CORN MHIC GIOBÚIN: Ní leis na réalta a bhíonn an lá i gcónaí

Tá cluichí leathcheannais Chorn Mhic Giobúin ar siúl inniu agus beidh an cluiche ceannais ar siúl amárach. Cé a thabharfaidh an lá leo?

CORN MHIC GIOBÚIN: Ní leis na réalta a bhíonn an lá i gcónaí

Michael Mullins as an nGort le James Fitzpatrick. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Thugas sciurd tapa ar na ceannteidil ar Twitter tamall ó shin agus tháinig mé ar an bhfoireann a bhí ainmnithe d’Ollscoil Luimnigh don chluiche ceathrú ceannais a bhí á imirt acu an tráthnóna sin i gcoinne Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.

Thugas suntas ar leith d’ainm amháin – Michael Mullins as an nGort sa Ghaillimh.

‘Cén fáth?’ a deir tú.

Bhuel, bhí sé ar an gclár mar lántosach ar fhoireann Luimnigh.

‘Agus …?’ a deir tú.

Bhuel léas ainmneacha na bhfear ionaid ansin agus ina measc bhí imreoirí sinsir idirchontae, leithéidí Ronan Lynch , Gearóid Hegarty agus Barry Nash ó Luimneach agus Bobby Duggan an Chláir .

‘Agus…?’

Bhuel, i measc  na ndaoine eile a bhí ainmnithe sna tosaithe bhí imreoirí den scoth – Tom Morrissey ,Tony Kelly, Jason Forde, Stephen Bennett agus John McGrath.

‘Agus…?’

Bhuel bhíos ag ceapadh, ‘caithfidh go bhfuil Michael Mullins ar fheabhas ar fad, é i measc na réalta agus áit ar an bhfoireann aige leis na himreoirí iontacha sin ar fad gan trácht ar na himreoirí iontacha atá ar an mbinse’.

An dara rud a rith liom ná conas a d’fhéadfadh aon Choláiste eile buachan ar fhoireann chomh láidir le foireann Ollscoil Luimnigh.

Dar ndóigh, níor thosaigh an fhoireann ar fad a bhí ainmnithe ar an gclár ach thosaigh an chuid is mó díobh agus, creid é nó ná creid, chaill siad an cluiche!  

Tá tús áite i saol na hiomána an deireadh seachtaine seo ag Corn Mhic Giobúin agus cluiche leathcheannais na gClub idir Sleacht Néill agus Cuala. 

Tá príomhchorn na gColáistí tríú leibhéal ainmnithe i ndiaidh an Dochtúra Mhic Giobúin a bhí ina Chaipisíneach agus ina léachtóir le Fealsúnacht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 1911 go dtí 1936. Deirtear gur chaith sé an chuid is mó den tuarastal a thuill sé i 1912 ar an gcorn luachmhar a cheannach.

An chéad tríocha bliain bhíodh  UCC agus UCD go mór in uachtar sa chomórtas. Bhuaigh Ollscoil na Banríona Bhéal Feiriste é uair amháin siar sna caogaidí freisin. Ó thosach an chéid seo, tá sé buaite ag cuid mhaith coláistí agus, dar ndóigh, Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach atá ina seaimpíní faoi láthair. Agus beidh siad ann arís inniu i gcoinne a gcomharsan, Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Sa chluiche leathcheannais eile beidh UCC agus IT Cheatharlach á fhéachaint lena chéile . 

Ó lár mhí Eanáir tá cluichí á n-imirt sa chomórtas seo agus anois níl fágtha anois ach an ceithre fhoireann. Bíonn caighdeán na gcluichí an-ard agus scoth na n-imreoirí ag imirt, dar ndóigh. Déanann siad diantraenáil agus is údar mór bróid bonn Mhic Giobún acu siúd a bhuaigh a leithéid thar na blianta.

Mar sin bí cinnte de go mbeidh díocas in imirt na bhfoirne sna cluichí um thráthnóna.

Amárach, dar ndóigh, imreofar an cluiche ceannais. Cé a bheidh ann? Bhuel, chonaic mé UCC ag imirt cúpla uair i mbliana agus ar an gcéadfhéachaint déarfá gurb iadsan is láidre. Ach níor thaispeáin siad an mianach atá iontu fós. Rinne IT Cheatharlach éacht sa chluiche deireanach a bhí acu, ach an mbeidh siad ábalta an beart a dhéanamh arís? Sin í an cheist.

Ní dóigh liom go bhfuil faic idir na foirne eile. Tá a chumas á léiriú athuair ag bainisteoir LIT Davy FitzGerald le foireann Loch Garman. Seans go leanfaidh sé air ag buachan inniu ach go dteipfidh air amárach i gcoinne bhuachaillí Chorcaí.

Ná ceapaigí anois go bhfuilimse claonta.