Cuireann an Ghaeilge ‘mearbhall’ agus ‘leadrán’ ar dhaltaí bunscoile – taighde nua

Deirtear sa tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde náisiúnta Children’s School Lives nach mbíonn ‘suim’ sa Ghaeilge ach ag thart ar bheirt as gach cúigear daltaí faoin am go mbaineann siad rang a ceathair amach

Cuireann an Ghaeilge ‘mearbhall’ agus ‘leadrán’ ar dhaltaí bunscoile – taighde nua

Braitheann go leor daltaí bunscoile go n-imíonn an t-am níos moille sa rang nuair a bhíonn an Ghaeilge á teagasc, a deirtear i dtuarascáil nua.

Deirtear sa tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde náisiúnta Children’s School Lives nach mbíonn ‘suim’ sa Ghaeilge ach ag thart ar bheirt as gach cúigear daltaí (42%) faoin am go mbaineann siad rang a ceathair amach.

Chomh maith leis sin, tuairiscítear go gcuireann foghlaim na Gaeilge mearbhall agus leadrán ar os cionn leath de dhaltaí.

“Murab ionann agus an dearcadh sách dearfach a bhí coitianta ag daltaí sa dá chohórt agus ag gach grád i leith fhoghlaim na matamaitice agus an Bhéarla, bhí tuairimí níos diúltaí á léiriú go seasta i leith fhoghlaim na Gaeilge,” a deirtear sa chúigiú tuarascáil ó CSL.

“Bhí baint aige seo leis na deacrachtaí a bhíonn ag páistí nuair a bhíonn siad ag foghlaim na Gaeilge agus leis an mothú nach bhfuil siad ábalta chuige.

“Dúirt formhór páistí go bhfaigheann siad deacair é mar gheall ar fhocail agus fuaimeanna nach bhfuil taithí acu orthu, agus bhí go leor acu ar mhian leo go dtabharfadh múinteoirí níos mó tacaíochta dóibh ó thaobh an aistriúcháin agus na foghraíochta.”

Ba mhinic páistí ag cur síos ar a dtaithí foghlama ag brath ar cé chomh tapa nó chomh mall a bhraith siad an t-am á chaitheamh sa rang, a deirtear.

“Dúirt páistí gur imigh an t-am go tapa nuair a thaitin an t-ábhar a bhí á theagasc leo. I gcás ábhair nach raibh páistí chomh tógtha sin leo, amhail an Ghaeilge, bhraith siad gur i bhfad níos moille a d’imigh an t-am.”

I gcás páistí i rang a cúig, ba í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a chuir leadrán orthu. 58% a dúirt gur chuir an Ghaeilge leadrán orthu i gcomparáid le 38% a dúirt amhlaidh faoin mhatamaitic, a bhí sa dara háit ó thaobh an leadráin. An t-ábhar ba lú a chuir leadrán ar na daltaí ná an corpoideachas agus gan ach 4% den tuairim go raibh sé leadránach.

Nuair a cuireadh ceist ar na páistí cé chomh sásta is a bhíonn siad ag foghlaim na n-ábhar éagsúil, ní dúirt ach 27% go mbíonn siad sásta nuair a bhíonn siad ag foghlaim na Gaeilge. Dúirt os cionn leath (52%) go gcuireann foghlaim na Gaeilge mearbhall orthu agus b’údar imní foghlaim na teanga sin ag 27%. Ní dúirt ach 21% go mbíonn siad sásta nuair a bhíonn siad ag foghlaim na Gaeilge, an céatadán is ísle go mór as na hábhair go léir. 58% a dúirt go gcuireann an Ghaeilge leadrán orthu agus níor thug ach 27% le fios go bhfuil suim acu inti mar ábhar.

An ealaín, an ceol agus an Ghaeilge na hábhair ba lú fiúntas ag na daltaí. Níos lú ná leath de na daltaí a cheap go raibh na hábhair sin “an-úsáideach”. Níor cheap ach 38% go raibh an Ghaeilge “an-úsáideach” agus cheap 26% nach raibh sí ró-úsáideach ar chor ar bith.

Curriculum and Assessment in Children’s School Lives: Experiences from Primary Schools in Ireland 2019-2023 is teideal don séú tuarascáil i dtionscnamh taighde fadtéarmach CSL.

Tá an taighde bunaithe ar thaithí dhá chohórt daltaí. Rinneadh suirbhé ar an gcéad dream nuair a bhí siad sna naíonáin bheaga agus arís nuair a bhí siad i rang a dó. Rinneadh suirbhé ar an dara dream nuair a bhí siad i rang a dó agus arís nuair a bhí siad ag tosú rang a sé.

De réir an taighde bíonn imní níos mó ar dhaltaí faoi thástálacha faoin am go mbíonn siad i rang a ceathair.

Dúirt aon trian de na daltaí go mbíonn imní orthu i gcónaí roimh agus i ndiaidh na dtástálacha caighdeánaithe. Dúirt aon trian nach mbíonn aon imní dá leithéid orthu agus dúirt an trian eile go gcuireann na tástálacha imní uaireanta orthu.

B’fhearr le formhór na ndaltaí go ndéanfadh a múinteoirí measúnú neamhfhoirmeálta orthu.

Fág freagra ar 'Cuireann an Ghaeilge ‘mearbhall’ agus ‘leadrán’ ar dhaltaí bunscoile – taighde nua'

  • giorrua

    Tá an leadran tábhachtach le scileanna a fhoghlaim. Mura dtugann gasúr faoi dhúshlán ní bheidh scil ar bith acu. Teanga, ceol nó ealaín. Freisin is cuid den fhoghlaim é an teacht aniar. Gan dúshlán ní bheidh teacht aniar ar bith ag gasúir.

  • Tash

    An t-aon ionas atá orm fé na torthaí seo ná, níl siad níos measa ná ata.
    Tá na sluaithe ag rá le fad go bhfuil an córas mí-oiriúnach agus go bhfuil an curaclam lochtach.
    Cathain go tosnóidh an Roinn Oideachais ag éisteacht leo?

  • Lorcan

    Suim sa Ghaeilge ag thart ar bheirt as gach cúigear? Ba bhreá an rud é dá bhféadfaí an rud céanna a rá fé Theachtaí Dála na tíre…

  • Gabriel Rosenstock

    Nílim chun ainm ar bith a lua ach lig dom a rá gur thugas cuairt ar theach foilsitheoireachta in Éirinn a chuireann leabhair scoile agus acmhainní foghlama ar fáil. D’fhéachas ar a raibh á fhoilsiú sa Ghaeilge acu. D’fhéachas ansin ar an réimse Béarla. Ba mhó, ba ilghnéithí agus ba tharraingtí ar go leor slite é an t-ábhar Béarla ná an t-ábhar Gaeilge. (Táim ag dul siar 30 éigin bliain anois). ‘Cén fáth atá leis sin?’ arsa mise. Arsa an treoraí liom, ‘Faighimid treoracha ón Roinn Oideachais; deir siad linn béim mhór a chur ar an mBéarla.’ Sin é mo scéal agus má tá bréag ann, bíodh.
    Is ag déanamh éagóra air féin atá an páiste má cheapann sé nach bhfuil an ealaín ná an Ghaeilge, abraimis, úsáideach. ‘Utilitarianism’ nó fóntachas is ea an fhealsúnacht sin. Fealsúnacht bhréige. ‘Cad is fiú é!’ Cad is fiú ceol Bach? Cad is fiú seit Chiarraí? Cad is fiú solas na gealaí? Ní fiú faic solas na gealaí ach fós féin, deir an t-amhrán ‘Níl ní ar bith is áille ná an ghealach os cionn an tsáile.’

  • jpmorley0@gmail.com

    Fíor-shuimiúil ach ní haon ionadh liom é. Tá Foley meáite ar an tríú teanga a chur á múineadh sna bunscoileanna anois freisin. Cén glacadh a bheidh ag daltaí leis na fuaimeanna aduaine sin? An bhfostófar cainteoirí dúchais ón bhFrainc srl lena múineadh? An bhfuil aon bhaint ag cumas, díograis nó cur chuige an oide leis an gceist seo nó ag an mbealach ina múintear an teanga?

  • Siob

    Cárbh as do na daltaí sin? más rud é nach as Éirinn dóibh, cén fáth a mbeadh súil go mbeadh suim acu sa Ghaeilge?

  • Seán ÓM

    An bhfuil Gaeilge mhaith ag na múinteoirí féin?

    Is dóigh liom go bhfuil Gaeilge mhaith ag timpeall ar bheirt as gach cúigear múinteoir – agus iad in ann í a mhúineadh i mbealach spreagúil agus spéisiúl.

    Bíonn an 3/5 eile ag múineadh díreach as an leabhar scoile i mbealach leadránach.

    Sin an fáth go bhfuil suim ag timpeall ar bheirt as gach cúigear dálta freisin is dócha. Agus leadrán ar an 3/5 eile de na daltaí.

    Ní féidir a bhronnadh nach bhfuil agat.

  • Seán ÓM

    Go Deimhin – bheadh sé spéisiúil le fáil amach …. An bhfuil na daltaí a bhfuil spéis acu go léir sna ranganna/scoileanna céanna den chuid is mó?

    Agus a mhalairt sin, am bhfuil na daltaí a bhfuil leadrán orthu go léir sna ranganna/scoileanna céanna den chuid is mó?

    Más amhlaidh an scéal, is deimhniú é go mbaineann an scéal le cumais na múinteoirí.

  • Gerry Sóna

    Corpoideachas, ceol agus stair na hÉireann i nGaeilge ón tús agus ansin ní bheadh sé mar abhar ach mar mhean chumarsaide acu.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Eh, cad chuige a bhfuil béarla luaite dhá uair ar an darna graif san alt seo?

    Smaoineamh maith ag Gerry Sona; corpoideachas, ceol agus stair na hÉireann a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge.

    Caidé fá fhíseáin de ranganna ó scoltacha gaeltachta agus gaelscoltacha a tháispeáint do na páistí agus na múinteoirí sin? Nó cláir teilifíse gaeilge do pháistí – mar chuid den rang.

    Narbh fhiú an aibitir gaeilge a úsáid leis an fhuaimíocht cheart a fhoghlaim?

    Cé hiad an Roinn Oideachais? Nach iad daoine atá ag déanamh na cinní leis an ghaeilg a dhíbirt ón fhoghlaim? Ach cé hiad na daoine sin…?