Cúrsa nua oiliúna ar líne seolta do mhúinteoirí Gaeilge ‘ó Inis Meáin go Iowa’

Tá maoiniú fógartha do chúrsa nua de chuid Ollscoil Mhá Nuad a chuirfidh oiliúint ar dhaoine mar mhúinteoirí d’fhoghlaimeoirí fásta

Cúrsa nua oiliúna ar líne seolta do mhúinteoirí Gaeilge ‘ó Inis Meáin go Iowa’

Seoladh tráthnóna an chéad chúrsa oiliúna ar líne riamh do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a theagasc d’fhoghlaimeoirí fásta.

Tá sé i gceist go gcuirfidh an cúrsa nua de chuid Ollscoil Mhá Nuad oiliúint mar mhúinteoirí d’fhoghlaimeoirí fásta ar dhaoine in Éirinn agus ar dhaoine sna céadta ionad ar fud an domhain.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna maoiniú €270,000 thar thréimhse trí bliana don chúrsa teastais ollscoile.

Tá an cúrsa ar líne á fhorbairt ag Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil i Scoil an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Mhá Nuad.

Tiocfaidh an cúrsa nua in áit an dioplóma i múineadh na Gaeilge atá á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge le sé bliana anuas agus a bhí á mhaoiniú ag Roinn na Gaeltachta chomh maith.  Is amhlaidh go mbeidh an oiliúint a bhí i gceist leis an dioplóma i múineadh na Gaeilge ar fáil anois ar líne leis an gcúrsa nua.

Beidh trí rogha ag an té ar mhaith leis nó léi tabhairt faoin gcúrsa ar líne: freastal ar mhodúil oiliúna gan aon teastas a fháil, freastal ar mhodúil agus teastas a bhaint amach, nó freastal ar mhodúil chun teastas a bhaint amach agus cleachtadh teagaisc a dhéanamh chomh maith.

Cuirfear ábhar foghlama, gearrscannáin nua ina measc, ar fáil  ar líne mar chuid den chúrsa.

Reáchtálfar chomh maith ceardlanna lae i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i nGaillimh agus i gCiarraí do dhaoine in Éirinn atá ag gabháil don chúrsa.

Cuirfear ábhar breise ar líne ar fáil do dhaoine in Éirinn ar mian leo teastas a fháil agus beidh tréimhse cleachtadh múinteoireachta á tairiscint chomh maith

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh “ríméad” air maoiniú a chur ar fáil don chúrsa.

“Bainfidh múinteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí fásta anseo in Éirinn tairbhe as agus ciallaíonn sé chomh maith go mbeimid in ann tacaíocht a thabhairt do dhiaspóra na hÉireann agus do mhúinteoirí Gaeilge a oibríonn sna céadta ionad thar sáile.

“Anseo in Éirinn, ní sna bailte agus sna cathracha amháin a bheidh rochtain ar chúrsaí mar seo amach anseo mar gheall ar rochtain níos fearr ar leathanbhanda agus bunú na nGteiceanna (Moil Dhigiteacha) sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Stáit Seán Kyne.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, go n-éireoidh leis an gcúrsa nua oiliúint a chur ar mhúinteoirí Gaeilge “ó Inis Meáin go hIowa”.

Ailín Ní Chonchúir, oideachasóir as Gaeltacht Chorca Dhuibhne ó dhúchas a bhfuil ardmheas ar a saothar, a bheidh ina stiúrthóir ar an gcúrsa nua.

Fág freagra ar 'Cúrsa nua oiliúna ar líne seolta do mhúinteoirí Gaeilge ‘ó Inis Meáin go Iowa’'

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn sin a fheiceáil… Beidh níos mó ná duine nó beirt ag iarraidh freastal ar an gcúrsa seo, cheapfainn.

  • Aodán Ó Sé

    Dea-scéal ar ndóigh. Ach níor tugadh sonraí teagmhála, modh iontrála, ná liosta táillí sa tuairisc thuas

  • Jim Normoyle

    Ar fheabhas ar fad- cathain a bheidh níos mó sonraí le fáil ?

  • criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Ba cheart go raibh cursa mar seo le fáil na blianta ó shoin, ach más mall is mithid.