Cosaint déanta ag RTÉ RnaG ar agallamh le príosúnach a ciontaíodh as dúnmharú oifigeach de chuid an PSNI

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí aontachtacha ar agallamh a rinne Brendan McConville ar an bhfón ó phríosún Mhaigh gCabraí

Cosaint déanta ag RTÉ RnaG ar agallamh le príosúnach a ciontaíodh as dúnmharú oifigeach de chuid an PSNI

Tá cosaint déanta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar agallamh a craoladh ar an stáisiún le príosúnach a ciontaíodh as dúnmharú Stephen Carroll, oifigeach de chuid an PSNI,  in 2009.

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí aontachtacha ar chinneadh RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-agallamh, a rinne Brendan McConville ar an bhfón ó phríosún Mhaigh gCabraí, a chraoladh.

Craoladh an t-agallamh ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn.

Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP Gregory Campbell nár cheart go ndéanfadh aon duine a bhí ciontaithe as coir thromchúiseach dul i mbun ‘achomhairc sna meáin’.

“Ní triail ar na meáin é seo. Ní féidir cúirt dlí a dhéanamh de na haerthonnta. Is dúnmharfóir an fear seo a ciontaíodh de réir an dlí,” a dúirt Campbell.

Dúirt Doug Beattie, MLA de chuid an UUP go raibh “alltacht” air go gcraolfaí agallamh le príosúnach a bhí ciontaithe as dúnmharú.

“Tá sé dochreidte go mbeadh fear a ciontaíodh as dúnmharú agus ar gearradh pianbhreith air agus teacht anois aige go saoráideach agus go hoscailte ar na meáin i ndlínse eile chun a chlár oibre féin a bhrú chun cinn.

“An gcraolfaidís agallamh le mangaire drugaí nó péidifileach?”

Dúirt Beattie go raibh “ceist thromchúiseach slándála” ann faoin agallamh agus go raibh ceisteanna le freagairt ag an Roinn Dlí faoin scéal.

I ráiteas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúradh gur cuireadh faoi agallamh Brendan McConville toisc go bhfuil a chás á athbhreithniú faoi láthair ag an gCoimisiún um Athbhreithniú ar Chásanna Coiriúla (CCRC).

“Trí idirghabhálaí atá gníomhach san fheachtas chun athbhreithniú a dhéanamh ar chás Brendan [Justice for the Craigavon Two] a eagraíodh an t-agallamh.

“Ar an nguthán a rinneadh an t-agallamh nár phléigh ach athbhreithniú a cháis. Bhí ráiteas ar an gclár ón CCRC i dtaca leis an eolas is déanaí faoin athbhreithniú,” a dúradh i ráiteas RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mhaígh Brendan McConville san agallamh go raibh locht ar an gcás inar ciontaíodh é as dúnmharú.

Cháin Paul Frew, MLA de chuid an DUP, an t-agallamh chomh maith.

“An rud a ritheann liomsa ná cé chomh mífhreagrach is a bhí RTÉ sa chás seo.

“Cuir mar seo é, dá ndúnmharófaí  Garda cróga go brúidiúil agus é amuigh ag freagairt glaoch 999, an gcraolfadh RTÉ agallamh leis an té a mharaigh é?,” a dúirt Paul Frew.

Dúirt sé go ngoillfeadh an t-agallamh go mór ar mhuintir Stephen Carroll.

Ciontaíodh Brendan McConville agus John Paul Wootton in 2012 i ndúnmharú an Chonstábla Stephen Carroll. Téarma 25 bliain ar a laghad a chuaigh ar McConville.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag RTÉ RnaG ar agallamh le príosúnach a ciontaíodh as dúnmharú oifigeach de chuid an PSNI'

  • Seán Mac Gearailt

    Tá an cat as an mála i ndáiríre anois . Bionn Gregory Campbell ag éisteacht go rúnda le RnaG gach maidin agus a yogurt á ithe aige.