Cúl á thabhairt ag Úcránaigh ar líne leis an Rúisis – taighde nua

Léiríonn taighde nua gur thosaigh líon mór Úcránach ag úsáid na hÚcráinise ar na meáin shóisialta roimh agus le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin.  Foireann ildisciplíneach taighdeoirí ó dhá ollscoil in Munich agus ollscoil in Bath Shasana a rinne an taighde a foilsíodh san iris Communications Psychology.  Scrúdaigh na taighdeoirí breis agus 4 […]

Cúl á thabhairt ag Úcránaigh ar líne leis an Rúisis – taighde nua

Léiríonn taighde nua gur thosaigh líon mór Úcránach ag úsáid na hÚcráinise ar na meáin shóisialta roimh agus le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin.  Foireann ildisciplíneach taighdeoirí ó dhá ollscoil in Munich agus ollscoil in Bath Shasana a rinne an taighde a foilsíodh san iris Communications Psychology.  Scrúdaigh na taighdeoirí breis agus 4 milliún tvuít ó nach mór 63,000 úsáideoir idir Eanáir 2020 agus Deireadh Fómhair 2022.

Ag tús thréimhse an staidéir bhí an Rúisis i bhfad chun tosaigh mar phríomhtheanga chumarsáide i measc na ndaoine sa ghrúpa. Breis agus 2,000 tvuít i Rúisis in aghaidh an lae a bhí á seoladh acu an uair sin, i gcomparáid le níos lú ná 1,000 tvuít san Úcráinis agus níos lú ná 500 tvuít i mBéarla.

Ach chuaigh úsáid na Rúisise i léig de réir a chéile agus tháinig borradh ollmhór faoi úsáid na hÚcráinise nuair a cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an 24 Feabhra 2022.  Faoi dheireadh thréimhse an taighde, breis agus 2,000 tvuít in aghaidh an lae a bhí á seoladh san Úcráinis, thart ar 1,000 a bhí á seoladh i mBéarla agus níos lú ná 1,000 a bhí i Rúisis.

Tá an taighde seo ag teacht le taighde eile a léiríonn méadú ar úsáid na hÚcráinise agus laghdú ar úsáid na Rúisise i measc mhuintir na hÚcráine sa bhaile, go sóisialta agus san áit oibre.  Tá nach mór gach duine san Úcráin ábalta Úcráinis agus Rúisis a labhairt cé go mbíonn a lán acu níos mó ar a gcompord le ceann nó ceann eile ag brath ar a gcúlra.

Dar leis na taighdeoirí léiríonn na torthaí go ndearna go leor daoine rogha chomhfhiosach féiniúlacht níos Úcránaí a ghlacadh chucu féin ar líne. D’athraigh breis agus leath de na daoine sa sampla taighde ó bheith i mbun cumarsáide go príomha sa Rúisis go dtí an Úcráinis.    Creideann na taighdeoirí gur féidir amharc air seo mar chomhartha go bhfuil “freasúra na saoránach in aghaidh na Rúise méadaithe agus go bhfuil daoine ag filleadh ar fhréamhacha teangeolaíocha na tíre chomh maith le bheith ag bogadh i dtreo féin-aitheantas Úcránach.”

Fág freagra ar 'Cúl á thabhairt ag Úcránaigh ar líne leis an Rúisis – taighde nua'

  • Gabriel Rosenstock

    Fáiltímis roimh ionradh eile ó Shasana. Chuirfeadh sé go mór le húsáid na Gaeilge.

  • sderóiste

    . Cén chaoi ar fhoghlaim doaine teanga nua thar oíche? Óm tá’s agam: is beag difir atá ann idir Rúisis is Úcráinis (cosúil le Béarla Shasana agus Béarla Albann). Nach bhfuil tuiscint ar bith ag teangeólaíocht ag Fachtna?

  • Art

    Níl aon amhras ó labhairt le hÚcráinigh thart anseo go bhfuil seo ag tarlú ach ró-luath le cé chomh buan is atá sé. Rud amháin is ea ar líne ach airíonn daoine a tógadh le Rúisis agus a d’fhoghlaim Úcráinis mar a Dara teanga é deacair aistriú go háirithe ina saol pearsanta agus teaghlaigh. Ach cuma ar an scéal go bhfuil stádas na hÚcráine sa saol poiblí neartaithe. A lán daoine cáiliúla d’úsáid siad Rúisis go poiblí mar go raibh margadh ollmhór acu sa Rúis agus bhí orthu í a úsáid mar nach dtuigeann Ŕúisigh Úcráinis. Ach tá an caidreamh idir na tíortha scriosta ag an ionradh.