Cruinnithe práinneacha á lorg ag an gConradh maidir le buiséad an Fhorais

‘Laghdú carnach 12% a bheadh i ndán do bhuiséad an Fhorais le trí bliana anuas’ má chuirtear ciorrú na bliana seo i bhfeidhm, a deir Conradh na Gaeilge

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá ‘cruinnithe práinneacha’ á lorg ag Conradh na Gaeilge leis na hAirí airgeadais agus caiteachais ó thuaidh agus ó dheas maidir leis an laghdú a bhfuiltear ag caint faoi ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge.

Táthar ag bagairt laghdú 4.35% a dhéanamh ar an mbuiséad an bhliain seo chugainn. Tá an Conradh ag éileamh ar Arlene Foster, an tAire Airgeadais agus Pearsanra, ar Michael Noonan an tAire Airgeadais, agus ar Brendan Howlin, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gan aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad an Fhorais.

Dúirt an Conradh gur chóir an méid céanna airgid a chur ar fáil don Fhoras i mbuiséad na bliana seo agus a cuireadh ar fáil anuraidh. Dúirt siad gur ‘laghdú carnach de 12% a bheadh i ndán do bhuiséad an Fhorais le trí bliana anuas’ má leanann an dá Rialtas leis an laghdú is déanaí atá beartaithe don eagras. 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, go mbeadh sé “scannalach amach is amach” dá mbainfí ón nGaeilge tráth a bhíothas ag caint ar chaiteachas breise de €1.5 billiún a dhéanamh sa Phoblacht.

“Tá an scéal seo níos measa fós nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an Rialtas ó dheas ag beartú caiteachas breise de €1.5 billiún a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Bheadh sé scannalach amach is amach dá mbeadh an Ghaeilge thíos leis agus an oiread sin airgead breise á chaitheamh acu,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Cruinnithe práinneacha á lorg ag an gConradh maidir le buiséad an Fhorais'