a bhláth bhig?’

‘Wowwowwowwowwowwowwowwow!’

‘Agus an teach a rabhamar istigh ann an tseachtain seo caite i dTuaisceart na cathrach, é leathscoite, trí sheomra leapa, é suite in eastát socair, druidte siar ón bpríomhbhóthar, le crann nó dhó sa chúlghairdín, le teas lárnach, troscáin ar dóigh agus taobh-bhealach isteach agus ar phraghas €299,999. Cad a mheasann tú faoin teach sin, a stóirín?’

‘Uch, uch! Ó! Uch, uch! Ó! Uch, uch! Ó! Ochón is ochón Ó!’

‘Brón orm, a éinín. Anois cad faoin teach eile sin a rabhamar istigh ann maidin inné i nDeisceart na cathrach, é scoite, suite ar dhá acra, radharc ar an bhfarraige, aibhinne le crainn ar gach taobh di ag síneadh anuas go dtí an bóthar mór, sé cinn de sheomraí móra leapa, le hen suiteeanna i ngach ceann de na seomraí sin, seomra staidéir, cistin fhairsing le hoileán mór (chomh mór le hInis Mhicileáin, a stóirín) ina lár agus proinnseomra chomh mór sin go bhféadfaí cuireadh a thabhairt do chéad duine le haghaidh soirée ann.

Gar don líne Dart, ar ndóigh agus ar phraghas . . . ar phraghas . . .€1, 250,000 .. . anois cad é do mheas ar an dteach sin, a chircín?’

‘Wow! Wow! Wow! Wow-wow! Wow-wow! Wow-wow! Wow-wow-wow! Wow-wow-wow-wow! Wow-wow!’

‘Agus na bróga Anne Klein! Cá bhfaighfeá bróga mar iad? Bheadh ort dul go Páras nó Nua-Eabhrac agus fiú ansin ní dóigh liom go bhfaighfeá bróga leathair lámhdhéanta mar iad i mball ar bith sna cathracha faiseanta úd, dá fheabhas iad. Agus cá bhfaighfeá mála láimhe mar an ceann seo? Mála Zac Posen “Alexia”. Is steal ar fad iad na bróga ar €3,000 agus an mála gleoite sin ar €7,000. Anois, cad atá le rá agat, a cholmáinín?’

‘Wow! Wowwowwow! Wowwowwowwow! Wowwowwowwowwow! Wowwowwowwowwowwow!’

‘Agus an Merk C-Class úd a rabhamar ag breathnú air ó chianaibh? Sladmhargadh ar €50,000. Cad é do mheas air, a mhuirnín m’anama?’

‘Uch! Uch! Ó! Uch! Uch! Uch! Ó! Ó! Ó! Uch! Uch! Uch! Uch! Ó! Ochón is ochón Ó!’

‘Océ! Ach cad faoin Porsche úrnua 911 Carrera seo a chosnaíonn €175,000 agus atá mé chun a thabhairt duit dod bhreithlá ar an Aoine, cad atá le rá agat ina thaobh, a uainín?’

‘Wooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooooow!’

An-mhaith go deo. Anois cuirfidh mé an citeal síos le haghaidh cupán tae, a ghrá ghil. Océ?’

“‘Uch! Uch! Ó! Uch! Uch! Uch! Ó! Ó! Ó! Uch! Uch! Uch! Uch! Ó! Ochón is ochón Ó!’

Nespresso, mar sin, a thaisce, i do rogha muga ar a bhfuil pictiúr lámhdhéanta de bhitseach de spáinnéar preabach ridiriúil Shéarlais? Cad atá le rá agat anois, a pheata?”

“Wooooooooow! Wooooooooooow! Wooooooooooooooow! BoooooWooooooWoooo! BoooooooWoooooooooWoooooooooow! BoWow! BoWow! BoWow! BoWow . . !”

CROÍ-UCH!

Fág freagra ar 'Dá olcas é an X-Factóir is measa go mór an W-Factóir'