‘Cuspóir réasúnta é tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach’ – Mícheál D Ó hUigínn

Labhair Uachtarán na hÉireann faoi chás na Gaeilge inné ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin a reáchtáladh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge

‘Cuspóir réasúnta é tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach’ – Mícheál D Ó hUigínn

Tá ráite ag Uachtarán na hÉireann gur “cuspóir réasúnta é dár bpoblacht tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach” agus daoine “ar a gcompord” lena ndúchas

Bhí sé ag caint ag ócáid ‘Tae leis an Uachtarán’ in Áras an Uachtaráin inné, ócáid a reáchtáladh mar chuid d’fhéile Sheachtain na Gaeilge.

“Is cuspóir réasúnta é sin dár bpoblacht, dar liom féin. Tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach; tír atá ar a compord lena hoidhreacht, lena cultúr agus lena dúchas.

“Is fiú dúinn cuimhneamh siar chomh maith ar na hiarrachtaí a bhí ag teastáil ó dhaoine ar nós Dubhghlas de hÍde, ár gcéad Uachtarán, agus duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge agus an iliomad duine ó shin i leith, chun a háit chuí a dheimhniú don Ghaeilge inár saol poiblí, sa státchóras, sa chóras Oideachais agus inár meáin chumarsáide,” a dúirt an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn.

Cé gur thuig sé go raibh “dúshláin” roimh phobal na Gaeilge, dúirt an tUachtarán gur ábhar misnigh é dó féin go bhfuil “an Ghaeilge in úsáid chuile lá thart timpeall na tíre”.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge “á labhairt agus á foghlaim sna scoileanna agus sna coláistí, sna campaí samhraidh” agus  i “teaghlaigh Ghaelacha fud fad na tíre”. Bhí sí “le cloisteáil agus le léamh ar na meáin chumarsáide agus beo sna ciorcail chomhrá, sna clubanna leabhar agus sna Pop-Up Gaeltachtaí”, a dúirt sé. Dúirt an tUachtarán gur bhraith sé féin go raibh “an ghlúin óg lánmhuiníneach as a bheith á húsáid go rialta”.

Bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer, i measc na ndaoine a bhí i láthair ag an ócáid Ghaeilge in Áras an Uachtaráin. Bhí ionadaithe i láthair freisin ó eagraíochtaí éagsúla, ina measc Comharchumann Ráth Chairn, Fiontar i Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Átha Cliath, Aonach Mhacha agus Muintearas.

Mhol an tUachtarán ”sáriarracht” na n-eagraíochtaí Gaeilge agus na gcainteoirí Gaeilge an teanga a choinneáil beo.

“Dúinne, atá chomh tógtha leis an nGaeilge, is ábhar ceiliúrtha í an teanga. Is cuid lárnach í dár saol agus dár bhféiniúlacht. Nuair a thuigimid luach na teanga, agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na nithe eile dár gcultúr, agus leis sin luach na dteangacha eile a úsáidtear ar an Oileán seo, agus tábhacht na dtraidisiúin éagsúla atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad an Oileáin seo,” a dúirt sé.

Dúirt Mícheál D Ó hUigínn go ndéanaimid “ceangal le chéile” agus muid ag úsáid na Gaeilge ach chomh maith leis sin go mbímid “ag déanamh comhrá leis na glúnta ar fad a chaith a saol ar an oileán seo romhainn, thar na mílte bliain”.

Dúirt sé gur amhlaidh atáimid “ag cinntiú, le chéile, go gcoimeádfar slán ár dteanga ar mhaithe leis an bpobal mór agus na glúnta atá le teacht inár ndiaidh”.

Dúirt an tUachtarán go raibh “buíochas agus meas” tuillte ag na daoine ar fad a aithníonn “luach na teanga, áilleacht na teanga agus tábhacht na teanga”. Mhol sé na daoine ar fad atá ag obair chun úsáid na Gaeilge “a spreagadh agus a chraobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain”.

Fág freagra ar '‘Cuspóir réasúnta é tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach’ – Mícheál D Ó hUigínn'

  • An teanga Bheo

    De reir an bhunteacht agus go leor ach tan a teanga .