Cultúr Gaelach Bhéal Feirste le plé ag sraith léachtaí sa chathair

Beidh léachtaí agus ranganna Gaeilge á reáchtáil in Oifig na dTaifead Poiblí i mBéal Feirste an mhí seo

Belfast Streets Ahead

Cuirfear tús inniu, Dé Céadaoin, le sraith léachtaí atá á n-eagrú Oifig na dTaifead Poiblí, Tuaisceart Éireann (PRONI) agus ag Foras na Gaeilge in oifigí PRONI i gcaitheamh mhí na Samhna. Beidh réimse leathan téamaí, a bhainfidh le gnéithe éagsúla de cheisteanna teanga agus den chultúr Gaelach, á phlé ag na léachtaí.

‘Na Pháidithe’ a bheidh mar théama ag an Dr Fionntán de Brún sa chéad léacht a bheidh ar siúl inniu. Cainteoirí dúchais Gaeilge as Ó Méith a tháinig go Béal Feirste sna 1800idí a bhí sna Pháidithe, a dtugtaí ‘The Fadgies’ orthu i mBéarla, mar gur oibrigh siad mar dhíoltóirí iasc agus torthaí.

Beidh rang Gaeilge ar siúl freisin san oifig ina mbeidh deis ag an bpobal bunscileanna Gaeilge a fhoghlaim. Is í Caoimhe Ní Chathail a bheas i mbun na ranganna seo.

Is i mBéarla a bheas na léachtaí ar siúl, thar thréimhse ceithre seachtaine. An tseachtain seo chugainn, an 11 Samhain, beidh léamh filíochta ann. Pléifidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín logainmneacha ar an 18 Samhain agus cuirfidh an Dr Marcas Mac Coinnigh deireadh leis an tsraith lena léacht siúd ar Blason Populaire sa Bhéaloideas ar an 25 Samhain.

Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, go bhfuil “lúcháir” ar an bhForas na léachtaí agus na ranganna a chur ar fáil.

“Trí theacht le chéile mar seo, beidh muid ábalta comhthéacs cultúrtha a chur ar fáil a spreagfas daoine le heolas níos doimhne a chur ar an nGaeilge agus sult a bhaint aisti,” a dúirt sé.

Tá an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín tar éis iarraidh ar dhaoine ó gach aon chúlra “tuilleadh eolais a chur ar an nGaeilge” trí fhreastal ar na himeachtaí in Oifig na dTaifead Poiblí.

“Tabharfaidh na cainteanna seo deis iontach do dhaoine de gach cúlra eolas níos doimhne a chur ar thionchar na Gaeilge ar ár gcultúr. Foghlaimeoidh siad bunscileanna agus bunchoincheapa teanga sna ranganna Gaeilge,” a dúirt an tAire.

Fág freagra ar 'Cultúr Gaelach Bhéal Feirste le plé ag sraith léachtaí sa chathair'