Dá mba as tír eile d’fháidh pharóiste an Chnoic, Mánus Ó Conghaile, bheadh a cháil i bhfad agus i ngearr

Dá gcuirfeá €1 ar rogha Mhánuis Uí Chonghaile i 47 rása, bheadh brabús €40 agat ag an deireadh

Dá mba as tír eile d’fháidh pharóiste an Chnoic, Mánus Ó Conghaile, bheadh a cháil i bhfad agus i ngearr

Seán Bán Breathnach, Evelyn Ní Ghriallais agus Mánus Ó Conghaile. Pictiúr: Andrew Downes, Xposure

Ach Mánus Ó Conghaile a bheith ina chónaí i dtír eicínt eile, bheadh a cháil i bhfad agus i ngearr faoi seo.

I Sasana bheadh oiread aithne air agus atá ar fhear Sky, David Jones. San Astráil, san Áise nó sna Státaí, bheadh na milliúin saothraithe aige as na suíomhanna idirlín ina mbeadh sé ag roinnt a chuid eolais.

Suim dá laghad ní bheadh aige ina leithéid.

Fear umhal, ciúin é Mánus atá le blianta ag roinnt an eolais chéanna sin saor in aisce le lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta agus le lucht féachana TG4. Le fíorghairid tá sé á dhéanamh go laethúil ar an gcuntas Facebook atá faoina ainm.

An cor is deireanaí acu sin atá anois ag tabhairt deis don saol Fódlach aitheantas a thabhairt don eolas atá ag an gConghaileach ar ghné dá shaol atá leis ó bhí sé ina pháiste – a chion ar an ainmhí ar a dtugtar an capall.

I bParóiste an Chnoic, taobh thiar den Spidéal, a tógadh Mánus, áit a raibh a athair Máirtín Phádraic Thaidhg ina shaoiste ag Comhairle Chontae na Gaillimhe – chónaigh sé ar an mbaile céanna liom i dtús m’óige. Níor chuala mé aon ainm riamh air ach ‘An Tadhgach’.

Agus iad ag éirí aníos bhíodh margadh idir Máirtín agus a chlann go dtabharfadh sé chuig Rásaí na Gaillimhe iad ach obair an earraigh agus an phortaigh a bheith críochnaithe.

Sna blianta ba thúisce is faoi scáth na gcrann ag coirnéal thiar-thuaidh na páirce a bhídís – gar don áit a dtosaíonn roinnt mhaith de na rásaí. Ansiúd agus iad ag ithe picnic, chaithfeadh an t-athair súil ghéar ar na capaill ag fálróid thart. I gcónaí ba ar leath deiridh an ainmhí a dhíríodh sé. “Ná bac lena chloigeann, lena mhuineál, lena mhoing ná lena bholg. I gceathrúna deiridh an chapaill atá a neart,” a deireadh sé.

Comhairle a bhí ann nár dhearmad Mánus ná a bheirt dearthár riamh agus tá cuimhne aige ar lá ar phioc a athair ceithre bhuaiteoir as na sé rása amach, bunaithe ar an gcomhairle sin.

Suim soip ní raibh ag Máirtín Phádraic Thaidhg i ngeall a chur agus is beag nach bhféadfá a rá go bhfuil a mhac amhlaidh. Trí huaire a dúirt sé liom sa gcomhrá a bhí eadrainn nach bhfuil baint dá laghad ag an gcearrbhachas leis an gcúis go dtéann sé trí rásaí na hÉireann chuile lá anois sula gcuireann sé a chuid tuairimí i láthair ar Facebook.

Tá an t-am anois aige ó chuaigh sé ar a phinsean. “Tá siad ann ar maith leo tabhairt faoi chrosfhocail, bailiú géineolaíochta agus a leithéid. Seo é mo chaitheamh aimsire-sa,” a deir sé.

Ar a chuid eolais féin a bhunaíonn Mánus a bhreith. Ní bhacann sé le haon cheann de na bíoblaí a d’fheicfeá ag corrdhuine ar thraiceanna na tíre. As a bhfuil stóráilte ina intinn agus nótaí i dtaobh rásaí atá rite, crot na talún agus mar sin de a thagann a bhreith.

Scrúdaigh mé na nodanna a thug Mánus Ó Conghaile do leathdhosaen laethanta rásaíochta a bhí ar siúl in Éirinn idir Aoine na seachtaine seo caite agus Céadaoin na seachtaine seo – Dún Dealgan, Baile na Lobhar, Corcaigh, Nás na Rí, Páirc Ghabhráin agus an Uaimh.

Bainfidh a bhfuair mé amach faoi na 47 rása sin an anáil díot. Fágann sé Mánus go láidir chun cinn orthu siúd a thugann na nodanna ar nuachtáin agus orthu siúd a mhaíonn go bhfuil eolas ‘ón taobh istigh’ le roinnt acu leat ach síntiús a chur ina mbealach.

Thug Mánus Ó Conghaile buaiteoir ar 19 de na 47 rása sin – péire i Nás na Rí agus  ar an Uaimh na cinn ba mheasa a bhí aige, trí cinn i mBaile na Lobhar agus i gCorcaigh, ceithre cinn ar Pháirc Ghabhráin agus cúig cinn i nDún Dealgan ar an 14 Meán Fómhair, áit nach raibh ann ach gur buaileadh an 6ú ceann ar éigean.

Bhí 16/1 le fáil as ceann acu (Magical Vision ar an Uaimh) agus ní raibh faoi bhun airgead cothrom ach péire den 18 eile.

Sa dara rása deireanach ar an Uaimh Dé Céadaoin seo caite, mhol sé geall ’chaon bhealach’ a chur ar Fenomeno. Chríochnaigh an capall sa tríú háit ag praghas 50/1.

Chomh maith leis an mbuaiteoir a ainmniú i 19 de na 47 rása (rud a fhágann go roghnaigh sé an capall ceart 40% den am), mhol Mánus geall ‘chaon bhealach’ a chur ar chapaill a bhí sa bhfráma i 15 de na rásaí eile.

Dá gcuirfeá €1 ar rogha Mhánuis sna 47 rása, bheadh brabús €40 agat ag an deireadh. Dá ndéanfá cnuasgheall ar na capaill dá chuid a bhí sa bhfráma ar an Uaimh Dé Céadaoin, bheadh €1,185.52 agat as aon euro amháin.

Racht gáire a ligeann an saineolaí nuair a chaitheann tú figiúirí ar an gcuma sin ina bhealach. Déarfaidh sé leat gur luach pionta a bhíonn ina gheall féin an fíor-chorruair a dtugann sé faoi cheann.

Bhí roinnt de chapaillíní Chonamara ag Mánus tráth agus chuir sé ríméad air a chloisteáil ón traenálaí Henrietta Knight nuair a chas sí dó in Cheltenham geábh go raibh cúpla ceann sa mbaile in Oxfordshire aici féin agus ag a fear céile Terry Biddlecombe. Ba í Knight a thraenáil Best Mate, an capall is ansa le Mánus agus ar ndóigh a bhuaigh an Corn Óir trí bliana as a chéile.

Ní baileach gur chreid sé Henrietta go bhfaca sé í féin agus Biddlecombe ar an gClochán ag Seó na gCapaillíní cúpla bliain dár gcionn.

Faoin tráth seo tá cuairt tugtha ag Mánus ar chuid mhaith de thraiceanna Shasana mar aon le traiceanna na hÉireann ar fad, cé is moite den phéire ó thuaidh den teorainn.

Tiocfaidh athrú air sin nuair a bheas sé féin agus foireann Rásaí Beo TG4 ag craoladh as Dún Pádraig Dé Domhnaigh seo chugainn.

Fág freagra ar 'Dá mba as tír eile d’fháidh pharóiste an Chnoic, Mánus Ó Conghaile, bheadh a cháil i bhfad agus i ngearr'