Cúigear eile básaithe, 423 cás nua den choróinvíreas fógartha

Tá ráta scaipthe an ghalair fós níos airde ná an meánráta náisiúnta i nDún na nGall agus i gcontae na Mí

Cúigear eile básaithe, 423 cás nua den choróinvíreas fógartha

Tá cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

423 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

232 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 56 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 13 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 663,411 duine agus an dara dáileog faighte ag 272,676 duine.

Bhain 23 den 423 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

20 cás a bhí i nGaillimh, 15 cás a bhí i nDún na nGall agus 11 cás a bhí i nGaillimh.

Naoi gcás a bhí i bPort Láirge, níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

 Bhain 199 den 423 cás is déanaí le Baile Átha Cliath.

Meánráta 152 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Ráta 213 atá i nDún na nGall agus tá an ráta i gcontae na Mí, 188, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 92 atá i Maigh Eo, 86 atá i nGaillimh agus 72 atá i bPort Láirge. Ráta 57 atá i gCorcaigh agus 29 atá i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna.

88 cás nua den ghalar a deimhníodh. 97 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 12 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 790,860 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 167,923.

6,853 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,121 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,732 duine ó dheas di.

357,146 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 239,325 cás ó dheas den teorainn agus 117,821 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, deir an EMA gur chóir leanacht ar aghaidh ag tabhairt na vacsaíne AstraZeneca do gach aoisghrúpa ach téachtáin fola as an ngnáth a lua léi mar fho-iarmhairt annamh.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Dúradh, áfach, gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná an riosca beag a bhaineann léi.

Dúradh gur chóir daoine a chur ar an eolas faoin líon íseal cásanna de théachtáin fola neamhghnácha agus gur chóir a leithéid a liostú i measc na bhfo-iarmhairtí annamha a bhaineann leis an tsnáthaid.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin.

Dúirt ceann feadhna an EMA, Emer Cooke, go raibh an tsnáthaid AstraZeneca an-éifeachtach i gcónaí.

“Tá cruthúnas ann go bhfuil an vacsaín seo an-éifeachtach –coisceann sí drochthinneas, coinníonn sí daoine ón ospidéal agus sábhálann sé beatha daoine.

“Tá an vacsaíniú an-tábhachtach go deo dúinn sa troid in aghaidh an Covid-19 agus caithfimid na vacsaíní atá againn a úsáid chun sinn a chosaint ó thionchar tubaisteach an ghalair.”

Rinne an EMA a bhfógra i ndiaidh tuairiscí ó thíortha éagsúla faoi chásanna annamha ach cásanna tromchúiseacha de théachtáin fola i measc daoine a raibh an tsnáthaid AstraZeneca faighte acu.

Rinne Coiste Sábháilteachta an EMA staidéar ar 62 cás téachtán fola san inchinn agus 24 cás san abdóman. Fuair daoine bás in 18 cás.

Dúirt an EMA roimhe seo nach bhféadfaí a rá go cinnte glan nach raibh ceangal ar bith idir an téachtadh fola an-neamhghnách agus an vacsaín, ach gur léirigh fianaise na heolaíochta “gur bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín le saoránaigh a chosaint ón Covid-19”.

Fág freagra ar 'Cúigear eile básaithe, 423 cás nua den choróinvíreas fógartha'