Dá mba dheachtóir thú chuirfeá cosc ar chnuasach laoch óg litríocht na Brasaíle…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus an Bhrasaíl trí chéile ag toghchán uachtaránachta cinniúnach, is tráthúil gur an tseachtain seo a foilsíodh an chéad chnuasach gearrscéalta le Geovani Martins, laoch óg litríocht na Brasaíle

Dá mba dheachtóir thú chuirfeá cosc ar chnuasach laoch óg litríocht na Brasaíle…

Geovani Martins. Pictiúr: Chico Cerchiaro

Dé Sathairn seo caite, cheannaigh mé leabhar Geovani Martins sula mbeadh sé rómhall.

Tá chuile dhuine sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) ag caint faoi Geovani Martins. Bhuel, chuile dhuine sa Bhrasaíl a léann leabhair fhicsin.

Ní hé go raibh faitíos orm go scuabfaí O sol na cabeça (‘An ghrian sa chloigeann’) de sheilfeanna na siopaí leabhar sula mbeadh deis agam cóip a cheannach.

Ach ní bheadh a fhios agat riamh céard a tharlódh sa Bhrasaíl. Dá mba ábhar deachtóra mé agus dá dtoghfaí i m’uachtarán ar an tír sin mé amárach, bheadh an chéad chnuasach gearrscéalta ag Geovani Martins ag barr liosta na leabhar a gcuirfinn cosc orthu an lá dár gcionn.

Rugadh Geovani Martins i gceann de na ceantair is boichte i gcathair Rio de Janeiro. Níl sé ach 27 bliain d’aois. Níor chríochnaigh sé an mheánscoil, ach tá díol as cuimse ar O sol na cabeça ó foilsíodh é níos túisce i mbliana agus tá na cearta aistriúcháin díolta le naoi gcinn d’fhoilsitheoirí thar lear; tá The Sun on my Head ar fáil ó Farrar, Straus and Giroux i Meiriceá Thuaidh agus beidh aistriúchán Béarla ag Faber & Faber san Eoraip gan mhoill.

Cén fáth a gcuirfeadh ábhar deachtóra gunna-ghrách cosc ar leabhar Martins?

Mar gheall ar shleachta den chineál thíos, a tógadh as an scéal Roleta-russa (‘Rúiléid Rúiseach’), inar bréagán do bhuachaill deich mbliana d’aois é gunna a athar, ar fear slándála é.

‘Nuair nach bhféadfadh sé fanacht a thuilleadh, bhrúigh sé béal fuar an ghunna in éadan a chliabhraigh féin, agus síos ansin go dtí gur bhain sé a imleacán amach. Shamhlaigh sé cén chaoi a n-aireodh urchar díreach san áit sin, agus theann a bholg nuair a shamhlaigh sé an piléar ag polladh na feola. Chuaigh sé síos a thuilleadh leis an arm go dtí gur bhain sé amach a bhod agus thosaigh ag déanamh gluaiseachtaí ciorclacha, ag baint sásaimh as an mothú a chothaigh an teagmháil idir teas agus fuacht, ach, nuair a thug sé faoi deara gur éirigh a bhod ina sheasamh, dhearg sé le náire agus tharraing an .38 amach as a bhrístí faoi dheifir.’

Cáineadh níos cumhachtaí ar úinéireacht ghunnaí níor léigh mé riamh. Tá cáineadh láidir ar na húdaráis agus go háirithe ar mheon an tslua i measc na gcúiseanna eile go gcuirfeadh O sol na cabeça isteach ar dhuine a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar mheon an tslua d’fhonn seilbh a ghlacadh ar stát.

Ach an bua is mó atá ag Martins, dar liom, ná go n-éiríonn leis daonnacht na ndaoine sin a léiriú a gceapann mórchuid Brasaíleach nach daoine iad ar chor ar bith: díoltóirí agus lucht úsáide drugaí, ealaíontóirí graifítí, áitritheoirí na bhfavelas i gcoitinne.

Ar an drochuair is beag an baol go léifeadh an cineál duine a cheapfadh gur untermenschen iad na carachtair i scéalta Martins a leabhar – ná, go deimhin, aon leabhar.

Fág freagra ar 'Dá mba dheachtóir thú chuirfeá cosc ar chnuasach laoch óg litríocht na Brasaíle…'

  • Éadóchasach

    Alt an-spéisiúil ar fad, agus díreach an saghas ruda a theastaíonn: An Ghaolainn in úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an ndomhan mór agus chun sleachta dá litríocht a chur in iúl dúinne.

    Tá súil agam go mbeidh neart ratha ar an scríbhneoir óg san amach anso, agus go mbeidh neart ag móramh mhuintir na Brasaíle stop a chur leis an bhfaisisteachas sara mbainfidh sé ard-chumhacht amach.