Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh…

Fiú in aimsir na hanachaine, tá ag éirí le scríbhneoirí a lucht léitheoireachta féin a mhealladh, tacaímis leo

Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh…

Pictiúr: AnSiopaLeabhar/Facebook

Thiar sa Márta, sular bhuail an ráig tinnis seo an tír, sheolamar leabhar nua Liam Mhic Cóil, Bealach na Spáinneach, ag ócáid i mbialann agus siopa leabhar Sé M’ami sa mBruiséil.

Sheol sin agus leabhar eile, aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal John Steinbeck, Ar Luch agus ar Dhuine. Ócáid mhór a bhí ann, os cionn leathchéad duine i láthair, slua nach bhfeicfeá go minic ag ócáidí den tsórt sin in Éirinn — agus oíche go maidin ann.

Cuid de mhórchuairt idirnáisiúnta Bealach na Spáinneach a bhí san ócáid sin. Bhí an leabhar le seoladh an tseachtain ina dhiaidh sin i Ráth Chairn, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach faoin am ar bhaineamar an fód dúchais amach bhí an eochair á casadh sa nglas. Chuireamar na hócáidí a bhí beartaithe in Éirinn ar athló agus d’fhilleamar abhaile go diomúch.

Cé gur dúnadh na siopaí leabhar ar fud na tíre agus gur tháinig titim thubaisteach ar dhíolachán leabhar, bhí — agus tá — na horduithe idirlín ag teacht isteach go tréan — do Bealach na Spáinneach agus don dá leabhar eile sa triológ sin ach go háirithe.

Agus má scaoiltear an glas ar na siopaí sa bhfómhar in am do mhargadh na Nollag braithim nach mbeidh titim rómhór ar dhíolachán Bealach na Spáinneach.

Nóta dóchais é sin, agus ba mhaith liom nóta eile a chur leis. Le cúig bliana anuas tá ardú leanúnach tagtha ar dhíolachán leabhar, anseo i Leabhar Breac agus, creidim, i dtithe foilsitheoireachta na Gaeilge fré chéile. Go mba leat féin is túisce é.
Tá ag éirí le scríbhneoirí a lucht léitheoireachta féin a mhealladh.

Tá sé sin déanta ag Liam Mac Cóil lena chuid scríbhneoireachta le cúig bliana fichead anuas, agus chuir sé go mór leis sin lena shraith úrscéalta staire. Tá sé déanta ag Diarmuid Johnson lena leabhair siúd — agus súil leis an tríú leabhar sa tsraith i mbliana (chomh luath is a scaoilfear an glas ar an gclólann).

I dtithe foilsitheoireachta eile tá sé á dhéanamh ag Anna Heussaff, ag Alan Titley agus ag Proinsias Mac a’ Bhaird.

Céim thábhachtach i gcothú na litríochta atá sa gcaidreamh sin idir údair is léitheoirí, agus tá páirt mhór ag clubanna leabhar sa gcaidreamh chéanna.

Dar ndóigh, tá páirt an-mhór ag na siopaí leabhar sa bhforbairt sin ar fad agus, cé gur gnách muid ag clamhsán faoin gcaoi a gcaitear le leabhair Ghaeilge sna siopaí leabhar, go míorúilteach, ar bhealach éigin, éiríonn leo roinnt mhaith leabhar a dhíol dúinn — fiú na siopaí sin a mbíonn na leabhair Ghaeilge folaithe ar an tseilf is ísle sa gcúinne is dorcha sa gclúid is faide siar i gcúl an tí iontu (ní ag magadh atá mé, an Nollaig seo caite i nGaillimh chonaic mé seanriadaire ar a dhá ghlúin ar an urlár, i siopa nach n-ainmneoidh mé, agus é cromtha go talamh ag iarraidh an teideal ar dhroim leabhair a léamh).

In ainneoin sin, agus le cabhair mhór ó MeasMedia, comhlacht margaíochta atá fostaithe ag na foilsitheoirí Gaeilge le stocaireacht a dhéanamh sna siopaí ar ár son, tá ag éirí linn tabhairt ar na siopaí is fearr spás níos feiliúnaí a chur ar fáil dúinn agus, thar rud ar bith eile, na leabhair Ghaeilge is fearr díol a athordú.

Ag an bpointe seo, sílim go bhfuil seasamh níos láidre ag foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge ná mar a bhí le fada roimhe seo, agus go bhfuil muid ar hob dul chun cinn mór a dhéanamh.

Ach ag an bpointe seo, freisin, airíonn tithe foilsitheoireachta na Gaeilge uathu na siopaí sin go mór agus beidh praghas le híoc againn ar an dúnadh seo, praghas a bheas fós á íoc againn go tús na bliana seo chugainn (má bhíonn an t-ádh orainn) nó go ceann scaithimh ina dhiaidh sin (mura mbíonn).

Bealach amháin nó bealach eile, níl aon dabht ach go bhfuil cúpla mí dian amach romhainn, agus beidh cabhair ón bhForas uainn nó tiocfaidh deireadh leis an dul chun cinn atá déanta le cúpla bliain anuas agus cuirfear ar gcúl arís muid.

Tá muid dóchasach go bhfaighimid é sin.

Idir an dá linn, léigí leabhar. Deir siad go bhfuil Bealach na Spáinneach go maith.

Faoina bheith beo dúinn, beidh sí á seoladh roimh Nollaig i Ráth Chairn, i mBéal Feirste, i mBaile Áth Cliath agus i gCorcaigh. Tá Ar Luch agus ar Dhuine molta go hard. Agus beidh Éadaoin, an leabhar nua le Diarmuid Johnson, ar fáil sa bhFómhar — agus í sin féin le seoladh sa mBruiséil!

Ní beag sin.

Fág freagra ar 'Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh…'