Cara agus namhaid san am céanna í an áilleacht i gCloch na Rón

Tá cuimse lucht tithe saoire meallta ag áilleacht Chloch na Rón - as 600 teach agus árasán, níl ach 196 acu i seilbh mhuintir na háite

Cara agus namhaid san am céanna í an áilleacht i gCloch na Rón

Chuirfeadh sé amhrán fhile Chiarraí i gcuimhne dhuit: ‘Oh, the town it climbs the mountain and looks upon the sea.’

Barr na Sráide i gCathair Saidhbhín a bhí i gceist ag Sigerson Clifford. Mórán mar a chéile atá baile Chloch na Rón i gConamara, ó bharr an aird síos chomh fada leis an gcéibh agus leis an gcladach. Cuan Chloch na Rón agus Inis Ní amach ar d’aghaidh, agus na Beanna Beola ina gcúlra gorm in aghaidh na spéire.

An baile is deise agus is áille radharc in Éirinn, a deir na ‘saineolaithe’.

Tá a rogha féin ag chuile dhuine. Feictear domsa gur deacair an Caisleán Nua ar chósta chontae an Dúin a bhualadh, é suite ar imeall na mara agus na Beanna Boirche ag sleamhnú anuas lena thaobh.

Ach sin scéal thairis.

Cara agus namhaid san am céanna í an áilleacht i gCloch na Rón, agus tá imní ann go mbeidh sí ina cionsiocair le scrios an phobail. Sin í an tairngreacht neamhghnách atá tugtha mar réamhrá i bPlean Forbartha cúig bliana don cheantar sin. Réitíodh an Plean faoi stiúir an Choiste Forbartha Pobail áitiúil. Is iad ionadaithe na ndaoine atá ag labhairt.

Tá cuimse lucht tithe saoire meallta ag an áilleacht, a deirtear sa gcáipéis agus an pobal atá thíos leis. As 600 teach agus árasán, níl ach 196 acu i seilbh mhuintir na háite. Níl sé inrásta ag muintir na háite, a deirtear, a dhul san iomaíocht ach a dtagann teach ar an margadh; áit anois é do dhaoine saibhre. Scéal fada atá ann ar chúlú sóisialta agus geilleagair sa gceantar.

Tá 22% de laghdú tagtha ar dhaonra bhaile Chloch na Rón ó aimsir Dhaonáireamh 1991 go dtí an lá inniu. Níl ach 16% de phobal na háite faoi bhun seacht mbliana déag d’aois agus níl ach 22 dalta sa mbunscoil ar an mbaile. Tá 30% de mhuintir an phobail os cionn 65 bliain. Tarlaíonn sé go bhfuil na staitisticí sin don aosach ionann agus trí huaire níos airde ná an céatadán náisiúnta.

Eiseamláir é Cloch na Rón do roinnt ceantar tuaithe eile in Éirinn ina mbíonn brú turasóirí iontu sa samhradh, agus a thiteann i gciúnas sa ngeimhreadh. Is beag cuairteoir ná lucht tithe saoire a bhíonn le feiceáil mórán ach a mbíonn Meán Fómhair caite. Ach tá Cloch na Rón ag sleamhnú níos sciobtha ná mórán áit ar bith eile mar é.

De réir mar atá an pobal ag dul in aois, 30% den daonra, is ea is dóichí go gcuirfear tuilleadh tithe ar an margadh den chéad uair. Ansin téann tithe saoire thart i gciorcal dá gcuid féin, scaití teach saoire amháin á dhíol mar theach saoire aríst.

Cé go bhfuil cuimse tithe díolta le daoine deisiúla in imeacht na mblianta, níl a lorg sin le tabhairt faoi deara ar an teacht isteach bliantúil sa gceantar. Taobh le €33,000 in aghaidh an tí atá an t-ioncam sa gceantar, agus sin é an meán-ioncam bliantúil is ísle in iarthar na Gaillimhe. Sin é an pictiúir atá amach ar aghaidh Choiste Pobail an cheantair.

Céard is féidir a dhéanamh faoin gcúlú?

Molann an Coiste Forbartha Pobail go bhféachfaí le talamh a fháil le haghaidh tithe sóisialta, agus tithe a bheadh ar díol ar phraghas réasúnach sa gceantar. Tagann ceist chun cinn ar an bpointe: an mbeifear in ann a theacht ar thalamh ar phraghas ‘réasúnach’ in áit a bhfuil luacháil ard, te bruite ar thalamh? Ina dhiaidh sin féin, tuigeann an Coiste Forbartha i gCloch na Rón nach tráth suí é.

Leagtar béim ar phostanna agus ar ionaid oibre ina mbeadh seirbhísí á gcur ar fáil do chomhlachtaí i bhfad ó bhaile. Plean maith ach go bhfuil an sruth ag teacht in aghaidh ‘obair ón mbaile’ faoi láthair.

Táthar ag iarraidh cúnamh ó Ranna Stáit.

Níl aon tagairt don Ghaeltacht, ná don Ghaeilge sa gcáipéis agus ábhar iontais é sin. Idir Inis Ní, Iorras Beag agus bailte eile, tá cuid de Chloch na Rón sa nGaeltacht go hoifigiúil, cé go bhfuil an Ghaeilge imithe i léig. Ach d’fheilfeadh sé don Choiste aird a dhíriú ar an gceist sin, agus a dhul chomh fada le hÚdarás na Gaeltachta.

Tá cosán fada le treabhadh acu.

Fág freagra ar 'Cara agus namhaid san am céanna í an áilleacht i gCloch na Rón'

  • Carraig

    Mhúin Breandán Ó Beaglaoich, ceoltóir/amhránaí/taistealaí/fear farraige/scríbhneoir/fear seoigh…. dúinn gur gá éirí in airde ar ár gcosa deiridh agus seasamh a dhéanamh (!) i gcoinne neamhshuim, leithcheal agus faillí na n-údarás agus na maistíní mustaracha sa tír seo maidir le Gaeilge, maidir le tithíocht sna Gaeltachtaí AGUS i gceantair imeallacha eile.
    Rug Breandán an bua leis agus tigh breá tógtha anois aige i mBaile na bPoc, agus is maith mar a baisteadh an baile céanna!.
    Go soirbhí Dia é.
    Ní haon mhaith bheith ag lútáil na gcos ag córas claon an rachmais ná ag polaiteoirí na tollmhóire sa tír seo nach bhfuil mar mhana acu ach;
    an té is géire sciain is leis an feannadh. Dála an scéil tá leabhar Bhreanndáin: “Clann na Seanmhuintire” i gcló le tamall i nGaoluinn bhreá bhlasta chanúnach agus i mBéarla.
    Má tá tú gruama nó dumhach an taca seo bliana mise á rá leat go gcuirfidh an leabhar seo sna trithí tú. Ceannaigh.