Bhailigh oifigigh pleanála teanga fud fad na tíre le chéile i mBaile Átha Luain an tseachtain seo mar chuid de tionól “gan fasach” inar pléadh na dúshláin atá os a gcomhair siúd a bhíonn ag plé leis an bpleanáil teanga ar bhonn áitiúil.
D’fhreastail ionadaithe ó bheagnach dhá scór ceantar ar fud na hÉireann ar an gceardlann a d’eagraigh an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga [MNPT].
Dúradh gurb é sin an chéad uair gur tugadh deis d’Oifigigh Pleanála Teanga agus Oifigigh Forbartha teacht le chéile chun na dúshláin a thagann chun cinn ina gcuid oibre a phlé eatarthu féin agus chun na deiseanna atá ann dóibh a fhorbairt. Tugadh faoi chlár oibre aontaithe a leagan amach don Mheitheal chomh maith.
Dúirt Cristín de Mórdha, Ball Coiste leis an MNPT agus Oifigeach Pleanála Teanga le Dúchas an Daingin, gur rabhthas thar a bheith sásta leis an tsuim agus an tacaíocht a léiríodh.
“Seo an chéad uair dúinne Tionól den saghas seo a ghairm agus léiríonn an freastal, le hionadaithe ag taisteal ó cheann ceann na tíre, go raibh géarghá lena leithéid de theacht le chéile. Dar linn tá an tionól seo gan fasach agus léiríonn sé dúinn arís eile go bhfuil ocras don obair chomhpháirtíochta, pobalbhunaithe i measc na n-oifigeach pleanála teanga,” a dúirt de Mórdha.
“Thángamar anseo as ár stuaim féin, lenár gceisteanna féin a chíoradh agus d’éirigh go seoigh leis an tionól. Bhí fuinneamh dochreidte le braistint sa tseomra agus táimid dóchasach gur féidir linn dul i ngleic leis na dúshláin chórasacha atá os ár gcomhair trí chultúr gníomhachais a chothú ón mbun aníos a thugann deis do gach uile dhuine agus ceantar a bheith páirteach agus gníomhach.”
Oifigigh pleanála teanga ó cheantair Ghaeltachta agus ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht a d’fhreastail ar an gcruinniú.
“Bhí cruinniú thar a bheith dearfach againn inniu, dúinn ar fad atá ag obair inár bpobal féin is tógáil croí é teacht le chéile le foghlaim as lámh a chéile,” a dúirt Aoife Ní Chasaide, Oifigeach Óige le Carn Tochair i nDoire.
“Níl ceist ar bith go bhfuil dúshláin romhainn ar fad, ach le chéile tá muid in áit níos fearr le dul i ngleic leis na dúshláin sin.”
Tugadh le fios i dTeach Laighean an tseachtain seo go bhfuil an t-athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, a bhí le foilsiú anuraidh, le foilsiú sna seachtainí seo amach romhainn.
Fág freagra ar 'Cruinniú ‘gan fasach’ reáchtáilte ag oifigigh pleanála teanga chun na dúshláin atá rompu a phlé'