Craoltóir Gaeltachta i measc bhuaiteoirí ghradaim alumni 2023 Ollscoil na Gaillimhe

Tá Gradam Alumni don Ghaeilge le bronnadh ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc

Craoltóir Gaeltachta i measc bhuaiteoirí ghradaim alumni 2023 Ollscoil na Gaillimhe

Tá Gradam Alumni 2023 de chuid Ollscoil na Gaillimhe buaite ag an gcraoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra.

An Gradam Alumni don Ghaeilge atá le bronnadh ar an gcraoltóir Gaeltachta ar colúnaí le Tuairisc í chomh maith.

Bronnfar na Gradaim Alumni 2023 ar na buaiteoirí i mí an Mheithimh.

Bronntar na gradaim alumni seo ar dhaoine a d’fhreastail ar an ollscoil sa Ghaillimh “a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu” as na gaiscí a dheineadar ina dhiaidh sin.

Is í Máirín Ní Ghadhra an ceathrú bean Ghaeltachta ar bhronn an ollscoil sa Ghaillimh gradam alumni uirthi le cúig bliana.

Bronnadh gradam alumni na Gaeilge ar Phóilín Ní Chiaráin, an t-iriseoir aitheanta as Gaeltacht Mhaigh Eo in 2019.

Bronnadh Gradaim Alumni 2021 ar Áine Ní Chonghaile, an t-údar agus bunaitheoir Europus, agus ar Neansaí Ní Choisdealbha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Máiréad Ní Nuadháin, craoltóir agus colúnaí le Tuairisc, agus Gráinne Seoige ar na mná Gaeltachta eile a fuair gradam alumni ón ollscoil.

Ar na daoine eile a mbronnfar gradam alumni i mbliana orthu, tá na t-iriseoir Ray Burke agus an maorghinearál, Maureen O’Brien

I measc na ndaoine ar bronnadh gradam alumni de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh cheana orthu tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an craoltóir Seán O’Rourke, na polaiteoirí Pat Rabbitte agus Eamonn Gilmore, Máire Whelan a bhí ina hArd-Aighne, an t-imreoir rugbaí Ciarán FitzGerald agus an lúthchleasaí Olive Loughnane.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, go dtugann na Gradaim Alumni aitheantas d’alumni “a dhéanann difríocht dhearfach ar fud an domhain agus atá ina gceannairí ina réimsí roghnaithe”.

Fág freagra ar 'Craoltóir Gaeltachta i measc bhuaiteoirí ghradaim alumni 2023 Ollscoil na Gaillimhe'