Mura bhfuil mé ag dul amú rinne mé beagán cur síos cheana ar an mbaint a bhí ag Conradh na Gaeilge le bunú agus scaipeadh na camógaíochta ag tús an chéid seo caite.
Ollamh in Ollscoil Chorcaí, Tadhg Ó Donnchadha (‘Tórna’) a cheap an cluiche. Orthu siúd a chuidigh leis ag leagan amach na rialacha bhí Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Máire Ní Chinnéide, Seán Ua Ceallaigh (‘Sceilg’), a bheadh ina Aire Rialtais ina dhiaidh sin, agus Séamus Ó Braonáin a bhuaigh Craobhacha Peile na hÉireann le hÁth Cliath agus a bhí ina cheannasaí ar Raidió Éireann idir 1940-1947.
Ag Feis na hUaimhe, taca an ama seo i 1904 a imríodh an chéad chluiche oifigiúil. Foirne as Craobh an Chéitinnigh agus cumann Chúchulainn a chuaigh chun páirce. Fós bhí beagnach 30 bliain eile caite sular facthas oiread eagair ar an spórt agus a cheadódh dóibh Cluiche Ceannais na hÉireann a imirt.
Ar Pháirc an Spóirt i gCathair na Gaillimhe a facthas an cluiche inar bhuaigh Áth Cliath ar mhná an chontae sin, 3-2 in aghaidh 0-2. As sin go dtáinig 1944 ba acusan (seacht n-uaire) nó ag Corcaigh (sé cinn) a bhí seilbh ar Chorn Uí Dhufaigh, corn a mbeidh Corcaigh arís sa tóir air i bPáirc an Chrócaigh inniu.
Cosán achrannach go leor a shiúil lucht na camógaíochta agus Craobh na hÉireann bunaithe acu – chaitheadar cuid de na 1930idí agus tamall sna 1940idí idir a bheith scoilte agus ar thóir réitigh.
Ábhar amháin a tharraing deighilt ina measc ab ea an bac a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael ar a gcuid ball ‘Cluichí Gallda’ a imirt. Le cearta i bhfad níos bunúsaí i saol an duine a bhain an dara ceann, a dtagróidh mé dó ar baillín.
Thart ar an am ar tosaíodh ag forbairt na camógaíochta a tháinig an ‘Bac’ nó Riail 27 i bhfeidhm. Mhair sé 70 bliain nach mór agus bhí Cumann Lúthchleas Gael chomh diongbháilte sin ina thaobh agus gur dhíbir siad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, amach as an eagraíocht siocair gur fhreastail sé ar chluiche sacair i mí na Samhna 1939.
Níos túisce an bhliain chéanna sin bhí iarracht déanta ag cuid de mhná na camógaíochta deireadh a chur leis an mBac. Ag Comhdháil Bhliantúil an Chumainn Camógaíochta sé mhí sular thit eachtra de hÍde amach, glacadh le rún a d’iarr sin. Sa bplé a bhí déanta ar an ábhar sna seachtainí sular tionóladh an cruinniú bhí ionadaithe Chúige Uladh go láidir i gcoinne an rúin. Nuair a tháinig an lá shocraigh siad gan freastal beag ná mór ar an gcomhdháil. Ina áit sin chuireadar isteach litir ag cur in iúl go rabhadar ag fágáil na heagraíochta.
Mar a dúirt an té a dúirt, an sean-nós Gaelach, ‘Scoilt in áit na scuaibe’!
Sé bliana roimhe sin, ó dheas i gCorcaigh, tharla díospóireacht den chineál céanna ag cruinniú de Choiste Camógaíochta an chontae sin. Díol suime go mba ar son Riail 27 a choinneáil a bhí formhór na bhfear a bhí i láthair – tromlach na mban ina choinne.
De réir chleachtais na linne ba mhinice ná a mhalairt go mba fir iad oifigigh an Chumainn agus go féiltiúil iadsan tiomanta dó gan aon mhaolú a dhéanamh ar an gceangal a bhí idir CLG, an cultúr agus an náisiúnachas.
Teasaí go maith a bhí an díospóireacht ag an gcruinniú údaí i gCorcaigh, go háirithe tar éis don Chathaoireach bagairt a dhéanamh nach mbeadh páirceanna agus áiseanna CLG ar fáil don chamógaíocht dá nglacfaí leis an rún agus thug cuid de na mná a bhí i láthair faoi go láidir agus go hoscailte.
I ndeireadh dála ní raibh ag an gCathaoirleach ach dul i mbun gnásanna maorlathacha lena gcur ó dhoras.
Uaidh sin ar fad is léir gurbh í an imirt a shantaigh na himreoirí agus na mná eile a bhí sáite sa gcluiche. Ní gan údar a cheapadar nach raibh an t-aitheantas ceart á fháil acu agus níor ghlac sé i bhfad orthu sin a chur in iúl.
Sa mbliain 1935 shocraigh an Cumann Camógaíochta gur ag teachtaí ban amháin a bheadh cead freastal ar an gComhdháil Bhliantúil as sin amach – níor cuireadh aon srian ar fhir a bheith ar choistí contae ná cúige. An bhliain dár gcionn socraíodh gur réiteoirí ban amháin a bheadh i mbun na feadóige ag a gcuid cluichí.
Sa bhfadtéarma ba í an teip a bhí i ndán dá gcuid iarrachtaí sa réimse sin. Ba mhór idir saol na 1930idí in Éirinn agus saol an lae inniu. Ní raibh an oiread céanna ama saor ag mná agus ní raibh siad baol ar chomh neamhspleách ó thaobh an airgid. Dar ndóigh raibh an fhorbairt chéanna ar na córais taistil ná cumarsáide ach an oiread.
Níorbh fhada go raibh fir ar ais i mbun riaracháin in athuair.
Léiriú ar shaol an ama is ea gur mhinic bac imeartha ar mhná pósta i gclubanna camógaíochta go leor. Mheasfá gur mó d’éagóir a bhí ansin ná an bac ar chluichí gallda, ach ní cosúil gur tharraing sé an oiread céanna cainte.
Is in alt de chuid Dhiarmuid Uí Dhonnabháin dar teideal ‘Íde Bean Uí Shé, Cork Camogie’s Feminist Influencer’, a foilsíodh sa Studies in Arts and Humanities Journal, Eagrán 01/2021, a tháinig mé ar chuid den eolas atá anseo)
Fág freagra ar 'Cosán achrannach go leor a shiúil ceannródaithe na camógaíochta '