Cumann peile Gaeltachta ‘curtha ar an mapa’ ag Derry Girls

Shleamhnaigh Christina Molloy comhartha tacacaíochta dá cumann áitiúil isteach sa chlár deireanach den tsraith iomráiteach Derry Girls

Cumann peile Gaeltachta ‘curtha ar an mapa’ ag Derry Girls

Agus na milliúin ag féachaint ar an gclár deireanach sa tsraith iomráiteach Derry Girls ar Channel 4 an tseachtain seo, chonaic an té atá géarshúileach tagairt do chumann peile Gaeltachta. 

Agus na príomhcharachtair Erin, Michelle, Orla, Clare agus James istigh i siopa, bhí fógra beag le feiceáil ar a raibh scríofa ‘Ádh mór Naomh Anna Leitir Móir’. 

Tá ardmholadh faighte ag Derry Girls as an léargas atá tugtha ag an gclár ar shaol na n-óg i dTuaisceart Éireann le linn na 1990idí. Sa gcás seo, áfach, ní hé go raibh lucht léirithe an chláir ag tagairt don tacaíocht mhór a bhí ag muintir Dhoire do chumann beag i gConamara.  

Bhí Christina Molloy ó Leitir Móir ag obair mar chúntóir sa rannóg deartha agus an tsraith is déanaí de Derry Girls á taifeadadh agus ise a shleamhnaigh isteach an comhartha tacaíochta dá cumann áitiúil. 

Agus í ag obair ar an seit i ‘Dennis’ Wee Shop’, mar atá tugtha ar an siopa, iarradh ar Christina cúpla fógra i nGaeilge a chrochadh. 

“Ní raibh mise in ann cuimhneamh ar rud ar bith, ach na leaids a bhí ag obair liom dúirt siad liom rud éigin a scríobh faoin gclub mar gheall go raibh mé thíos le haghaidh cluiche b’fhéidir coicís roimhe sin, cluiche ceannais,” a deir Christina agus í ag labhairt le Tuairisc. “Sin é an fáth gur scríobh mé é.” 


I bhfómhar na bliana seo caite a bhí Christina, atá anois ag cur fúithi i mBéal Feirste, ag obair ar an tríú sraith de Derry Girls agus bhí dearmad déanta aici ar an gcomhartha go dtí gur craoladh an clár an tseachtain seo. 

“Col ceathrar liom as Boston a chuir chugam é an maidin dár gcionn agus an chéad rud eile bhí mé ag fáil pictiúirí ar feadh an lae. Rinne mé an oiread gáirí. Tá Leitir Móir curtha ar an mapa ceart agam anois!” 

Ní hé ceann Naomh Anna an t-aon fhógra i nGaeilge a bhí sa siopa, áfach, ná an t-aon cheann a bhain lena baile. 

“Bhí ceann eile scríofa agam faoi mham. Cathy Khitta atá ar mo mham agus scríobh mé ‘Cáca Baile Cathy Khitta’ ach níl’s agam an raibh sé sin le feiceáil,” a deir Christina. “Bhí cúpla ceann eile sa gcúlra ach dúirt siad liom [ceann Naomh Anna] a chur díreach ansin sa gcaoi go bhfeicfí é. Bhí sé iontach go bhfaca siad é.” 

Cúpla ceann eile de na fógraí Gaeilge a bhí ar an seit. Pic: Paul Mallon/Instagram

Mheas Christina ag an am gur mb’fhearr di seiceáil go raibh cead aici a comhartha tacaíochta a scríobh ach dúradh léi leanacht uirthi. Is minic, a deir sí, go mbíonn leideanna den chineál sin le feiceáil sa gcúlra i gcláracha teilifíse. 

“Bíonn rudaí mar sin i gcónaí ann. Abair, dá mbeadh cara leat i mbanna ceoil, chuirfeá rud éigin sa gcúlra. Feiceann tú na rudaí sin i gcónaí ach díreach sa gcás seo, mar gheall gur Leitir Móir atá ann, tá sé bailithe anonn go Boston agus tá sé tagtha ar ais arís!” 

Tá Christina ag obair san earnáil teilifíse i mBéal Feirste le bliain tar éis di a bheith ag obair ar Ros na Rún ar feadh i bhfad. Cé go mbíonn neart spraoi ann, obair chrua atá inti freisin, a deir sí. 

“Bhí sé an-chrua [ag obair ar Derry Girls] mar gheall ar an ngeimhreadh agus mar gheall ar an obair uilig a bhí le déanamh againn. Ag deireadh an lae, bhí sé ag breathnú iontach ach bhí an jab é féin an-deacair. Ní raibh nóiméad agat. Bhí matáin tarraingthe i mo dhroim uaireanta, bhí an oiread sin oibre le déanamh. Bhí tú ag obair aon uair an chloig déag ó Luan go hAoine agus bhí cúpla Satharn agus cúpla Domhnach caite isteach freisin. Bheadh tú maraithe amach. Níl tada glamorous faoi!” 

Tá sí anois ag obair ar chlár eile, Blue Lights, faoi phóilíní atá le craoladh ar BBC amach anseo. Ná déan aon iontas má bhíonn tagairt eile do Naomh Anna le feiceáil ansin freisin. 

“Bhí lá éigin go raibh siad ag iarraidh orainn scríobh ar leabhar agus scríobh mé Naomh Anna air sin freisin ach níl’s agam an bhfeicfear é sin anois. Triáilfidh mé chuile áit é go bhfeicfidh mé!” 

Christina Molloy leis an Sciath a bhuaigh sí ag imirt do Naomh Anna

Feicfimid linn an meallfaidh an fógra ar Derry Girls duine ar bith breise chuig Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh á reáchtáil ag Naomh Anna i Leitir Móir deireadh seachtaine na Cincíse. Idir obair agus taisteal, ní bheidh Christina in ann a bheith i láthair. 

Tá bean Naomh Anna sáite i gcúrsaí peile i gcónaí agus í anois ag imirt do chumann Oirthear Bhéal Feirste agus, iontas na n-iontas, bhí tionchar ag a gean dá cumann áitiúil ar an gcinneadh dul ag imirt leo freisin. 

“Siad na dathanna céanna atá acu le Leitir Móir só sin an fáth gur phioc mé iad,” a mhíníonn Christina agus í ag gáire. 

Fág freagra ar 'Cumann peile Gaeltachta ‘curtha ar an mapa’ ag Derry Girls'