Shíl an Saoithín Aeráide go raibh rud nó dhó ar eolas aige maidir le truailliú na timpeallachta ach tá truailliú na timpeallachta cosúil leis an salann i mbia próiseáilte: tá sé i nach mór chuile shórt, fiú i rudaí nach gcuimhneofá orthu go deo – féach ar uimhir a haon ar an liosta seo, mar shampla.
- Ríomhphost.
Ríomhphost? Dáiríre? Is ea go deimhin, na GB-anna sin ar fad de spás stórála a thugann Google, Yahoo, Outlook agus a leithéidí dá gcuid úsáideoirí, caithfear iad a stóráil go fisiciúil in áit éigin: in ionad sonraí. Agus mar is eol dúinn faoin am seo ní hamháin go n-úsáideann ionaid sonraí an t-uafás leictreachais ach slogann siad siar na mílte milliún lítear uisce in aghaidh na bliana.
Cuimhnigh ar na teachtaireachtaí sin ar fad gan ghá a líonann do bhosca isteach gach lá: fógraí ó shiopaí ar-líne inar cheannaigh tú rud éigin trí bliana ó shin, nuachtlitreacha ó eagraíochtaí nach bhfuil baint ar bith agat leo a thuilleadh, teachtaireachtaí ag iarraidh ort léirmheas a scríobh ar Tripadvisor faoi óstán ar fhan tú ann. Beidh an Saoithín Aeráide ag iarraidh ar na comhlachtaí, na carthanachtaí agus na heagraíochtaí ar fad nach bhfuil spéis aige iontu a thuilleadh a sheoladh ríomhphoist a bhaint dá gcuid liostaí.
- Seampú agus glóthach chithfholctha
Tá ábhar mícreaphlaisteach in go leor seampúnna agus glóthacha cithfholctha, agus síos an draein agus isteach san fharraige a théann sé sin tar éis duit cith a thógáil. Gallúnach seanfhaiseanta a úsáideann an Saoithín Aeráide agus cloíonn sé le riail a chuir a mháthair i bhfeidhm fadó maidir le seampú: is leor braoinín ar cóimhéid le pónaire.
- Guma coganta
Ní as guma nádúrtha ach as ábhair shaorga a tháirgtear as ola a dhéantar an chuid is mó den ghuma coganta a dhíoltar sa lá atá inniu ann. Ní bhriseann guma coganta síos go nádúrtha; mura ndóitear é mar chuid de dhramhaíl tí beidh sé ina ghuma coganta go deo. Tá cosc ar ghuma coganta i Singeapór ó bhí 1992 ann agus tá sé in am cosc a chur air ar fud an domhain (ní mhothóidh an Saoithín Aeráide uaidh é – ní raibh dúil aige ann riamh.)
- Boinn ghluaisteáin
Gan dabht tá carranna go dona don timpeallacht agus don aeráid ar iliomad cúiseanna (astaíochtaí CO2, mianadóireacht litiam) ach an raibh a fhios agat go bhfágann na boinn go leor ábhar micreaplaisteach san aer agus ar dhromchla an bhóthair de réir mar a chaitear iad, agus go sileann an t-ábhar micreaphlaisteach sin isteach san ithir? Fíric fhánach: tá an taobh istigh de bhoinn ghluaisteáin déanta as ceann de na hábhair chéanna a úsáidtear chun guma coganta a tháirgeadh.
- Coinnle
Ní ar ghuma coganta amháin ba chóir cosc a chur, dar leis an Saoithín Aeráide, ach ar an Nollaig freisin – nó ar a laghad ar bith, ar choinnle. As pairifín (a dhéantar as ola agus as gual donn) nó as stéirín (a dhéantar as saill na mbeithíoch nó as ola pailme) a dhéantar coinnle, rud a chiallaíonn nach é a ndó amháin (astaíochtaí CO2) ach a ndéantús, go háirithe, a dhéanann dochar don timpeallacht. I muinín lóchrainn a ghutháin phóca a bheidh an Saoithín Aeráide ag dul an chéad uair eile a theipeann ar an leictreachas san oíche – ar a laghad ar bith is le fuinneamh uisce agus gaoithe a ghintear an chuid is mó den aibhléis sa cheantar ina bhfuil cónaí air.
Antain Mac Lochlainn
D’foghlaim mé rud nó dhó uaidh sin. Rómhall don seampú ach beidh aird agam ar na coinnle agus ar na ríomhphoist. GRMA a Shaoithín Aeráide