Ciarán Kilkenny ina measc siúd atá ‘croíbhriste’ faoin gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt

Tá idir dhíomá agus alltacht á léiriú ag daoine ar na meáin shóisialta faoin gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt TG4

Ciarán Kilkenny ina measc siúd atá ‘croíbhriste’ faoin gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt

Ní mó ná sásta atá daoine le cinneadh TG4 deireadh a chur leis an gclár Seó Spóirt, agus leithéidí Ciarán Kilkenny, imreoir All-Star de chuid Bhaile Átha Cliath, ina measc siúd a bhfuil díomá agus alltacht orthu. 

Is léir go ndeachaigh an scéal go raibh deireadh á chur leis an tsraith spóirt i bhfeidhm go mór ar lucht leanta an chláir agus ualach tráchtanna fágtha ag daoine ar na meáin shóisialta ag easaontú leis an gcinneadh.

Dúirt Ciarán Kilkenny go raibh sé croíbhriste ag an scéal agus mhaígh sé gur mór ag Béarlóirí agus Gaeilgeoirí araon cur chuige “géarchúiseach” an chláir atá á chraoladh le 11 bliain anuas.

Bhí gach duine a nocht tuairim faoin scéal ar na meáin shóisialta ar aon intinn le himreoir Bhaile Átha Cliath gur droch-chinneadh a bhí ann.

Is mar chuid den athstruchtúrú atá ar bun ag Ard-Stiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, a rinneadh an cinneadh fáil réidh leis an gclár agus le cláir cainte eile a chraoltar ar stáisiún Bhaile na hAbhann.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie tráthnóna nach bhfuil aon rud le rá ag an stáisiún faoin scéal faoi láthair.

Craolfar an clár deireanach de chuid Seó Spóirt i mí Aibreáin.

I measc na n-imreoirí eile a raibh díomá orthu faoin scéal bhí Cathal McCarron as Tír Eoghain agus Marc Ó Sé, iar-imreoir de chuid Chiarraí.

Chuir an scéal iontas freisin ar iriseoirí aitheanta.

Cháin go leor daoine eile an cinneadh agus ardmholadh acu do chaighdeán an chláir.