Cuma na maitheasa ar Chúige Mumhan agus ar Chúige Laighean ach míorúilt ó na Connachtaigh

Ba chóir go mbeadh an lá le Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mbabhtaí leathcheannais an PRO 12 ach is ar éigean go bhfuil seans ag Cúige Chonnacht agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gCorn na gCuradh

Cuma na maitheasa ar Chúige Mumhan agus ar Chúige Laighean ach míorúilt ó na Connachtaigh

INPHO/James Crombie

Gan ach dhá dheireadh seachtaine nó dhá chluiche fágtha i gcomórtas Pro 12 an tséasúir seo, is fiú a mheabhrú go bhfuil dhá chúige fós san iomaíocht agus gurb iad na Laighnigh rogha na coitiantachta le greim a fháil ar an gcorn.

Ní hamháin sin ach is fiú a mheabhrú freisin gur éirigh leis an dá chúige sin, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, a chinntiú go mbeidh cluiche baile sna babhtaí leathcheannais acu, cluichí atá á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Léiriú é seo gan dabht ar a láidre is atá an cluiche gairmiúil sa tír seo. Fiú agus é de bhuntáiste acu a bheith ag imirt san RDS inniu, ní bheidh tada bog acu sa mbabhta leathcheannais seo i gcoinne Scarlets na Breataine Bige. Ach an oiread le Cúige Laighean níl aon easpa tallainne ná imreoirí ar chaighdeán idirnáisiúnta ar phainéal Scarlets, agus iadsan thar a bheith díomách nár éirigh leo an chéad nó an dara háit ar an tábla agus cluiche leathcheannais baile a bhaint amach. Is ag fir Leo Cullen atá an deis sin agus is cinnte go mbainfidh siad chuile leas as an tacaíocht a bheidh acu agus as an gcleachtadh atá acu ar imirt san RDS. Tá mise ag tuar bua do na Laighnigh, ach sílim nach mbeidh mórán ann.

Más ag caint ar thacaíocht láidir agus seanchleachtadh ar imirt in aon staid muid, is léir go mbeidh buntáiste mór ag na Muimhnigh agus iadsan ag cur chun páirce ar fhód Thuamhan i gcoinne Ospreys na Breataine Bige amárach. Seans gurb iad na hOspreys an fhoireann is laige atá ag imirt sna cluichí leathcheannais. Bhí bearna ollmhór seacht bpointe dhéag idir iad féin agus iad sa gceathrú háit agus na Muimhnigh a bhí ar bharr an tábla ag deireadh na réamhbhabhtaí. Is deacair bua a shamhlú do na cuairteoirí, go háirithe agus na Muimhnigh ag imirt a gcluiche deiridh an tséasúir seo ar pháirc ar ar fhág Axel Foley lorg mór.

Níor éirigh leis na Connachtaigh na babhtaí leathcheannais ná fiú an séú háit sa bPro 12 a bhaint amach. Mar sin féin níl siad gan seans ar imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Leis an méid sin a chinntiú, tá orthu taisteal go Sasana an Satharn seo agus an ceann is fearr a fháil ar Northampton i Staid Franklin’s Gardens. Is dúshlán ollmhór é seo d’fhir Phat Lam, go háirithe má chuireann tú an líon mór imreoirí atá gortaithe air agus an lagimirt a chonaic muid uathu le cúpla seachtain anuas san áireamh. Níl mise ag iarraidh mallacht an tráchtaire a chur ar mo chúige féin ach is míorúilt a bheas ann má éiríonn le Cúige Chonnacht an cluiche seo a bhuachan.

B’fhearr dom dul ag guí láithreach!

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Chúige Mumhan agus ar Chúige Laighean ach míorúilt ó na Connachtaigh'