Crith talún polaitíochta in Massachusetts agus bratach na gCinnéideach íslithe

Den chéad uair riamh tá toghchán caillte ag duine de threibh na gCinnéideach in Massachusetts

Crith talún polaitíochta in Massachusetts agus bratach na gCinnéideach íslithe

Mura mbeadh ann ach rud amháin ba dhíol suntais i bhfad agus i ngearr an toradh a bhí ar an réamhthoghchán Seanaid a bhí ar bun in Massachusetts i Meiriceá inné. Nuair a fógraíodh an toradh go luath ar maidin inné, ba é an chéad uair ariamh é a raibh toghchán caillte ag duine de threibh na gCinnéideach sa Stát sin – stát baile an iarUachtaráin John F. Kennedy agus a dheartháireacha, an Seanadóir Edward Kennedy agus t-iarArd-Aighne i Meiriceá, Robert Kennedy.

Garmhac le Robert Kennedy a chaill an geall. Ocht mbliana ó shin a toghadh Joseph Kennedy 3 ina Fheisire Comhdhála do Thoghcheantar a 14 in Massachusetts. Choinnigh sé an suíochán sin ó shin. Bhí dea-cháil ar an gCinnéideach óg agus branda na hÉireann air go nádúrtha, mura mbeadh ann ach an mullach rua gruaige a luaitear i gcónaí le sliocht mhuintir na hÉireann i Meiriceá.

Bhí a fhios ag an saol le riar blianta go raibh deifir ar Joe Kennedy 3. Bhí sé le tuiscint óna chuid cainte agus an bealach a bhí leis go raibh mianach a mhuintire go láidir ann. Ba léir freisin go raibh sé bródúil as a chúlra in Massachusetts agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí Joe Kennedy 3 ag breathnú roimhe agus ag beartú ról níos cumhachtaí dó féin i bpolaitíocht Mheiriceá.

Anuraidh, chonaic sé a dheis, nó sin a shíl sé.

Tá Edward Markey ina Sheanadóir do Massachusetts ón mbliain 2013 agus ina Fheisire Comhdhála ón mbliain 1976. Bhí sé fógartha aige go dtabharfadh sé iarraidh eile faoi Sheanad Mheiriceá in 2020, beidh toghcháin ann i mí na Samhna seo chugainn. 74 bliain d’aois atá Markey agus cé go bhfuil 44 bliain caite aige ina pholaiteoir in Washington, ní duine é a tharraing aon aird mhór air féin. Dúradh faoi go minic go raibh sé luite isteach leis an gcóras polaitiúil i bpríomhchathair Mheiriceá.

D’fhógair Joe Kennedy 3 go dtabharfadh sé dúshlán Markey d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán Seanaid na bliana seo in Massachusetts. Ó tharla gur Seanadóirí Daonlathacha a chuireann muintir Mhassachusetts go Washington, mura bhfuil uair sa gcéad ann, ba ag buaiteoir an réamhthoghcháin seo a bheadh an suíochán Seanaid. Fear darb ainm Kevin O’Connor atá san iomaíocht ag na Poblachtánaigh ach ní fheictear do dhuine ar bith go bhfuil aon seans aigesean.

Bhí os cionn deich bpointe d’fharasbarr ag Kennedy ar Markey i dtús fheachtas an réamhthoghcháin. Ach de réir mar a chuaigh an aimsir ar aghaidh, neartaigh Edward Markey ar na maidí. Bhain sé cor as cuid mhaith daoine nuair a theann sé isteach leis an eite nua, atá liobrálach, leathréabhlóideach ó thaobh na polaitíochta de, sa bPáirtí Daonlathach. Tháinig an Seanadóir Alexandria Ocasio-Cortez as Nua-Eabhrac i gcúnamh air. Théis di maithe móra de chuid an pháirtí Dhaonlathaigh a chur dá gcosa i Nua-Eabhrac tá teanntás ar leith ag eite nua liobrálach na nDaonlathach léi siúd. Thacaigh an Seanadóir Elizabeth Warren, an dara Seanadóir as Massachusetts le Markey freisin agus bhailigh sé go leor daoine óga timpeall air. Faoin tráth seo, bhí Markey ag bailiú nirt agus é faighte níos liobrálaí ná a chéile comhraic, fear a raibh cáil na polaitíochta liobrálaí ar a mhuintir riamh. Mar fhianaise air sin, bhí an leasainm ‘Leon na Liobrálach’ ar Ted Kennedy i Seanad Mheiriceá.

Is léir gur tháinig feachtas an tSeanadóra Markey i dtír roinnt ar an sruth i measc na nDaonlathach óg atá ar an eite nua liobrálach. Is díol spéise ann féin gur le Markey a chuaigh go leor acu cé go bhfuil bearna mhór aoise idir eisean agus Joe Kennedy (39). San am céanna, síleadh go forleathan in Massachusetts agus níos faide ó bhaile go mbeadh ainm na Chinnéidigh, agus cáil a mhuintire leis na glúnta, ina thaca mór aige agus thug Cathaoirleach Theach na Comhdhála, Nancy Pelosi a tacaíocht dó.

Chuir Markey casadh nach raibh súil leis ar an scéal sin.

Ag tráth amháin sa bhfeachtas dúirt an Seanadóir Markey: ‘Ask what you can do for your country; we got up and did it.’ Tagairt a bhí anseo do chúlra a theaghlaigh; ag dáileadh bainne a bhíodh a athair mar shlí bheatha. Bhí ar an teaghlach – é féin ina measc – cur ar a son féin. Ar ndóigh, bhí na focla a d’úsáid Markey múnlaithe ar ráiteas an Uachtaráin John F. Kennedy agus é ag labhairt ag a insealbhú trí scór bliain ó shin: “Ask not what your country can do for you; ask what you can do for your country.” Áirítear go bhfuil acmhainní móra airgeadais ag Joe Kennedy, cuid den saibhreas a chruthaigh a shin-seanathair agus atá fós á scaipeadh ar a shliocht. Ach, níorbh leor a chuid airgid ná a chúlra cumhachtach dó inné.

D’fhéadfadh lá eile ag a bheith ag Joe Kennedy, an fear a raibh ceapadh mór dó ag go leor daoine atá ag fanacht fós ar aiséirí na gCinnéideach ar an ardán is airde sna Stáit. Beidh le feiceáil. Ach tá a mharc féin fágtha ar an stair anois aige ar bhealach nár theastaigh uaidh – an chéad Chinnéideach a chaill toghchán in Massachusetts.

Fág freagra ar 'Crith talún polaitíochta in Massachusetts agus bratach na gCinnéideach íslithe'