Cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar an gcinneadh deireadh a chur le Seo Spóirt

Deir Alan Esslemont gur ‘clár iontach’ a bhí sa chlár irise a bhíodh á chur i láthair ag iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide, ach nár luigh múnla an chláir le chur chuige nua an stáisiúin

Cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar an gcinneadh deireadh a chur le Seo Spóirt

Tá cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar an gcinneadh conspóideach deireadh a chur níos luaithe i mbliana leis an gclár irise Seo Spóirt.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais tráthnóna inné, dúirt an tArd-Stiúrthóir gurb é féin a rinne an cinneadh a chothaigh conspóid mhór.

Dúirt Esslemont gur “clár iontach” a bhí sa chlár irise spóirt, ach nár luigh sé lena chur chuige nua don stáisiún agus go mb’fhearr leis go mbeadh cláir TG4 “amuigh ar an láthair” seachas “ar an gcouch le fir den chuid is mó”.

Agus ceist faoin “míshástacht” a spreag an cinneadh deireadh a chur leis an gclár á freagairt aige, dúirt Esslemont nach raibh lucht féachana Seo Spóirt “chomh mór sin” i gcomparáid le cláir spóirt eile ar TG4 agus gur thosaigh na figiúirí féachana “ag dul an bealach eile” nuair ba mhó a bhí an clár i mbéal an phobail toisc deireadh a bheith á chur leis. Dúirt sé, áfach, nach raibh aon bhaint ag figiúirí féachana leis an gcinneadh.

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Ó Muineacháin, d’Ard-Stiúrthóir TG4 an raibh an baol ann go raibh an cinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt “ag teacht salach” ar mhian TG4 freastal ar phobal na Gaeilge agus an Bhéarla araon.

Dúirt Esslemont go mbíonn teannas i gcónaí i gceist leis an gcur chuige ‘twin pole’ sin, ach go raibh sé sásta go raibh ag éirí le TG4 an dá thrá a fhreastal.

Ní mó ná sásta a bhí daoine le cinneadh TG4 deireadh a chur le Seó Spóirt, agus leithéidí Chiaráin Kilkenny, imreoir All-Star de chuid Bhaile Átha Cliath, ina measc siúd ar chuir an cinneadh díomá agus alltacht orthu. 

Deineadh cáineadh géar ar an gcinneadh ar na meáin shóisialta.

Cuireadh deireadh i mbliana le formhór na gclár stiúideo a chraoltaí ar TG4, ina meas Comhrá le Máirtín Tom Sheáinín, Béaloideas Beo agus Róisín

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar an gcinneadh deireadh a chur le Seo Spóirt'

  • Frainc

    Nach bhfuil ré lóchrann seo an mhadáin sa chúinne rite… in ainneoin a deir Donald Clarke san IT níl aon todhchaí ann don bhosca sin agus níl sé ag teastáil ó dhaoine. Na fógraí a mhilleann é domsa agus an truflais a bhíonn mar chuid súl ann. Más fonn liom m#aigne a chur chun suain …tá bealaí eile níos suimiúla ann.

  • Frainc

    an raidió abú…gura fada buan tú SBB!