Cumann Chapaillíní Chonamara in aimhréidh agus imní ann faoi thionscal chapaill Chonamara

D’fhreastail 130 duine ar chruinniú poiblí i nGaillimh a d’eagraigh daoine atá míshásta faoin gcaoi atá ar Chumann Chapaillíní Chonamara

Cumann Chapaillíní Chonamara in aimhréidh agus imní ann faoi thionscal chapaill Chonamara

Níl mórán capaillín ar bith is fusa a láimhsiú ná capaillín Chonamara, a deir na saineolaithe. Ainmhí é atá an-fheiliúnach do ghasúir agus do dhéagóirí agus tá cáil air i gcuid mhór tíortha ar fud an domhain anois. Bíodh is go bhfuil meon an chapaillín dhúchasaigh cineálta agus ciúin mar sin, níl aon chiúnas sa gcumann atá ag breathnú amach do mhianach chapaillíní Chonamara.

D’fhreastail 130 duine ar chruinniú poiblí i nGaillimh Dé Domhnaigh a d’eagraigh daoine atá míshásta faoin gcaoi a bhfuil gnóthaí an Chumainn á reáchtáil. Ghlac an cruinniú le vóta mímhuiníne i gComhairle Stiúrtha an Chumainn agus tá sé mar aidhm acu anois go nglaofaí cruinniú urghnách. Táthar ag iarraidh go n-imeodh an Chomhairle atá ann go leataobh agus go gcuirfí Comhairle eile isteach.

Tá aon duine dhéag as an scór ball atá ar Chomhairle Chumann Lucht Chaipilíní Chonamara (an chomhairle stiúrtha) briste amach leis an eagraíocht. Cuireadh triúr ar fionraí tamall ó shin agus shiúil ochtar eile amach as cruinniú de chuid na Comhairle le gairid.

Dúirt Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara Noel Brett, as Béal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo, go raibh sé ar an eolas faoin gcruinniú seo a reáchtáladh i nGaillimh ach dúirt sé nach raibh aon ráiteas le déanamh aige faoi. Dheimhnigh tUasal Brett go mbeidh cruinniú “dlisteanach” de Chomhairle Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara á ghairm Dé Máirt.  

Tuigtear go bhfuil an oiread ball fanta ar an gComhairle agus a thabharfaidh deis dóibh an cruinniú a reáchtáil go dlisteanach, ó thaobh uimhreacha de.

Níl aon easpa scéalta ag dul anonn agus anall faoin gcúis atá leis an míshástacht an iarraidh seo. Luann daoine áirithe an pórú atá á dhéanamh ar na capaillíní le roinnt blianta agus iad den tuairim go bhfuil an seanmhianach – ar nós mianach Chaladh Mhaínse i gCarna – á ligean i léig. Bíonn ceisteanna ann go minic faoi chaighdeán na stailtreacha a roghnaítear don phórú. Tá idir airgead agus chúis mhórtais ag baint leis na stailtreacha. Ach níl ansin ach cuid den scéal, a deir siad siúd atá míshásta.

Tá go leor míshuaimhnis sa gCumann le hos cionn scór blianta. Bunaíodh Grúpa Faire Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara (mar a thug siad orthu féin) sna 1990idí. Bhí siadsan ag iarraidh go mbeadh

lámh níos láidre ag na baill san eagraíocht agus go mbeadh vóta acu uilig nuair a bheadh comhairle an chumainn á toghadh. Bhíodh córas ann faoina mbíodh roinnt ball comhthofa ar an gComhairle.

Cuireadh roinnt athruithe ar an gCumann ina dhiaidh sin ach mar sin féin bhíodh babhtaí aighnis fós ag tarlú anois agus arís. Cuireadh fios ar na Gardaí chuig cruinnithe na Comhairle cúpla babhta. 

Glacadh le bunreacht nua do Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ceithre bliana ó shin tar éis roinnt mhaith plé agus díospóireachta. Tugadh isteach rialacha nua faoin moltóireacht ag Seó Bliantúil an Chumainn sa gClochán – príomhsheó Chapaillíní na bliana. Leagadh síos rialacha nua faoi iompar agus mí-iompar sa gcumann agus roinnt mhaith polasaithe eile. Socraíodh go mbeadh vótáil rúnda ann tríd an bpost leis an gComhairle a roghnú – rud a rinneadh. Ceapadh go gcuirfeadh na hathruithe seo an Cumann ar bhealach a leasa agus go gcuirfí deireadh leis an gcuid ba ghéire de na haighnis. Ach, tá an scéal ina phraiseach anois arís.

“Ní oibreoidh sé choíche mar atá sé,” a deir fear a bhfuil seanchleachtadh aige ar reáchtáil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara. “Ní bhainfidh scór ball ceart dá chéile go brách agus b’fhearr tosú as an nua.” Tá daoine eile atá bainteach leis na capaillíní ar an intinn chéanna. “B’fhearr Comhairle i bhfad nós lú – triúr no cúigear,” a deir duine eile. “Sílim gur mó seans a bheadh ag a leithéid sin de choiste agus bainisteoir ag obair leo.” 

Tá daoine eile ann a cheapann go ndéanfaidh an chorraíl dochar mór do thionscal chapaillíní Chonamara. Creideann siadsan go bhféadfaí bonn i bhfad níos láidre a chur faoin tionscal in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus gur sa treo sin ba cheart a bheith ag obair.

Tá Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara ar cheann de na heagraíochtaí is faide atá ag gníomhú i gConamara, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Bhí Micheál Ó Máille as Ros Muc ina cheannródaí ar an ngluaiseacht i dtús an chéid seo caite agus chreid seisean gur cheart mianach Chonamara a chosaint agus a neartú. Bunaíodh an Cumann i 1923. Bíonn Seó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ann chuile bhliain ó shin agus tá an eagraíocht i bhfoisceacht cúig bliana den chéad anois. Ach, murar féidir an chorraíl a bhíonn ag brúchtaíl go seasta, síoraí sa gCumann a réiteach, tá baol ann nach mbainfear amach an chloch mhíle mhór – céad bliain ag cosaint agus ag caomhnú capaillíní na gcnoc, an t-aon phór dúchasach capaillíní in Éirinn.

Fág freagra ar 'Cumann Chapaillíní Chonamara in aimhréidh agus imní ann faoi thionscal chapaill Chonamara'