Craobh na hÉireann sa Chomórtas Díospóireachta Sóisir agus Sinsir crochta leo ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Chuir cainteoirí óga ábalta a gcuid argóintí meáite i láthair go cumasach cruinn ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain in Áth Luain aréir

Craobh na hÉireann sa Chomórtas Díospóireachta Sóisir agus Sinsir crochta leo ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Foirne na sinsear agus na sóisear ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, a bhuaigh Craobhchomórtais Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2022 in Óstán an Hodson Bay, Áth Luain, aréir. Ó chlé tá foireann na sóisear: Neans Nic Dhonncha, Éabha Ní Choisdealbha agus Caoimhe Ní Chuinn (captaen). Ar dheis tá foireann na sinsear: Ailbhe Ní Mhurchú (captaen), Makayla Ní Chuanaigh agus Aedín Ní Mháille. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Údar mór ceiliúrtha ar an gCeathrú Rua aréir agus dhá chraobh na hÉireann buaite ag foirne díospóireachta Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gComórtas Uí Chadhain Gael Linn.

Tráthnóna aréir in Óstán an Hodson Bay in Áth Luain a reáchtáladh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.

Ceithre fhoireann a bhí páirteach ag leibhéal na sóisear agus ceithre fhoireann ag leibhéal na sinsear.

Ba iad Coláiste Pobail Ráth Chairn, Coláiste Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua na foirne sóisir a bhí ag plé rún tráthúil na bliana seo – ‘Ba cheart dúinn ár gcuid laethanta saoire a chaitheamh in Éirinn in 2022’.

Dháréag cainteoirí óga cumasacha a chuir a gcuid argóintí meáite inár láthair go cumasach cruinn agus iad faoi chathaoirleacht Emer Ní Chonaola ó TG4, a bhí tráth ina mbróga sa gcomórtas céanna.

Thug an moltóirí ardmholadh do na cainteoirí paiteanta go léir as an “ardú croí” a thug siad dóibh as a líofacht agus a gcumas. Scoil Chuimsitheach Chiaráin a thug leo an chraobh agus iad ag moladh dúinn ár n-aghaidh a thabhairt thar farraige sall tar éis a bheith sáinnithe ar an oileán beag seo le dhá bhliain agus a ndóthain go maith acu den Atlantach Fhiáin.

‘Tá éacht déanta ag Teilifís RTÉ le 60 bliain anuas’ a bhí le plé ag na sinsir agus ceithre fhoireann a thug faoin dúshlán díospóireachta seo – Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Pobail Ráth Chairn.

Is léir go bhfuil dháréag Gaeilgeoirí cumasacha lán muiníne againn atá breá ábalta ar an taighde agus toradh an taighde sin a chur in iúl go soiléir don lucht féachana a bhí san halla nó ag breathnú orthu ar YouTube Gael Linn.

Is mairg a déarfadh nach spéis leis an dream óg an teilifís níos mó agus is maith ab fhiú do Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ, cluas a thabhairt don dream óg seo.

Seans gur astu seo a thiocfaidh an chéad ghlúin eile abhcóidí, iriseoirí, feachtasóirí agus ceannairí pobail. Ba mhór an chreidiúint dóibh féin agus dá gcuid múinteoirí a bheith i gCraobh Díospóireachta na hÉireann i mbliana d’ainneoin a chráite agus a shrianta a bhí saol na scoile agus na ndéagóirí ó tháinig an phaindéim ina mbealach.

Chinn na moltóirí gurb iad triúr cainteoirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin – Michaela Ní Chuanaigh, Ailbhe Ní Mhurchú agus Aedín Ní Mháille – a thuill Craobh na hÉireann agus thug an scoil léi an dá chorn siar go Conamara.

Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann sa Chomórtas Díospóireachta Sóisir agus Sinsir crochta leo ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua'

  • Nóirín Ní Chonghaile

    Comhghairdeachas libh agus le bhur múinteoir. Éacht an dá chraobh a thabhairt libh. Chomh bródúil as SCC!

  • Micheál Ó Máille

    Comhghairdeachas leis an Scoil Chuimhsitheach , bhí sibh ar fheabhas ar fad. Moladh mór millteacht ag dul don sármhúinteoir a bhí acu, Máirín Sonny Ní Dhomhnaill .

  • Cáit Ní Fhágáin

    Iontach, maith sibh uilig

  • An Teanga Bheo

    Mná na h Eireann maith sibh beir bua