An samhradh thart, bláth an fhómhair ar an gcrann, agus Féile Rós Thrá Lí slán ó lucht a cáinte! Cabhair ó Dhia againn agus cabhair ó Shane Ross iarAire Rialtas, colúnaí san Sunday Independent, stocbhróicéara agus Baile Átha Cliathach ó dhúchas. Mar bharr air sin uilig tá an choróin anois ag cailín tuaithe as contae Laoise. Ní hé amháin sin ach is iníon feilméara í atá in ann obair thraidisiúnta na bhfear a dhéanamh, Katelyn Cummins as Baile Oscail.
Tádar ann fós a dhéanann caitheamh anuas ar chomórtas Rós Thrá Lí ar an gcúis, dar leo, gur féile í seo a dhéanann beagán de mhná na hÉireann agus deir go bhfuil cruth na seanbhealaí ar an atmaisféar a bhaineann leis an gcomórtas.
Níl sé ráite acu seo amach díreach, go bhfios dom, go bhfeictear an comórtas do chuid den dream ardnósach, mar iarsma fánach de shaol na tuaithe.
Ina cholún le gairid, dúirt Shane Ross go mba fuath leis comórtas Rós Thrá Lí ach ó tharla nach raibh aon chlár polaitíochta ar na scáileáin an oíche sin gur thug sé aghaidh go drogallach ar Fhéile Chiarraí. Cén bhrí, ach chinn air a shúil a chaitheamh in aon áit eile nó go raibh an chraobh buaite ag cailín Bhaile Oscail.
Cailín breá ar chuile bhealach, meabhrach, acmhainneach, stáidiúil agus feiceálach, í ag staidéar le haghaidh ceird leictreora agus í leagtha ar chéim a bhaint amach san innealtóireacht. Tuige nach mbeadh na buanna sin uilig aici, cailín as Baile Oscail? Ceart go leor, níor airigh go leor daoine caint ariamh ar Bhaile Oscail roimhe sin. Ach thaispeáin Katelyn Cummins go raibh beocht agus ábaltacht sa réigiún beag tuaithe seo atá suite ar an teorainn idir contaetha Laoise agus Chill Chainnigh.
Cén rath a bheadh ar an bhfómhar gan imeachtaí na tuaithe?
Ar theacht an fhómhair agus daoine ag guairdeall thart, cé a chasfaí dhom ag Seó Chapaillíní Chonamara ach Donie Cassidy, fear gnó agus iarpholaiteoir. Tá aithne agama ar Donie le roinnt mhaith blianta. Ar ndóigh, tá na daoine ardnósacha ag spochadh as Donie Cassidy agus ag déanamh beagán de – cuid acu ar chuma ar bith – le fada an lá. In imeacht na mblianta chuala mé faoi dhianscrúdú é ar RTÉ faoi na damhsaí a d’eagraíodh sé faoi bhranda ‘Damhsa na mBanaltraí’ nó ‘Damhsa na Múinteoirí’. Tuige a raibh sé ag déanamh idirdhealú den sórt sin? Go dtarrthaí Dia sinn! Ach seachain nóiméad, ní raibh duine ar bith dá mbrú in aghaidh a dtola isteach chuig na hócáidí sin. Ní fál go haer a bhí ann, silim?
Bíonn an dream atá cineál postúil faoin gceol ag caitheamh corrsháiteán i dtreo Donie freisin faoin mbaint atá aige le himeachtaí ceol tíre. Ach an oiread leis an dream atá cáinteach ar Fhéile Rós Thrá Lí, is cosúil go bhfuil coimhthíos acu seo le cuid de shaol na tuaithe freisin.
Ach bíodh ciall acu!
Níl stopadh ar bith le Donie Cassidy. Leaid as Baile na gCros i gcroílár chontae na hIarmhí. Níl sé i bhfad as na ceithre scór ach tá fuadar faoi i gcúrsaí gnó. Ceithre óstán atá ag Donie agus a theaghlach i gceantar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath – Cassidy’s, an Belvedere, Barry’s agus Hotel 7. Tá na milliúin le caitheamh orthu as seo go ceann cúpla bliain agus tá na pleananna sin á réiteach faoi láthair. Cuirfear tuairim is trí scór seomra breise le Cassidy’s agus déanfar nascadh idir Barrys agus an Hotel 7, agus tabharfar chuile cheann acu go caighdeán níos iomláine agus níos airde.
Is iontach an lear bealaí a bhfuil lámh curtha ag Donie Cassidy in imeachtaí gnó, siamsaíochta agus caitheamh aimsire. Chuir mé spéis san lear amhrán a bhfuil cearta foilsithe aige orthu, ‘Grace’ agus ‘My Lovely Rose of Clare’ ar phéire acu.
Ceapann sé go mbeadh cáil dhomhanda ar ‘Grace’ dá bhfaighfí fonnadóir aitheanta idirnáisiúnta lena chasadh.
Fág acu é – leithéidí Donie Cassidy agus Katelyn Cummins. Daoine as glúnta éagsúla, as pobail bheaga faoin tuath in Éirinn.
Cé a déarfadh nach gcuireann muintir Bhaile Oscail agus Bhaile na gCros bláth ar an bhfómhar?
Fág freagra ar 'Croí na Féile agus croí na tuaithe'