‘Cuirtear an dlí ar dhaoine a dhéanann neamhaird d’fhógraí slandála’ — Teachta Dála ó Fhianna Fáil

Mhol Thomas Byrne, ó Fhianna Fáil, gur cheart go mbeifí in ann coir a chur i leith duine a dhiúltódh láthair a fhágáil ar ordú oibrí éigeandála

‘Cuirtear an dlí ar dhaoine a dhéanann neamhaird d’fhógraí slandála’ — Teachta Dála ó Fhianna Fáil

Tá ráite ag polaiteoir sinsearach de chuid Fhianna Fáil, an Teachta Dála Thomas Byrne, gur cheart reachtaíocht a thabhairt isteach a chinnteodh gur coir a bheadh ann diúltú do threoir ó oibrí éigeandála le linn do rabhadh contúirte ‘dearg’ a bheith i bhfeidhm.

Mhol Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil, an méid sin innu, i bhfianaise scéalta faoi dhaoine a bheith ag déanamh neamhaird de threoracha láithreacha cois cósta a fhágáil agus cuid acu amuigh ag snámh le linn na stoirme Ophelia.

Le linn na stoirme innu, chuir an Garda Síochána agus na seirbhísí éigeandála a gcuid frustrachais in iúl mar gheall ar dhaoine gan aon bheann a bheith acu ar fhógraí slándála.

Dúirt Byrne ar Twitter tráthnóna gur cheart go mbeifí in ann coir a chur i leith duine a dhiúltódh láthair a fhágáil ar ordú oibrí éigeandála.

Roinn Byrne giolc a scaip an láithreoir David Sheehan, ón stáisiún raidió LMFM in oirthear na tíre, ina fheictear tuairisc ó Sky News faoi fhear a chonacthas san uisce i mBóthar na Trá innu.

Níos luaithe innu, thángthas i dtarrtháil ar bheirt surfálaithe gaoithe i gcontae Lú i ndiaidh dóibh dul amach ar an bhfarraige in ainneoinn an fholáirimh náisiúnta aimsire. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus tuairiscíodh go raibh an bheirt “i gcruachás”, ach tá séanta ag na surfálaithe ó shin go raibh aon trioblóid acu ar an bhfarraige.

Cháin Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Garda Síochána daoine a bhí amuigh ag siúl, cuid acu le páistí óga, i mBóthar na Trá innu ainneoin foláireamh a bheith tugtha do dhaoine fanacht glan ar an promenade ansin.

Fág freagra ar '‘Cuirtear an dlí ar dhaoine a dhéanann neamhaird d’fhógraí slandála’ — Teachta Dála ó Fhianna Fáil'