Cuma chreathach ar Aston Martin roimh thús an tséasúir F1
Cuirfidh fear óg a luadh sa gcolún seo cúpla seachtain ó shin, Alex Dunne Uíbh Fhailí, tús leis an gcraobh Formula 2 in Melbourne na hAstráile an deireadh seachtaine ach is é tús an chomórtais F1 ar an ráschúrsa céanna in Albert Park is mó a bheidh daoine ag díriú air.
Tá athruithe móra déanta ar rialacha F1 in 2026 agus na foirne ag tosú ó bhonn arís chun na carranna nua a dhearadh. Beidh beagnach leath den chumhacht sna carranna ag teacht ó mhótair leictreacha nua ach beidh breis is 500hp fós ach teacht ó na hinnill 1.6 lítear. Nó, ba cheart go mbeadh, ar aon nós.
Mar go mbíonn sé chomh costasach sin inneall F1 a fhorbairt, ní hí gach foireann a bhacann leis agus bíonn siad ag brath ar chinn a cheannach ó sholáthróir. I mbliana, tá foireann Aston Martin ag fáil innill ó Honda ach tá praiseach cheart déanta ag an gcomhlacht Seapánach den obair, is léir.

Ní hamháin nach bhfuil an t-inneall chomh cumhachtach is ba cheart dó a bheith, tá sé ag cur sláinte na dtiománaithe i mbaol. Dúirt príomhbhainisteoir Aston Martin, Adrian Newey, go mbíonn an t-inneall ag creathadh chomh dona sin go ndéanfar damáiste do néaróga na dtiománaithe má bhíonn siad sa gcarr rófhada. Dúirt an Spáinneach Fernando Alonso nach mbeadh sé in ann níos mó ná 25 cuaird den raon a dhéanamh. Faraor, beagnach trí scór cuaird a bheidh le déanamh i Melbourne ar an Domhnach. Deir Aston Martin agus Honda go bhfuil súil acu an fhadhb a leigheas roimhe sin nó turas corrach go maith a bheidh le déanamh ag Alonso agus a chomrádaí Lance Stroll.
Réaltaí an Daingin
Beidh roinnt d’imreoirí Dhaingean Uí Chúis ar ais i bPáirc an Chrócaigh Dé hAoine seo chugainn agus tuilleadh gradam á mbailiú acu. Cúigear ón bhfoireann a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na hÉireann mí Eanáir a roghnaíodh ar Shárfhoireann Peile na gClubanna i rith na seachtaine.
Is beag seans go mbeidh Mark O’Connor ag déanamh a bhealach anall ón Astráil an uair seo don ócáid bhronnta ach tá sé ainmnithe i lár na páirce ar fhoireann na bliana. Tá Tom O’Sullivan agus Conor Flannery rognaithe i measc na gcosantóirí agus na col ceathracha Paul agus Dylan Geaney i measc na dtosaithe.
Tá Dylan agus Tom O’Sullivan ainmnithe ar an ngearrliosta do Pheileadóir Club na Bliana chomh maith agus ainmniúchán faighte freisin ag Ruaidhrí Fallon ó Naomh Bríd, a bhí ar fheabhas sa gcluiche ceannais in aghaidh an Daingin.
Ceathrar ó sheaimpíní Ros Comáin atá ar fhoireann na bliana, Fallon, Seán Trundle, Paul McGrath agus Conor Hand, a ainmníodh mar leatosach láir. Tá triúr ó Bhaile Buadáin Naomh Éanna le gradaim a fháil, Ross McGarry, Ryan O’Dwyer agus an Gaillimheach Céin D’Arcy agus beirt ó sheaimpíní Uladh, An Bhoth, atá ainmnithe, an cúl báire Rory Beggan agus an cosantóir Damien McCardle. Roghnaíodh Steven Sherlock ar an bhfoireann chomh maith as na gaiscí a rinne sé le Cumann Barra Naofa i gcraobhacha Chorcaí agus na Mumhan.
Sárfhoireann Peile na gClubanna 2025/26: Rory Beggan (An Bhoth); Damien McCardle (An Bhoth), Seán Trundle (Naomh Bríd), Tom O’Sullivan (Daingean Uí Chúis); Ruaidhrí Fallon (Naomh Bríd), Conor Flannery (Daingean Uí Chúis), Paul McGrath (Naomh Bríd); Mark O’Connor (Daingean Uí Chúis), Céin D’Arcy (Baile Buadáin Naomh Éanna); Ross McGarry (Baile Buadáin Naomh Éanna), Conor Hand (Naomh Bríd), Dylan Geaney (Daingean Uí Chúis); Ryan O’Dwyer (Baile Buadáin Naomh Éanna), Paul Geaney (Daingean Uí Chúis), Steven Sherlock (Cumann Barra Naofa).
Cluiche an deireadh seachtaine – Athletic Club v FC Barcelona (Dé Sathairn, 20:00)
Is é El Clásico idir na fathaigh Real Madrid agus Barcelona an choimhlint mhór sacair thall sa Spáinn ach ócáidí móra iad na cluichí idir Barcelona agus Athletic Club ó Bilbao chomh maith, coimhlint a bhfuil ‘clásico na mionteangacha’ baistithe ag Tuairisc uirthi.
Tá Barcelona agus Athletic ar phéire de na cumainn is sine sa Spáinn agus iadsan agus Real Madrid an t-aon trí fhoireann nár thit riamh ón bpríomhroinn.
Tá cáil ar acadamh Barcelona as forbairt a dhéanamh ar imreoirí óga, Lionel Messi, Andres Iniesta agus Lamine Yamal ina measc, ach tá an obair a dhéanann Athletic chomh éachtach céanna. Ní féidir ach d’imreoirí a rugadh i dTír na mBascach nó a tháinig tríd acadamh Athletic imirt don chumann, riall a chuireann srian mór ar an bpríomhfhoireann ach a chruthaíonn nasc mór leis an lucht tacaíochta. Bhíodh an polasaí céanna ag Real Sociedad freisin mar a tharlaíonn sé ach cuireadh deireadh leis in 1989 le teacht iar-imreoir na hÉireann, John Aldridge.
Faraor, ní fheicfear réalta mór Athletic anocht agus gortú ag gur as do Nico Williams agus gortú bléine ag cur as dó. Tá ag éirí go maith le Athletic gan é áfach agus gan aon cheann chluiche sraithe caillte acu le sé chluiche anuas. Bhí na torthaí go dona ag Athletic mí na Nollag agus mí Eanáir, áfach, rud a fhágann go bhfuil siad faoi bhrú áit i gceann de chomórtais na hEorpa a bhaint amach don séasúr seo chugainn.
Is ar bharr na sraithe atá Barcelona agus iad ceithre phointe chun cinn ar Real Madrid roimh chluiche an deireadh seachtaine seo. Baineadh tuisle acu an mhí seo caite nuair a chaill foireann Hansi Flick dhá chluiche as a chéile ach tá siad ar an mbóthar ceart arís agus trí chluiche as a chéile buaite.
Níl buaite ag Athletic ar Barcelona sa tsraith ó 2019 agus má bhíonn Lamine Yamal leath chomh maith oíche Dé Sathairn is a bhí sé seachtain ó shin, nuair a scóráil sé trí chúl i gcoinne Villareal, d’fhéadfadh go mbeadh na Bascaigh ag fanacht ar a laghad leathbhliain eile.
Fág freagra ar 'Cuma chreathach ar Aston Martin roimh thús shéasúr an F1, réaltaí an Daingin agus ‘Clásico na Mionteangacha’'