Cúrsaí earcaíochta, pleanála agus oideachais sa treis i dtuarascáil an Choimisinéara 

Ina thuarascáil bhliantúil dheireanach, deir na t-iarchoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua ag brath ‘go huile agus go hiomlán’ ar cheist na hearcaíochta

Cúrsaí earcaíochta, pleanála agus oideachais sa treis i dtuarascáil an Choimisinéara 

Cás na Gaeilge sa chóras oideachais, cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus easpa daoine sa státchóras a bhfuil Gaeilge acu – sin cuid de na hábhair is mó a dtarraingítear aird orthu i dtuarascáil bhliantúil nua an Choimisinéara Teanga.

Ina thuarascáil bhliantúil dheireanach, a foilsíodh inniu, deir an t-iarchoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua ag brath “go huile agus go hiomlán” ar dhaoine a bheith ag comhlachtaí poiblí atá ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge agus i mBéarla.

“Mura ndéanfar pleanáil inniúlachta a leabú sa chóras oideachais lán-Ghaeilge, agus mura dtagann méadú céimnitheach ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile le hinniúlacht mhaith Ghaeilge atá ar fáil don oiliúint tríú leibhéal, beidh sé ionann is dodhéanta líon dóthanach céimithe a chur ar fáil chun sprioc earcaíochta an 20% a bhaint ón mbliain 2030 amach,” arsa Ó Domhnaill.

Is í an phríomhsprioc atá sa reachtaíocht teanga nua ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

“Chuige sin, is ceart go mbeadh inniúlacht teanga á lua le gach aon chineál folúntais feasta, idir Ard-Rúnaithe, Oifigigh Chléireachais agus na gráid idir eatarthu,” a deir Ó Domhnaill.

Deir sé go gcaithfear athrú a dhéanamh ar “chultúr fadbhunaithe eagraíochtúil” chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Chun an t-athrú sin a chur i gcrích beidh géarghá, a deir sé, le “ceannaireacht”, “dea-shampla agus “tacaíocht fhollasach” ó oibrithe sinsearacha sa tseirbhís phoiblí agus ón Roinn Caiteachais Phoiblí atá i gceannas ar chúrsaí earcaíochta.

Ba chóir chomh maith, a deirtear sa tuarascáil, go dtabharfaí an sprioc 20% san áireamh sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta agus sa Pholasaí Oideachais Lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

Deir Ó Domhnaill chomh maith gur díol suntais líon na ngearán atá á bhfáil le blianta beaga anuas faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Tá treoirlínte pleanála don Ghaeltacht geallta ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ach deir Ó Domhnaill gur chóir don aire a mhachnamh a dhéanamh ar cé acu treoirlínte nó treoracha beartais is fearr a thabharfadh cosaint don Ghaeilge sa chóras.

“Ar an gcuid is lú, is ríléir nár mhór soiléiriú i bhfoirm reachtaíochta nó rialacháin a sholáthar do na húdaráis áitiúla a bhfuil limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoina gcúram,” a deir na t-iarchoimisinéir teanga.

De réir na tuarascála nua a foilsíodh inniu, 600 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2022, laghdú 17.5% ar an 727 ngearán a fuarthas in 2021.

Níorbh fhéidir 55% de líon iomlán na ngearán a fuair an oifig in 2022 a fhiosrú toisc nach raibh aon dualgas reachtúil i gceist.

Deirtear sa tuarascáil go meastar go dtiocfaidh laghdú “suntasach” ar líon na ngearán nach féidir a fhiosrú feasta mar gheall ar an reachtaíocht teanga nua a thugann cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga.

Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig gearáin in 2022, 25%. Ón nGaeltacht a tháinig 18% de ghearáin, laghdú 9% ar 2021.

Bhain 86% de na gearáin le sé réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga; comharthaíocht agus stáiseanóireacht; freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge; fadhb le húsáid ainm agus sloinne i nGaeilge; achtacháin eile a bhaineann leis an nGaeilge; agus úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta.

Tháinig méadú 81% ar líon na gcomhairlí a cuireadh ar chomhlachtaí poiblí in 2022.

Fág freagra ar 'Cúrsaí earcaíochta, pleanála agus oideachais sa treis i dtuarascáil an Choimisinéara '