Cúigear nua ainmnithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta, an cathaoirleach chun éirí as

Beidh Mary Uí Chadhain ag éirí as cathaoirleacht Bhord Údarás na Gaeltachta ag deireadh na bliana, rud a fhágann go mbeidh cathaoirleach nua ag teastáil ag tús na bliana seo chugainn, roinnt míonna sula bhfuil sé i gceist toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais

Cúigear nua ainmnithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta, an cathaoirleach chun éirí as

Tá cúig fholúntas atá ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó mhí Eanáir seo caite líonta.

Beirt as Conamara, beirt as Gaeltacht Dhún na nGall agus duine as an Rinn atá ainmnithe ag Airí na Gaeltachta, Catherine Martin agus Patrick O’Donovan,  ar bhord na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Is iad an bheirt as Conamara atá ainmnithe ar an mBord, Máire Áine Uí Ailín, Oifigeach Socrúchán in Ollscoil na Gaillimhe, arb as Ceantar na nOileán i gConamara ó thús di, agus Sonya Uí Shíoda, iarcheannasaí seirbhísí corparáideacha san Údarás, atá ina cónaí i Maigh Cuilinn.

Beirt as Dún na nGall atá ainmnithe, Caitlín Ní Bhroin, as Machaire Rabhartaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i gCloch Cheann Fhaola, agus Seán Ó Cuireáin, iarchomhalta ar bhord an Údaráis atá ag obair mar Bhainisteoir ar Ionad Saorálaí Dhún na nGall.

Micheál Ó Drisleáin, iarstiúrthóir ar Choláiste na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge, an cúigiú duine atá ainmnithe ar an bord.

Tá Mary Uí Chadhain, Cathaoirleach ar bhord eatramhach an Údaráis, athcheaptha ar an mbord chomh maith. Tá sé i gceist ag Mary Uí Chadhain, iarstiúrthóir airgeadais TG4, éirí as cathaoirleacht an bhoird ag deireadh na bliana, rud a fhágann go mbeidh cathaoirleach nua ag teastáil ag tús na bliana seo chugainn. Leanfaidh Mary Uí Chadhain ar aghaidh mar ghnáthchomhalta ar an mbord i ndiaidh di éirí as.

Beidh folúntas eile le líonadh chomh maith ó tharla go bhfuil sé i gceist ag Debra Ní Shúilleabháin, duine den seachtar comhaltaí atá ar an mBord ó mhí Feabhra na bliana seo, éirí as láithreach.

11 comhalta, seachas an 12 comhalta atá leagtha síos sa reachtaíocht, atá ar bhord an Údaráis anois.

Bíonn 12 comhalta uile ar Bhord Údarás na Gaeltachta – cúigear a bhíonn ainmnithe ag údaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, agus seachtar eile a bhíonn ceaptha ag Aire na Gaeltachta.

Tiocfaidh athrú ó bhonn ar an mBord an bhliain seo chugainn má dhéantar toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i mí an Mheithimh.

De réir cosúlachta, sin an polasaí atá ag an Rialtas i gcónaí, ach, mar a thuairiscítear ar an suíomh seo ar maidin, níl an bille a bhfuil faoi an toghchán a thabhairt ar ais ar liosta na bpíosaí reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.

De réir na dréacht-reachtaíochta i dtaobh an toghcháin, bord 16 comhalta a bheadh i gceist seachas 12 mar atá faoi láthair, agus dhéanfadh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófaí an seisear eile a bheadh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Dúirt an an tAire Catherine Martin go rachadh comhaltaí nua-ainmnithe  Údarás na Gaeltachta “i mbun a gcuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht” agus gur eagraíocht í an tÚdarás “a bhfuil ról lárnach le himirt aici i saol phobal na Gaeltachta”.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan “go mbíonn agus go mbeidh dúshláin éagsúla, sean agus nua, ag teacht i dtreo Údarás na Gaeltachta go síoraí seasta” ach go gcabhródh na comhaltaí nua go léir leis an eagraíocht dul i ngleic leis na dúshláin sin.

Fág freagra ar 'Cúigear nua ainmnithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta, an cathaoirleach chun éirí as'